Méid an Téacs

Cinneadh Tromchúiseach an Aire Oideachais do Thodhchaí Na nGaelscoileanna Agus Caomhnú Na Teanga

Bealtaine 14, 2007

Ábhar uafáis agus alltachta é do GAELSCOILEANNA TEO. agus do gaelscoileanna na tíre seo cinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta a léamh sna meáin inniu, 14 Bealtaine 2007 i dtaobh cleachtais an tumoideachais i ngaelscoileanna na tíre seo. Is é an cinneadh tromchúiseach atá á ghlacadh ag an Aire ná go gcuirfear iallach ar na gaelscoileanna teagasc an Bhéarla a thosú go foirmeálta ar a dhéanaí ag tús an dara théarma sna naíonáin shóisearacha. I bhfocail an Ardfheidhmeannaigh, Bláthnaid ní Ghréacháin, "Gníomh éigríonna a bheadh sa chinneadh seo, nach bhfuil aon bhunús oideachasúil, saineolach ná teangeolaíoch leis".

Ar iarratas an Aire, chuir an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) próiseas comhairliúcháin poiblí i bhfeidhm faoi fhorbairt teanga agus forbairt litearthachta i mbunscoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán. Mar thoradh an phróisis, lena raibh taighde saineolach ar chleachtas an tumoideachais go hidirnáisiúnta mar bhunús, cuireadh ceithre mhúnla faoi bhráid an Aire mí Eanáir 2007, bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta d’fhonn polasaí na hearnála tumoideachais a fhorbairt.

Dealraítear go ndéanann an cinneadh seo neamhaird den saineolas idirnáisiúnta, de chomhairle an CNCM, de chomhairle agus aighneachtaí na mórimreoirí oideachais agus Gaeilge agus de thorthaí an taighde agus aighneachtaí a bailíodh go forleathan ó scoileanna agus ó thuismitheoirí na tíre seo. Anuas ar sin, tagann an cinneadh seo salach ar pholasaí an Stáit i dtaobh caomhnú na teanga sa mhéid is go gcuireann sé bac ar an modh is rathúla chur chun cinn na teanga sa tír seo, sé sin cleachtas an chórais tumoideachais iomlán. Aithnítear sa taighde agus sa chleachtas gurb é an córas tumoideachais iomlán an córas is éifeachtúla do shealbhú an dara theanga. Is léir nár tugadh aitheantas ná nár léiríodh aon tuiscint ar an mbúnus ná ar an riachtanas a bhaineann leis na moltaí a leagadh amach i dtuairisc an CNCM agus in aighneachtaí na bpáirtithe oideachais agus na scoileanna i gcoitinne. Níl aon bhunús eolaíoch, acadúil ná údarásach ag an gcinneadh seo in éagmais treoirlínte ar dhea-chleachtas agus in éagmais taighde dúchasach.

Deir Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin, " Tá i gceist leis an gcinneadh seo deireadh a chur leis an gcóras luath-tumoideachais in Éirinn. Níl aon fhianaise ann nach bhfuil ag éirí leis an gcóras. Níl aon fhianaise ann ach an oiread go bhfuil páistí na ngaelscoileanna chun deiridh ó thaobh inniúlacht sa Bhéarla faoin am a sroicheann siad na hardranganna. A mhalairt d’fhianaise atá ann. Ábhar díomá agus ionadh é an cinneadh seo agus céim siar seachas céim chun tosaigh d’earnáil an ghaeloideachais ina iomláine agus do chaomhnú na Gaeilge mar pholasaí Stáit."

Ní ghlacann agus ní ghlacfaidh GAELSCOILEANNA TEO. le haon chinneadh a bheas chun dochair an chórais tumoideachais ina iomláine agus leanfar leis an stocaireacht ar an Rialtas agus na páirtithe polaitiúla ar fad go dtí go dtugtar an t-aitheantas ceart do thorthaí phróisis an CNCM. Éilímid ar an Aire gan an ciorclán atá beartaithe a eisiúint agus go gcuirfí moltaí an CNCM i bhfeidhm láithreach agus go leanfaí le dea-obair an CNCM i bhforbairt treoirlínte ar dhea-chleachtas an tumoideachais.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lánGhaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil faoi láthair. Tá 5 bhunscoil lán-Ghaeilge ag oscailt Meán Fómhair 2007 móide 4 iarbhunscoil nua.

Tuilleadh eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin 086 8050335

Mícheál Ó Broin 087-9467700

eolas@gaelscoileanna.ie

CRÍOCH

Feachtas Náisiúnta Olltoghcháin Gaelscoileanna Teo

Bealtaine 3, 2007

CÓIRÍOCHT CHÓIR ANOIS! – AG ÉILEAMH RÉITEACH BUAN

Sheol GAELSCOILEANNA TEO. Feachtas Náisiúnta Olltoghcháin inniu – CÓIRÍOCHT CHÓIR ANOIS! – AG ÉILEAMH RÉITEACH BUAN’ ag freagairt do pholasaí na heagraíochta ar son réitigh a éileamh ar dhrochstaid cóiríochta scoileanna lán-Ghaeilge na tíre seo, ach go háirithe ag an mbunleibhéal. Tarraingaíonn an feachtas aird na bpolaiteoirí, na bpáirtithe agus an Rialtais ar an ngéarchéim chóiríochta atá ar siúl i scoileanna Lán-Ghaeilge na tíre seo le blianta fada anuas.

Tá fás agus forbairt leanúnach ag teacht ar líon na scoileanna lán-Ghaeilge le breis agus 30 bliain anuas ach tá líon na scoileanna atá ag fanacht ar chóiríocht bhuan ag méadú seachas ag ísliú. Ag seoladh an fheachtais, dúirt Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin, gur "Dúshlán gan sárú go fóill san earnáil í géarchéim na cóiríochta ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal. Is beag dul chun cinn atá déanta san earnáil faoin gceist seo agus meabhraíonn an feachtas don Rialtas a fhreagracht i leith córais oiriúnach comhaontaithe a chur i bhfeidhm chun leasa páistí na tíre seo."

Léiríonn na fíricí:-

Ø Go bhfuil 53% de scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal (131 scoil sa 26 contae) fós gan chóiríocht bhuan, is ionann sin agus iomlán de 69 scoil

Ø I measc an 29 scoil a bunaíodh ó 1998 i leith, níl aon cheann acu i gcóiríocht bhuan

Ø I measc an 58 scoil a bunaíodh ó 1994, tá 52 acu sin fós gan cóiríocht bhuan.

40 scoil ag fanacht 10 mbliain ar a laghad ar chóiríocht bhuan agus tá 9 scoil ag fanacht 20 bliain nó níos mó.

Sonraítear príomhthorthaí an taighde sa phacáiste eolais atá seolta mar chuid den fheachtas, agus leagtar amach réitigh éilithe ar staid an chórais cóiríochta reatha. Ina theannta, eisíodh cáipéis ar phríomhéilimh na heagraíochta ar an Rialtas ar son córais gaelscolaíochta feabhsaithe.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair ar bhonn 32 contae. Tá 5 bhunscoil lán-Ghaeilge ag oscailt Meán Fómhair 2007 móide 4 iarbhunscoil nua.

Tuilleadh Eolais:

Mícheál Ó Broin, Uachtarán 087-9467700

Oifig GAELSCOILEANNA TEO. 01 4773155

Críoch

 

PRÍOMHTHORTHAÍ SUNTASACHA Ó THORTHAÍ TAIGHDE GAELSCOILEANNA TEO., 2007

(Bhí 93% (122 scoil)mar ráta freagartha ar an gceistneoir a d’fhiosraigh staid na cóiríochta sna 131 bunscoil lán-Ghaeilge sna 26 contae, taobh amuigh den Ghaeltacht.)

CÚLRA

Géarchéim leanúnach

Tá géarchéim chóiríochta in earnáil na gaelscolaíochta go leanúnach le blianta anuas. Tá líon na scoileanna atá fós ag feitheamh ar chóiríocht oiriúnach ag méadú seachas ag ísliú. Níl sé inghlactha go bhfuil sé de chúram ar thuismitheoirí dul i mbun tiomsaithe airgid chun cur le ranníocaíochtaí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta i dtreo cíosa. Tugadh aitheantas don ghéarchéim seo i gClár an Rialtais, 2002:

"Beifear ag glacadh le hathbhreithniú cuimsitheach ar riachtanais na ngaelscoileanna agus na scoileanna go léir sa Ghaeltacht. Mar chuid d’obair na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, beifear ag déanamh athbhreithniú ar staid na bhfoirgneamh go léir atá na scoileanna seo ag úsáid agus beimid ag cur cl&;aacute;r i gcrích chun a bheith cinnte go bhfuil siad oiriúnach de réir an chaighdeán".

Faraor, is beag an dul chun cinn atá déanta ar an gceist phráinneach seo. Ón méid atá bainte amach, ní leor é in aon chor. Is léir go bhfuil ag teip ar an gcóras chun tabhairt faoin bhfadhb. Is gá go ndéanfaidh an Rialtas tosaíocht den cheist, faoi mar a bhí geallta. Caithfear deireadh a chur leis na socraithe sealadacha mí-oiriúnacha agus gníomhú a éileamh ón Roinn ar thimpeallacht sláintiúil foghlama a bheith ar fáil dár ndaltaí.

CÓIRÍOCHT BHUAN AGUS NA FÍRICÍ

53% de ghaelscoileanna gan cóiríocht bhuan.

Tá 131 bunscoil lán-Ghaeilge sna 26 contae (níl an 5 bhunscoil nua a bheith ag oscailt Meán Fómhair 2007 san áireamh sa bhfigiúr seo). Faoi láthair tá 69 scoil i gcóiríocht shealadach, sin 53%.

I measc an 29 scoil a bunaíodh ó 1998 i leith níl aon cheann acu i gcóiríocht bhuan go fóill.

I measc an 58 scoil a bunaíodh ó 1994 tá 52 acu sin fós gan cóiríocht bhuan, a chuimsíonn 90% den iomlán sa tréimhse seo.

Bunaíodh 104 scoil idir 1983 agus 2006. Tá 69 scoil, sin 66%, gan cóiríocht bhuan. As seo:-

• 34 scoil bunaithe idir 1983 agus 1989 – 10 scoil gan cóiríocht bhuan – 29%.

• 51 scoil bunaithe idir 1990 agus 1999 – 40 scoil gan cóiríocht bhuan – 78%.

• 19 scoil bunaithe idir 2000 agus 2006 – 19 scoil gan cóiríocht bhuan – 100%

Tá 40 scoil ag fanacht 10 mbliain ar a laghad ar chóiríocht bhuan agus 9 gcinn astu sin ag fanacht 20 bliain nó níos mó.

 

OIRIÚNACHT NA CÓIRÍOCHTA

59% de ghaelscoileanna i gcóiríocht nach bhfuil oiriúnach.

Luaigh 59% de na bunscoileanna a d’fhreagair nach bhfuil an chóiríocht atá ag an scoil oiriúnach, bíodh sé buan nó sealadach.

I measc na gcúiseanna a sonraíodh do mhí-oiriúnacht na cóiríochta áirítear :-

Seomraí Réamhdhéanta

· Tá 22 scoil ag brath go hiomlán ar sheomraí réamhdhéanta

· Tá 25 scoil eile ag baint úsáide as seomraí réamhdhéanta

Sean-Fhoirgnimh
– mar shampla i sean-thrádstóras, sean-ospidéal eitinne, srl. agus na deacrachtaí gaolmhara – ar a n-áirítear costais arda teasa, fuinneoga nach n-osclaíonn, poll sa díon/san urlár, tais.

Comhroinnt Spáis
Ag comhroinnt spáis le club spóirt agus na deacrachtaí gaolmhara a chuimsíonn stóráil fearais agus easpa príobháideachais
Gan dóthain leithris do dhaltaí ná do mhúinteoirí

Easnaimh sna Scoileanna

· 49 (40%) scoil nach bhfuil halla acu nó halla oiriúnach

· 33 (27%) scoil gann ar spás agus ar seomraí ranga féin

· 13 (11%) scoil nach bhfuil deis forbartha fisiciúil acu agus mar sin nach féidir freastal ar an éileamh ar áiteanna

· 23 (19%) scoil nach bhfuil seomra foirne acu nó seomra foirne mí-oiriúnach

· 19 (16%) scoil nach bhfuil seomra tacaíocht foghlamtha acu nó seomra tacaíocht foghlamtha oiriúnach

· 18 (15%) scoil nach bhfuil clós acu nó clós oiriúnach

· 9 (7.5%) scoil nach bhfuil seomra acmhainne acu.

Bun-áiseanna eile in easnamh:

· oifig,

· páirc imeartha,

· spás stórála,

Samplaí d’easnaimh sna scoileanna:

· Halla, seomra foirne, seomra riachtanais speisialta agus áit stórála

· Halla, seomra tacaíocht foghlamtha, spás stórála agus oifig cheart

· Cé go bhfuil an-éileamh ar an scoil, ní féidir leo aon gheallúint a thabhairt do thuistmitheoirí. Faoi láthair tá siad gann ar halla, seomra foirne agus áit stórála

· Leithreas amháin idir 100 páiste, ag roinnt spáis le Club Peile agus ag baint úsáide as seomraí réamhdhéanta. 11 bliain ag feitheamh ar scéal ón Roinn

· Ag brath go hiomlán ar sheomraí réamhdhéanta atá i ndrochchuí ar fad. Tá suíomh aitheanta le 5 bliain anuas ach níl aon dul chun cinn tar éis tarlú.

Luaigh 3 scoil atá i gcóiríocht shealadach nach bhfuil aon chinnteacht acu don bhliain scoile seo chugainn ó thaobh suímh de.

 

FADHBANNA SLÁNDÁLA :

13% de ghaelscoileanna buartha faoi fhadhbanna slándála.

Luaigh 16 (13%) scoil go bhfuil fadhbanna slándála sa scoil. Cuimsíonn samplaí:

poll sa díon agus san urlár, uisce ag sileadh isteach, fadhbanna le teas agus leictreachas, fadhbanna le francaigh, seomraí ar fad thuas staighre, an clós páirceála in úsáid mar chlós imeartha srl.

CÍOS NA SCOILEANNA (scoileanna gan cóiríocht bhuan)

Os cionn €4,500,000 in aghaidh na bliana caite ar chíos

D’fhreagair 58 bunscoil an cheist a bhain le cíos a íoc – agus soiléiríodh go bhfuil €4,500,000 á íoc ag na scoileanna seo in aghaidh na bliana.

ÁR nÉILIMH

Tá líon beag den 69 scoil gan chóiríocht bhuan ar liosta tógála na Roinne faoi láthair ach is gá gníomhú go práinneach chun scannal na scoileanna atá ag feitheamh le fada ar chóiríocht bhuan a chur ina cheart, mar sin éilímid:

• go dtabharfaí tosaíocht do ghéarchéim staid na cóiríochta i scoileanna le haitheantas buan atá i gcóiríocht shealadach laistigh den Rannóg Pleanála sa Roinn.

Glacann Gaelscoileanna Teo. leis go mbíonn ar scoileanna tús a chur leis an bhfás i gcóiríocht shealadach ach ba chóir go gciallódh ‘sealadach’ sealadach, mar sin éilímid:

• go mbeidh pleanáil réamhghníomhach ann do sholáthar suíomhanna trí struchtúr comhaontaithe idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus na húdaráis áitiúla.

• go mbeidh dualgas reachtúil ar lucht pleanála sna comhairlí áitiúla suíomhanna cuí a aimsiú agus a chur ar leataobh do scoil a luaithe is a bhíonn an t-aitheantas buan bronnta orthu, móide cead ordú ceannaigh éigeantach a bheith acu.

• go mbeidh dualgas reachtúil ar Oifig na nOibreacha Poiblí suíomh a cheannach laistigh de thréimhse 3 bliana ó bhronntar an t-aitheantas buan ar an scoil.

Idir an dá linn, ní chóir d’aon scoil, nuabhunaithe ná seanbhunaithe, a bheith ag fulaingt i gcóiríocht mí-oiriúnach, mar sin éilímid:

• go mbeidh íoschaighdeán de chóiríocht shealadach do scoileanna, idir spás agus caighdeán fisiciúil, móide scála ama an tréimhse sealadaigh do gach scoil a bheith chomhaontaithe.

Níl sé cothrom go bhfuil ar scoileanna i gcóiríocht shealadach airgead a thiomsú chun cur le ranníocaíochtaí na Roinne i dtreo cíosa, mar sin éilímid:

• go mbeidh cúram cíosa 100% ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta do gach scoil le haitheantas buan, agus

• i gcás scoileanna gan aitheantas buan, aisíoc iomlán ar an difir idir 75% agus 100% tar éis don scoil aitheantas buan a bhaint amach.

CÓIRÍOCHT CHÓIR ANOIS!