Méid an Téacs

Foirmeacha & Fógraí

Tá samplaí thíos d’fhoirmeacha agus fógraí gur féidir a íoslódáil agus a chur in oiriúint dod’ naíonra féin. Níl iontu ach samplacha, áfach, agus is faoin naíonra a chinntiú go bhfuil siad cuí dá suíomh féin. Is féidir cóipeanna crua d’aon cheann de na foirmeacha agus fógraí thíos a fháil ó Gaelscoileanna Teo. ach teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie. Tá súil againn cuir leis an liosta seo go leanúnach, agus má tá foirm nó fógra in úsáid agat sa naíonra gur mian leat a roinnt ar seirbhísí eile, déan teagmháil linn.

Foirm Chlárucháin Samplach

Litir eolais a fhorbairt do thuismitheoirí i dtaobh Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

Foirm Toilithe a fhorbairt don naíonra

Foirm d’aistarraingt toile a fhorbairt don naíonra

Ag cur aithne ar do pháiste

Comhaontú maidir le cóir leighis

Nótaí

  • Turais leis an naíonra: Caithfear cead ar leith do gach turas a lorg agus a fháil.
  • Cead grianghraif agus fiseáin: Is gá míniú soiléir, cumasach a thabhairt do thuismitheoirí maidir le grianghraif agus fiseáin agus gur chóir go mbeadh polasaí soiléir ag an naíonra ó thaobh grianghraif agus fiseáin. Ba chóir go mbeadh tagairt faoi leith sa pholasaí do shuíomhanna meán sóisialta freisin.
  • Breathnóireacht: Caithfear cead ar leith chuige seo a lorg agus a fháil.
  • NB Is gá cead a lorg ó thaobh éadaí páiste a athrú sa naíonra (cosaint leanaí). Tá seo san áireamh ar an bhfoirm leasaithe thuas.
  • De réir TUSLA, caithfidh an stiúrthóir san ionad cúram leanaí a bheith sásta tabhairt faoi dháileadh leighis má tá teas ard ar pháiste. Moltar teagmháil a dhéanamh le TUSLA i dtaobh polasaí cumasach dearfach a scríobh. Maidir le seo tá leabhar ar fáil ar líne ón FSS, níl sé ar fáil ach i mBéarla ach tá súil againn go mbeidh leagan Gaeilge den a bhfuil ann ar fáil anseo go luath.

CVFolúntas a Fhógairt sa Naíonra

Má tá folúntas le fógairt agat, tá fáilte romhat an fógra a chur chugainn agus déanfar é a chuir amach tríd seirbhís nuachta Gaeloideachas, agus ar Facebook agus Twitter na heagraíochta. Is féidir an teimpléid thíos a leasú de réir riachtanais an naíonra.

Is fiú fógraí poist a roinnt leis an dreamanna thíosluaite chomh maith: