Méid an Téacs

Scoileanna Nua

Oscailt_Gaelscoil RiadaBíonn Gaeloideachas ag obair le pobail agus pátrúin éagsúla i dtreo scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú, i gceantair atá aitheanta ag an Roinn Oideachais & Scileanna mar cheantair ina bhfuil scoileanna nua de dhíth agus freisin i gceantair eile ina bhfuil an-éileamh ann ón bpobal don oideachas lán-Ghaeilge. Braitheann rathúlacht na n-iarratas ar scoileanna nua ar thacaíocht láidir ón bpobal agus ar léirithe spéise ó thuismitheoirí. Bíonn fáilte i gcónaí roimh rannpháirtíocht sna feachtais agus cuirtear gach tacaíocht ar fáil do na coistí atá ag obair i dteo scoileanna nua a bhaint amach dá gceantair.

Is í fís Gaeloideachas ná go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir agus caomhnóir ar thumoideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán gurb é a rogha é dá gcuid páistí. Más suim leat cabhrú linn ár bhfís a bhaint amach, gheobhaidh tú eolas maidir leis na feachtais reatha atá idir lámha trí teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie.

Tá eolas maidir le próiseas na Roinne Oideachais & Scileanna le scoileanna nua a bhunú ar fáil anseo.