Méid an Téacs

Bunú Naíonra

An bhfuil suim agat naíonra a bhunú? Cuireann Gaeloideachas comhairle agus cúnamh ar fáil dóibh siúd gur mian leo naíonraí nua a bhunú, idir naíonraí príobháideacha agus pobail. Déan teagmháil linn ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie le tuilleadh eolais a fháil. Seo thíos na coinníolacha faoina mbronnfar cúnamh airgid i dtreo naíonra nua a bhunú.

Deontais do Choistí Bunaithe Naíonra

Tugann Gaeloideachas tacaíocht do choistí bunaithe gur mian leo cur le soláthar an ghaeloideachais ag leibhéal an naíonra. Baineann an deontas seo le obair an choiste amháin. Is féidir le naíonraí nua atá deimhnithe le hoscailt iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgid faoin scéim Deontais do Naíonraí Nua (thíos).

Cuimsíonn an deontas do choistí bunaithe naíonra speansais ilghnéitheacha ar luach uasmhéid €400. Is gá aon chaiteachas a aontú roimh ré le hOifigeach Forbartha Gaeloideachas. Déanfar costais fhaofa a íoc go díreach leis an soláthraí nó a aisíoc ar bhonn admhála leis an gcoiste bunaithe. San áireamh sa chaiteachas seo is féidir go mbeadh leithéidí:

  • Cíos le haghaidh ionaid chruinnithe
  • Costais deartha agus cló d’ábhar bolscaireachta
  • Fógraíocht
  • Eile, ach é a bheith riachtanach don bhfeachtas agus faofa roimh ré ag an tOifigeach Forbartha atá ag plé leis an gcoiste ar son Gaeloideachas

Le hiarratas a dhéanamh ar deontas, déan teagmháil linn ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie.

Deontais do Naíonra Nua

Is féidir iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgid faoin scéim seo nuair atá sé deimhnithe go bhfuil naíonra nua le hoscailt. Tá an scéim seo ar fáil do naíonraí príobháideacha agus naíonraí pobail araon. Cuimsíonn an deontas do naíonra nua:

  • Pacáiste leabhar ar luach €200
  • Speansais ilghnéitheacha ar luach uasmhéid €600

Is gá aon chaiteachas sa réimse seo a aontú roimh ré agus i scríbhinn le hOifigeach Forbartha Gaeloideachas. Déanfar costais fhaofa a íoc go díreach leis an soláthraí nó a aisíoc ar bhonn admhála leis an naíonra.

Is gá go gcomhlíonfadh naíonraí a dhéanann iarratas ar mhaoiniú faoin scéim seo na critéir thíos:

  1. Go mbeidh an naíonra cláraithe le Tusla
  2. Go mbeidh seisiún comhairliúcháin maidir leis an luath-thumoideachas ag bainisteoir an naíonra le hOifigeach Forbartha Gaeloideachas sula n-osclaíonn an naíonra
  3. Go mbeidh an Ghaeilge mar theanga chumarsáide agus ghnó an naíonra
  4. Go mbeidh an luath-thumadh iomlán á chleachtadh sa naíonra
  5. Go nglacfaidh foireann an naíonra páirt i ngréasán tacaíochta Gaeloideachas do na naíonraí
  6. Go gcuirfidh an naíonra foirm chomhlánaithe staitisticí ar fáil do Gaeloideachas go bliantúil

Le hiarratas a dhéanamh ar deontas, déan teagmháil linn ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie.