Méid an Téacs

Oifigeach Eagrúcháin á earcú ag Gael-Linn

Lúnasa 1, 2017

GaelLinnHeader

Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais do phost mar Oifigeach Eagrúcháin i Rannóg na Scéimeanna.

Próifíl an Phoist:
• Cabhrú le stocaireacht agus eagrúchán i leith scéimeanna Gael Linn don aos óg agus sa réimse oideachais, ar a n-áirítear: Comórtais Díospóireachta, Coirm, Gaelbhratach, Scléip, Féilte Peile.
• Freastal ar imeachtaí éagsúla timpeall na tíre
• Tacú le beartais oideachais agus siamsaíochta eile de chuid Gael Linn
• Riaradh ar shuíomh idirlín Gael Linn agus ar na meáin shóisialta.

Riachtanais don phost:
• Líofacht agus cruinneas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, idir labhairt agus scríobh
• Scileanna agus taithí ríomhaireachta agus cumarsáide
• Tuiscint mhaith ar earnáil na Gaeilge agus ar na meáin shóisialta
• Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr
• Bheith ábalta feidhmiú go haonarach nó mar chuid de fhoireann

Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn i mBaile Átha Cliath ach beidh méid áirithe taistil i gceist. Spriocdáta le haghaidh iarratais: 18 Lúnasa. Tá an post seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.
Foirm iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ó: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie

Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!

Meitheamh 28, 2017

Pic 2 Gaelscoil Chill Dara

-Gaelscoil Chill Dara: Bhí ríméad ar fhoireann peile Ghaelscoil Chill Dara tar éis dóibh Féile Peile Gael Linn a bhuachan.  Is i Ráth Chairn ghlas na Mí a bhí féile Laighean ar siúl, Dé Ceadaoin 17/Déardaoin 18 Bealtaine 2017.

S.N.Fionnán

-S.N. Fionnán: An-bhua ag an fhoireann baile, S.N. Fionnán, ag Féile Uladh ar an bhFál Carrach ar an 18/19 Bealtaine!

Pic 2 Scoil Iognáid

-Scoil Iognáid: Foireann Scoil Iognáid ag ceiliúradh a mbua ag Féile Peile Chonnacht in Indreabhán ar an 23/24 Bealtaine lena múinteoirí bródúla

Gaelscoil Mhic Easmuinn

-Gaelscoil Mhic Easmainn: Seaimpíní Fhéile Peile Gael Linn na Mumhan, foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag ceiliúradh a mbua ar Pháirc Ghallurais, Corca Dhuibhne ar an 1 Meitheamh  in éineacht lena gcuid múinteoirí ( ar chúl, ó chlé ) Déaglán Ó Cuill, Cáit Uí Churráin agus Colm Ó hAiniféin

Gaelscoil Chluain Meala

Bhí lúchair ar fhoireann Ghaelscoil Chluain Meala Corn Gael Linn a thabhairt leo ag an Féile Peile Gael Linn a bhí ar bun i gColáiste na Rinne ar an 6/7 Meitheamh.

Bhí an-spórt ag daltaí ó ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta ag Féile Peile Gael Linn 2017 le linn na míonna Bealtaine agus Meitheamh. Cúig fhéile ar fad a eagraíonn Gael Linn go bliantúil le maoiniú ó Foras na Gaeilge- ceann i ngach cúige agus an dara ceann i gCúige Mumhan, chun freastal ar éileamh! I mbliana, bhí na féilte dhá-lá seo ar bun i Ráth Chairn, in Indreabhán, ar an bhFál Carrach, sa Rinn, agus i gCorca Dhuibhne, agus bhí 8 scoil páirteach i ngach ceann acu.

Chomh maith leis na féilte féin, reáchtáladh réamhbhabhtaí cáilithe i mBéal Feirste (i gcomhar le Corn Uí Mhuirí), i gCorcaigh (i gcomhar le Cumann na mBunscoil), sa Cheathrú Rua agus i dTuaim. Idir na réamhbhabhtaí agus na féilte féin, bhí os cionn 60 scoil páirteach, agus suas le 1,100 peileadóir, idir chailíní agus bhuachaillí!

D’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad ag gach féile agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin go dtí an Craobh Cúige. Is iad seo a leanas na foirne buacacha- comhghairdeas leo!:

Féile Laighean, Ráth Chairn: Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Co. Chill Dara

Féile Uladh, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall: S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall

Féile Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Scoil Iognáid, Gaillimh

Féile na Mumhan 1; Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí: Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Co. Chiarraí

Féile na Mumhan 2, An Rinn, Co. Phort Láirge: Gaelscoil Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann

Agus ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhí an spraoi! Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird agus céilithe ar bhun do na daoine óga, agus ghlac sár-cheoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí ó na scoileanna éagsúla páirt sna ceolchoirmeacha chomh maith! Deis iontach a bhí ann do na scoláirí bualadh le cairde nua ó scoileanna eile, agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga! Tá Gael Linn an-bhuíoch de na múinteoirí uilig a thug cabhair agus cúnamh le reáchtáil na bhféilte ar aon bhealach, agus ar ndóigh, de coistí áitiúla CLG a chur na háiseanna ar fáil dúinn sna ceantracha éagsúla!

Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!

Meitheamh 27, 2017

Siamsaíocht @6! Le Gael Linn

Bealtaine 24, 2017

scrabo

AMHARCLANN CHÚIRT AN PHAORAIGH

(Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh, cúpla nóiméad ó Shráid Grafton…Bealaí isteach ó Shráid Clarendon, Sráid Liam Theas agus Rae Coppinger…ardaitheoir go hurlár 2) 6p.m. – 8p.m. (Doirse ar oscailt ó 5.40 p.m.).

DÉARDAOIN, 25 BEALTAINE 2017 Cuirfidh Josie Nugent( Fidil ) ó oirthear an Chláir, i dteannta a fir chéile Brian Stafford (Píb Uileann ), a deirfiúr Máire Núinseann ( Fliúit ) & Seán O’Donnell ( giotár ) clabhsúr breá le séasúr eile siamsaíochta l le ceol óna halbam ‘Modal Citizen’ agus tuilleadh!

(www.josiebrianmusic.info<http://www.josiebrianmusic.info> ) Tá costas €12 ar thicéad. Is féidir fíon, beor, deochanna boga, tae & caifé a cheannach. Tá spásanna teorannta agus mar sin tá sé riachtanach áirithint a dhéanamh.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Niamh ar 087-2547574 nó ag niamh@gael-linn.ie<mailto:niamh@gael-linn.ie>

Más fearr leat gan aon eolas a fháil faoi imeachtaí Gael Linn, cuir sin in iúl dúinn, led’ thoil.

POWERSCOURT THEATRE, Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh/Powerscourt Townhouse Centre ( Bealaí isteach/Entrances – Clarendon St, Sth William St, Coppinger Row – ardaitheoir go hurlár 2/lift to 2nd floor ) 6p.m. – 8p.m. (Doirse ar oscailt ó /Doors open 5.45p.m.)

Tickets are €12 and wine beer, soft drinks, tea & coffee are available for purchase.

Booking is essential as seats are limited. Contact Niamh on 087-2547574 ]

Siansa 2017!

Márta 3, 2017

Siansa_A5 2017

Ar an dara lá d’Aibreán, sa Cheoláras Náisiúnta, beidh ocht ngrúpa thradisiúnta in iomaíocht do dhuaischiste €4,500.  Tá Siansa Gael Linn ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre, a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige. Tháinig na grúpaí a bheidh ar ardán anocht trí chóras réamhbhabhtaí ó mhí na Samhna seo caite. Tosóidh an oíche ag 7.30 agus beidh  Áine Hensey ina láithreoir.

Siamsaíocht @ 6!

Feabhra 27, 2017

Siamsaiocht2015TN

AMHARCLANN CÚIRT AN PHAORAIGH *POWERSCOURT THEATRE* 

Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh/Powerscourt Townhouse Centre

(Bealaí isteach/Entrances – Clarendon St, Sth William St, Coppinger Row – árdaitheoir go húrlár 2/lift to second floor)

6pm – 8pm. (Doirse ar oscailt ó/Doors open from 5.45pm.)

DÉARDAOIN 23 MÁRTA 2017/THURSDAY 23 MARCH 2017

Cuireadh chun ceoil, i gcuideachta 

DERMOT MCLAUGHLIN (fidil) & DERMOT BYRNE (bosca ceoil)

mar aon le

FLORIANE BLANCKE (cruit) –

croí na féile go cinnte!

************************

Dynamic Duo DERMOT MACLAUGHLIN  (fiddle) & DERMOT BYRNE (b. accordian) along with

FLORIAN BLANCKE (harp)

will perform an unmissable programme of music!

Cead Isteach/Admission €12

Fíon, Beor, Deochanna Boga, Tae & Café ar fáil le ceannach

Wine, Beer, Soft Drinks, Tea and Coffee availale to purchase

Áirithint Riachtanach/Booking Essential: 087-2547574/niamh@gael-linn.ie