Méid an Téacs

Cáilíochtaí

Níl aon cháilíocht sa bhreis de dhíth le bheith i do mhúinteoir i mbunscoil lán-Ghaeilge (seachas aon scoil eile atá aitheanta ag an Stát) de réir rialacháin na Roinne Oideachais & Scileanna.

Is gá go mbeadh an An Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile ag múinteoirí atá fostaithe i scoileanna Gaeltachta, múinteoirí atá fostaithe i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáthmheán teagaisc agus múinteoirí a mhúineann ábhar ar bith (cés móite den Ghaeilge) trí mheán na Gaeilge i scoil ar bith. Tá gach eolas maidir leis na cáilíochtaí atá de dhíth ag leibhéil na bunscoile agus na hiarbhunscoile ar fáil ar shuíomh na Roinne: www.education.ie (féach Oideachas Tosaigh do Mhúinteoirí Bunscoileagus Oideachas Tosaigh do Mhúinteoirí Iarbhunscoile) agus www.examinations.ie (Coimisiún na Scrúduithe Stáit). Is gá go mbeifeá líofá sa Ghaeilge le múineadh i scoil lán-Ghaeilge agus luíonn sé faoi phátrún agus bainistíocht na scoile le cinntiú go bhfuil Gaeilge sásúil ag aon iarratasóir ar post mhúinteora i scoil lán-Ghaeilge.

Níl cead ach amháin ag múinteoirí atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta teagasc i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna atá aitheanta ag an Stát, scoileanna lán-Ghaeilge ina measc, agus tá gach eolas maidir leis an gComhairle agus clárú leo ar fáil ar www.teachingcouncil.ie.

Is gá do mhúinteoirí bunscoile a bhfuair a gcuid oiliúna thar lear riachtanas na Gaeilge a shásamh chun a bheith go hiomlán cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Is iad Oifig na gCáilíochtaí Gaeilge a chuireann an Scrúdú Cáilíochta Gaeilge ar fáil agus tá eolas maidir leis ar fáil ar www.ilrweb.ie.