Méid an Téacs

Ciorcaid sofháiscthe – ceardlann idirghníomhach

Feabhra 28, 2012

3 Mar 2012 – 11:30 AM to 12:30 PM

I gcomhar le Cumann na nInnealtóirí tá Comhluadar ag cur ceardlann idirghníomhach ar siúl ina bhfoghlaimeoidh páistí conas a oibríonn ciorcaid leictreacha tríd cinn a thógáil le soilse LED, cadhnra agus dhá chineál taos – ceann seoltach, agus ceann inslithe – atá cosúil le PlayDoh.

Tá an imeacht seo oiriúnach go háirithe do pháistí ó 8 – 11

Tá deis ag teaghlaigh freastal ar na himeachtaí eile atá ar siúl i gCeannáras Cumann na nInnealtóirí, 22 Bóthar Chluaidh, BÁC 4

Event’s details
Category: Workshop
Audience: Primary Level
Admission: Free
Available places: 25
Organised by: Comhluadar
Venue: Cumann na nInnealtóirí, 22 Bóthar Chluaidh, Baile Átha Cliath 4 (See on GoogleMap)
Contact Details: Nicole Ní Cheallaigh | imeacht@comhluadar.ie | 014789191

Protest against the changes to the pupil teacher ratio in Gaelscoileanna

Feabhra 28, 2012

Seo thíos ráiteas agus nasc chuig achainí a thosaigh tuismitheoir maidir leis ciorraithe sa chóimheas múinteoirí le daltaí sna gaelscoileanna ag eascairt as an gcáinaisnéis. Bheimís buíoch díot as an scéal a scaipeadh le do thoil agus tacaíocht a léiriú do na scoileanna agus na páistí seo uile a bheidh ag fulaingt de bharr na gciorraithe.

We, the parents, students, teachers, family and friends of Gaelscoileanna are against the changes the government are making to the Pupil teacher ratio in our schools. This is disastrous for Irish-medium schools, particularly those with between three and eight teachers. Up to 31 schools will lose one teacher if this recommendation is put into practice. Class sizes will increase as will the amount of mixed class groups with higher class numbers. It will result in a complete dilution of the effectiveness of the immersion experience for the pupil. Please help us by signing our petition and encouraging your family and friends to do so also!

http://www.ipetitions.com/petition/gaelscoileanna-cuts-protest/

Cuts will shut 19 Irish-language bodies

Feabhra 28, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Move threatens ‘to kill off Irish language organisations’

Feabhra 28, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Rethink on teaching foreign languages needed

Feabhra 28, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Scrios iomlán á bhagairt ar earnáil dheonach na Gaeilge

Feabhra 28, 2012

A chara dhil na gaelscolaíochta,

Mar is eol duit, tá GAELSCOILEANNA TEO., maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le bunmhaoiniú bliantúil d’eagraíochtaí Gaeilge. Faoin córas nua maoinithe nó ‘Samhail Nua Mhaoinithe’ atá beartaithe ag Foras na Gaeilge, cuirfear deireadh le maoiniú 19 n-eagras Gaeilge fadbhunaithe, GAELSCOILEANNA TEO. ina measc. Cuirfear deireadh leis na seirbhísí a chuireann GAELSCOILEANNA TEO. agus na heagrais eile ar fáil, agus scaoilfear lena bhfoirne. Ina áit, táthar chun tairiscintí a iarradh ar scéimeanna trí bliana i réimse teoranta gníomhaíochtaí. Ciallaíonn sé seo go mbeidh 8 scéim ann in áit bunmhaoiniú do 19 n-eagras, agus go mbeidh comórtas ann do na scéimeanna, a bheidh oscailte don phobal ar fad.

Tá seasamh láidir comhaontaithe ag na heagraíochtaí bunmhaoinithe agus ag an bpobal Gaeilge trí chéile i gcoinne na samhla nua molta agus i gcoinne na n-impleachtaí a bheidh ann  don earnáil.

Tá tacaíocht ár gcuid baill agus an phobail de dhíth orainn. Iarraim ort leis seo an achainí a shíneadh agus a chur ar aghaidh chuig gach ball den scoil agus de phobal na scoile agus lucht bhur n-aitheantais uile. Tá sé riachtanach go bhfaigheann an earnáil tacaíocht láidir ar an gceist seo. Tá sé ar fáil ag  http://www.petitiononline.ie/petition/don-t-destroy-the-irish-language-voluntary-sector/1437.

Tá Foras na Gaeilge i mbun próisis comhairliúcháin ar an samhail nua mholta faoi láthair. Tá an t-eolas uile ar www.gaeilge.ie. Aithnímid áfach go bhfuil sé an-chasta mar mholadh agus mar sin tá teimpléad á ullmhú ag na heagrais bunmhaoinithe a chabhróidh leat an ceistneoir a chomhlánú nó aighneacht a scríobh.

Cruinnithe Poiblí: Tá cruinnithe poiblí beartaithe ag Foras na Gaeilge mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar an tSamhail Nua Mhaoinithe ar na dátaí agus sna hionaid thíos. Tá sé tábhachtach go mbeadh freastal láidir ar na cruinnithe seo agus go léireodh an pobal tuairimí láidre i gcoinne na Samhla Nua Maoinithe. Iarraim oraibh mar sin, freastal a dhéanamh nó a chinntiú ar na himeachtaí seo más féidir, agus eolas ar na cruinnithe seo a scaipeadh i measc bhur lucht aitheantais féin.

  • Cúige Mumhan: Ostán Meadowlands, Trá Lí, Co, Chiarraí – 5 Márta  ag 7in
  • Cúige Uladh: Cultúrlann Bhéal Feirste  – 8 Márta
  • Cúige Chonnacht: Óstán Pháirc Mionlach, (Menlo Park Hotel) Gaillimh- 12 Márta- 7 in
  • Cúige Laighean: Halla Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2  – 14 Márta- 7 in

Leagaim amach thíos roinnt eolais maidir leis an Scéim mholta a bheidh dírithe ar na scoileanna lán-Ghaeilge agus na himpleachtaí a bhaineann le deireadh le maoiniú GAELSCOILEANNA TEO.

Is í aidhm na scéime ná Córas tacaíochta oideachais a fhorbairt agus a chur ar fáil do scoileanna, coistí bunaithe scoileanna agus do mhúinteoirí ar bhonn uile-oileánda ag cur coinníollacha éagsúla an dá dhlínse agus na Gaeltachta san áireamh. Is í príomhaidhm na scéime ná Tacaíocht a sholáthar i gcomhar leis na páirtithe cuí don ghaelscolaíocht, do theagasc na Gaeilge i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc agus imeachtaí idirscoile a reáchtáil.
Ciallaíonn sé seo obair na scéime a bheith dírithe ar scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghalltacht, Gaeltacht, scoileanna Béarla ar fad sa tír agus an Tuaisceart. Tá 5 foirne molta ag an bhForas don obair seo ar fad (tá 5 foirne ag GAELSCOILEANNA TEO. faoi láthair).

I bhfianaise an méid oibre atá le tabhairt faoi le forbairt a dhéanamh ar agus tacaíocht a thabhairt don ghaelscolaíocht ag an dá leibhéal níl scóip na scéime seo réadúil, inmholta ná indéanta ar chúiseanna straitéiseacha ná ar chúiseanna maoinithe. Bheadh impleachtaí an-suntasacha ann d’fheidhmiú agus d’éifeacht na hoibre sa dá réimse seo agus molann Gaelscoileanna Teo. go ndeinfí deighilt sna scéimeanna idir réimse na scolaíochta lán-Ghaeilge agus réimse tacaíochta do na múinteoirí Gaeilge sna scoileanna Béarla. Tá an dá réimse ró-éagsúil óna chéile le sainriachtanais agus pobail éagsúla acu. Bheadh seirbhís tacaíochta na scoileanna lán-Ghaeilge ag fulaingt dá bharr.

Tá saintaithí, saineolas agus saintuiscint léirithe ag GAELSCOILEANNA TEO. le 40 bliain anuas. Bheadh cailliúint an saineagraíocht seo agus a cuid tionscadail, seirbhísí tacaíochta, tograí srl. tubaisteach d’earnáil na scoileanna lán-Ghaeilge.

Tá GAELSCOILEANNA TEO. ionadaíoch ar gach scoil lán-Ghaeilge sa tír, beag beann ar phatrún agus ar shainmheon creidimh. Is í Gaelscoileanna Teo.  an t-aon eagraíocht tacaíochta agus abhcóideachta a dhéanann stocaireachta ar son na scoileanna lán-Ghaeilge go léir ag an dá leibhéal. Tá obair riachtanach ar bun ag GAELSCOILEANNA TEO., obair nach bhfuil á comhlíonadh ag aon eagraíocht eile agus obair a bhfuil an-éileamh cruthaithe ann di sa trí mhór-réimse 1) bunú scoileanna, 2) buanú  scoileanna agus 3) forbairt scoilphobail.

Is iad na scoileanna lán-Ghaeilge sa tír seo baill na heagraíochta agus is na baill a threoraíonn clár oibre na bliana trí na rúin a rithear ag an gCruinniú Cinn Bliana. Sa chás go mbeadh Foras na Gaeilge ag aithint réimsí na scéimeanna móide na torthaí a mbeifeá ag dúil leo, tá baol an-mhór ann nach mbeadh cur chun cinn na gaelscolaíochta ag teacht le tosaíochtaí ná le mianta na scoileanna. Bheadh baol láidir ann nach mbeadh forbairt na hearnála gaeloideachais ag tarlú i mbealach atá ábhartha do phobal na gaelscolaíochta nó ar bhealach a rachadh chun leasa na hearnála.

Tá an clár oibre atá leagtha amach go h-iomlán saintreorach. Níl aon áit ann do neamhspleáchas an bhoird ag ceapadh a chuid polasaithe ná clár oibre féin, de réir ár saintuiscint agus saineolas ar an earnáil.

Chomh maith le deireadh a chur le leanúnachas eagraíochtaí, bainfear de neamhspleáchas na hearnála cláracha oibre eagraíochtúla a cheapadh agus a chur i bhfeidhm a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail dá réir de thoradh na moltaí atá ag Foras na Gaeilge.  Gan trácht ar an mbaol do réimse mór scileanna, feasa agus saineolais na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe.

Tá GAELSCOILEANNA TEO. i bhfabhar athstruchtúrú ar an earnáil dheonach a bheadh chun leasa a) earnáil na Gaeilge trí chéile agus b) earnáil na gaelscolaíochta ach go háirithe. Tá an eagraíocht i bhfabhar aon chóras nua a mbeadh seirbhís fheabhsaithe d’ár mbaill mar thoradh air, a léireodh éifeacht agus éifeachtúlacht feabhsaithe, comhoibriú feabhsaithe agus comhroinnt acmhainní, saineolas agus saintaithí i mbealach comhordaithe, trédhearcach. Ní fheictear áfach go mbeadh de thoradh ar an athstruchtúrú atá molta ach a mhalairt de sprioc.

Tá gá le croí-mhaoiniú leanúnach a bheith ar fáil don earnáil gaelscolaíochta i dtreo is gur féidir an tacaíocht chuí a chur ar fáil go fadtéarmach agus go seasmhach do na scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge agus mar thacaíocht dá gcuid pobail.

Mar a cuireadh in iúl cheana, tá GAELSCOILEANNA TEO. agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta tar éis a bheith ag cíoradh na bhféidearthachtaí a bhaineann le comhnascadh an dá eagrais le os cionn bliain go leith. Cé go n-aithníonn na maoinitheoirí na buntáistí straitéiseacha a bhainfeadh le comhnascadh, nílimid ag fáil aon tacaíocht uathu i bhfoirm maoinithe nó eile.

Fáiltím roimh aon cheisteanna ó éinne maidir leis na moltaí atá leagtha amach sa scéim agus na himpleactaí atá ann do sheirbhísí na n-eagras eile deonacha Gaeilge agus do GAELSCOILEANNA TEO.

Le mór-mheas,
Bláthnaid

Ardfheidhmeannach, GAELSCOILEANNA TEO.

blathnaid@gaelscoileanna.ie

Mórshiúl i nGaoth Dobhair

Feabhra 28, 2012

Bhí thar 700 duine i láthair ar an mórshiúl a d’eagraigh Craobh an Earagail dén INTO i nGaoth Dobhair ar an Satharn seo caite.  Bhí ionadaithe ansin ó scoileanna i nGaoth Dobhair, Cloch Cheann Fhaola, na Rossa, Árainn Mhór, an Tearmainn, Gartan agus neart ceantair eile.

Thosaigh an mórshiúl ag ionad an Acadaimh ar an Screabán agus shiúl an slua go dtí oifig Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaíoch TD.  Rinne Cathal Ó Fearraigh, Príomhoide Scoil Chonaill an Bhun Bhig(an post a bhí ag an Aire Stáit é féin sula ndeachaigh sé leis an pholaitaíocht) oráid dén scoth don slua.  Leag sé amach na deacrachtaí ollmhóra atá ann do na scoileanna beaga tuaithe agus Gaeltachta muna ndéantar na ciorruithe a tharraingt síár a mar a rinneadh leis na scoileanna DEIS i mBÁC.  Labhair Daithí Mac Roibeaird thar ceann na dtuismitheoirí agus an tAthair Seán Ó Gallchóir thar ceann na mboird bainistíochta agus chuir Seán Ó Domhnaill, ionadaí an INTO clabhsúr leis an agoid.

Tá moladh mór tuillte ag Craobh an Earagail dén INTO as an agóid a eagrú agus fuair sé clúdach maith ar RnaG, TG4 agus ar RTÉ.

Cruinnithe Réigiúnacha Poiblí

Feabhra 28, 2012

Tá Foras na Gaeilge ag eagrú cruinnithe réigiúnacha poiblí ar na dátaí thíos chun deis a thabhairt don phobal tuairimí a nochtadh maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe d’Earnáil Bhunmhaoinithe na Gaeilge.

Beidh na cruinnithe ar siúl sna hionaid a leanas ag tosú ar 7.00i.n.

Dé Luain, 5 Márta – Óstán Meadowlands, Páirc na Darach, Trá Lí, Co. Chiarraí
Déardaoin, 8 Márta – Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste BT12 6AH
Dé Luain, 12 Márta – Óstán Menlo Park, Gaillimh
Dé Céadaoin, 14 Márta – Ceannáras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2

Eolas faoin tSamhail Nua Mhaoinithe agus na Doiciméid Chomhairliúcháin ar fáil ag: www.gaeilge.ie/samhail

Beidh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil.

Take away the school, kill the local community

Feabhra 27, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Sicíní Scoil Aonghusa

Feabhra 27, 2012

Thosaigh na huibheacha sa ghoradán ar an 20ú Eanáir. Bhíomar go léir i Rang 3 ag iarraidh fanacht ciúin agus iad sa seomra ranga. Bhí sé deacair ach ceapaim gur éirigh go maith linn! Caitheann na huibheacha tuairim is 21 lá sa ghoradán de ghnáth. Ar an Aoine an 10ú Feabhra chonaiceamar poll beag in ubh amháin. Thar an deireadh seachtaine bhris trí shicín amach as na huibheacha. Ghlaomar Wally, Happy Feet (mar is breá leis siúd bheith ag damhsa!) agus Aonghus orthu. D’fhéachamar ar ár sicíní ag teacht amach as na huibheacha ar Youtube ” sicíní “. Tá na sicíní fós sa seomra ranga lin . Tá siad an-ghlórmhar ach is breá linn iad!

Orlaith Ní Chearnaigh (9 mbliana d’aois) Scoil Aonghusa

http://www.youtube.com/watch?v=9I5gbc6Z-tQ

Next Page »