Méid an Téacs

Derry Irish and Integrated schools form unique partnership

Samhain 30, 2015

Neighbouring Irish medium and integrated primary schools in Derry have formed a unique shared education partnership.

A group of students from Gaelscoil na Daróige and Groarty Integrated Primary School have formed a joint choir and were last week learning festive tunes as gaelige in both Irish and English as part of the project.

The festive tunes are in preparation for a bilingual Christmas Concert taking place at Foyleside Shopping Centre in December 14.

It is part of a wider education project involving the two schools, which are located on either side of the Coshquin Road in the Ballymagroarty area.

Oisín Mac Eo, principal of Gaelscoil na Daróige, said: “It’s a very unique partnership because it’s between the Gaelscoil and an Integrated School.

“We started off with a number of extra-cirricular activities. We have a joint choir, football jointly together as well, and they practice every week on a Tuesday and Wednesday.

“We also work on joint literacy work and CRED Community Relations Education work.”

Mr Mac Eo said the proximity of the two schools meant the project made sense.

He said: “Because we are two schools of similar size, in a similar position, next to each other, and it just seemed natural we should work together to maximise the resources and the provisions we could provide for the children.

“Also as professionals, sharing expertise, there are things maybe that we could do here we could skill their teachers up, and things they had to increase our knowledge too.

“That has been going since last year and it’s great. Teachers love working together.

“Between the two of us we are offering something different and unique in terms of choice for parents in the area- integrated education and Irish medium education. It means the parents in this area have a great opportunity to choose something a wee bit different for their children.”

The schools will be doing their own Christmas shows and have invited each other to watch, while the joint choir is getting in some final practice before taking to the stage at Foyleside Shopping Centre on December 14th to perform some bilingual songs.

Read more: http://www.derryjournal.com/news/derry-irish-and-integrated-schools-form-unique-partnership-1-7089039#ixzz3syBI9TlU

‘Oidhreacht an Rialtais i leith na Gaeilge: easpa físe, easpa tacaíochta, easpa ceannaireachta agus easpa maoirseachta’ – Ó Snodaigh

Samhain 27, 2015

Is “masla amach is amach” é an scéal nach bhfuil scéim teanga aontaithe ag Córas Iompair Éireann, dar leis an Teachta Dála, Aengus Ó Snodaigh (SF).

Cháin an Teachta Dála an Rialtas go láidir inniu maidir lena gcur chuige i leith na Gaeilge agus a “dteip” maidir le cur i bhfeidhm Acht na Teangacha Oifigiúla 2003.

Chuir Ó Snodaigh ceist sa Dáil Dé Máirt ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta liosta a chur ar fáil de na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an Achta nach bhfuil scéim teanga aontaithe ag an Roinn go fóill. Tá tuairim is 400 comhlacht poiblí le háireamh faoi scáth an Achta i láthair na huaire.

Thug an tAire Stáit Joe McHugh le fios ina fhreagra ar an gceist go raibh 107 scéim teanga i bhfeidhm a chlúdaíonn 115 comhlacht poiblí san iomlán. Dúirt sé freisin go bhfuil plé ar siúl le 129 comhlacht poiblí eile chun scéimeanna teanga a aontú leo.

“Tháinig sé chun solais ón bhfreagra a fuair mé ón Aire Stáit nach bhfuil Córas Iompair Éireann, Iarnród Éireann, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath san áireamh, ag comhlíonadh a ndualgas maidir leis an nGaeilge.

“Masla amach is amach is ea an scéal seo a léiríonn go soiléir an drochmheas atá ag an Rialtas seo ar Shaoránaigh na hÉireann a dteastaíonn uathu maireachtáil trí Ghaeilge,” a dúirt Ó Snodaigh inniu.

Dúirt sé go raibh sé suntasach nach bhfuil ach 115 comhlacht a bhfuil scéim teanga curtha i bhfeidhm acu dhá bhliain déag i ndiaidh achtú na reachtaíochta.

“Sin thart ar 70% de na comhlachtaí poiblí nach bhfuil ag feidhmiú de réir an Achta, 2003. Is í oidhreacht an Rialtais reatha i leith na Gaeilge ná easpa físe, easpa tacaíochta, easpa ceannaireachta agus easpa maoirseachta. Tá níos fearr ná sin tuillte ag muintir na hÉireann agus ag ár dteanga ársa,” a dúirt sé.

Baill á lorg ag Fios Físe (Painéal Lucht Féachana TG4)

Samhain 26, 2015

An mbíonn tú ag féachaint ar TG4 ┐ ar mhaith leat do thuairimí a roinnt?

Baill á lorg ag Fios Físe (Painéal Lucht Féachana TG4), ar fud Oileán na hÉireann. Féach http://www.fiosfise.ie/fiosru.asp

Crannchur míosúil do na baill (Duaiseanna €100 – €500)

Folúntas: Oifigigh Oideachais leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta

Samhain 25, 2015

Is mian le COGG Oifigeach Oideachais bunscoile agus Oifigeach Oideachais iar-bhunscoile a earcú.

Beidh na hoifigigh freagrach as forbairt áiseanna teagaisc do theagasc na Gaeilge agus do theagasc trí Ghaeilge mar aon le freagrachtaí eile.

Gach eolas ar fáil ar www.cogg.ie

An dáta druidte: 4pm Dé Luain 30 Mí na Samhna 2015.

‘When the gurriers of Dublin shall have broken telephone boxes talking Irish, then we will have saved the language’

Samhain 25, 2015

Céard is brí le ‘Gaelach’? Bhí sí sin ar cheann de na ceisteanna ba mhó a tharraing díospóireacht ag seimineár Chonradh na Gaeilge a reáchtáladh i gColáiste na Tríonóide oíche Dé Luain.

‘Cad is brí le Saor agus Gaelach i 2016’ téama an tseimineáir, an dara ceann de chuid na sraithe atá á heagrú ag an gConradh mar chuid dá chlár do Chomóradh an Chéid 1916.

Labhair seisear ó réimse leathan cúlraí ar an téama sin i gcaitheamh na hoíche agus ag deireadh an phlé lean díospóireacht faoi chiall na bhfocal ‘Gael’ agus ‘Gaelach’.

Dúirt Íte Ní Chionnaith, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus iarléachtóir le Cumarsáid in DIT, gur mór an difríocht a bhí idir ‘Gaelach’ na Gaeilge agus ‘Gaelic’ an Bhéarla.

Mar fhreagra ar cheist a cuireadh ar an bpainéal i mBéarla, dúirt Ní Chionnaith: “I think there are huge undertones attached to the word ‘Gaelic’ that suggest ‘old-fashioned’ and ‘narrow-minded’. It’s not just to do with the language but with things that people don’t like and don’t want to be involved in, [things] that aren’t at all to do with the word ‘Gaelach’.

“You can’t translate them from one to another. If we’re talking in Irish about rincí, ceol or scoileanna Gaelacha, it just means that the Irish language is part of it, but when you start talking about Gaelic culture, it’s frequently used in a very derogatory way in the media to insult Irish speakers as being old-fashioned and out of sync with what’s happening around them.”

Thug an Dochtúir Chris McGimpsey, iarchomhairleoir cathrach i mBéal Feirste agus ball den UUP a léargas féin ar choincheap an Ghaelachais agus ar céard is ‘Gael’ ann.

“I’ve never felt myself to be a Gael. The question never actually arose. It’s not a question I’ve thought about, ‘am I Gael, no I’m not, yes I am’. I’ve always thought myself to be Irish, but that’s probably a generational thing. Many people would now call themselves Northern Irish.

“I never really felt myself as being Northern Irish except when it came to the Republic; you had to kind of identify yourself as being a slightly different kind of Irish. But generally whenever anyone ever asked what I was, I said I was Irish.”
Dúirt McGimpsey nár smaoinigh sé air féin mar Ghael ach go ráineodh gur Gael atá ann.

“People identify with their area. I feel Irish, I’ve never really thought about the question, could I be Gaelic? It’s an Irish name. I’m not sure if there’s that big of a difference between being Irish and being Gaelic. It’s possible to be Irish and wish Northern Ireland to remain part of the United Kingdom in the future,” a dúirt McGimpsey.

Dúirt an staraí an Dr Mary Harris go raibh difríocht mhór idir ciall na bhfocal ‘saor agus gaelach’ i 1916 agus ciall na bhfocal sin sa lá atá inniu ann.

Chaithfí a aithint gur pobal ‘ilghnéitheach’ atá i bpobal na Gaeilge inniu, a dúirt sí. Dúirt Harris go raibh tábhacht ar leith leis na meáin chumarsáide i gcur chun cinn na teanga ach go raibh a chrá croí féin ag baint le halt a scríobh i nGaeilge nach léifeadh mórán.

Dúirt an Dr Eunan O’Halpin, ollamh le stair i gColáiste na Tríonóide, gur scéal truamhéalach a bhí i scéal na Gaeilge agus an tSaorstáit agus dúirt sé nárbh fhada go mbrúfaí an Ghaeilge ó churaclam na scoileanna, mar a rinneadh leis an stair.
Dá ndéanfaí a leithéid, bheadh sé “disastrous and shameful” agus “national scandal” a bheadh ann, a dúirt sé.

Dúirt O’Halpin freisin nár cheart nasc rómhór a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an tÉireannachas. Dúirt sé go gcuireann an dá rud lena chéile ach nár cheart Éireannachas a shéanadh ar an té nach bhfuil an teanga aige.

Ghéill sé go mb’fhéidir go mbeadh eolas tábhachtach á chailleadh aige mar staraí ar chúrsaí na hÉireann mar gheall ar a easpa Gaeilge ach nach mórán de bhac a bhí ann agus taifid na hÉireann ón 20ú haois á léamh aige.
“I’ve been able to neogtiate the records of independent Ireland without hassle because they are mainly in English,” a dúirt O’Halpin.

Thug bean sa lucht féachana a dhúshlán ar an bpointe seo agus rinne cáineadh láidir ar a mheon nuair a bhíothas ag glacadh le ceisteanna ón urlár i ndiaidh na cainte.

“It is unacceptable not to read Irish or its translations if you are a historian,” a dúirt sí.
Tháinig an tEaspag Michael Burrows leis an tuairim sin, cé nár thagair sé do chaint an Ollaimh O’Halpin. Dúirt sé gurb ionann iarracht a thabhairt ar stair na hÉireann a léamh gan tuiscint ar an nGaeilge agus an tiomna nua a léamh gan ruainne beag Gréigise ag duine.

Bhain an óráid a thug an tEaspag uaidh gáire mhór as an lucht éisteachta agus é ag aithris scéalta faoina thaithí ar an nGaeilge mar Phrotastúnach ar náisiúnaithe a mhuintir i bPoblacht na hÉireann.

D’aithris sé scéal faoin mBreatain Bheag ina raibh óige na tíre sin ag scriosadh boscaí teileafóin agus an Bhreatnais á labhairt acu. Dúirt sé nach mbeadh an Ghaeilge slán go dtí go dtarlódh a leithéid in Éirinn.

“When the gurriers of Dublin shall have broken telephone boxes talking Irish, then we will have saved the language,” a dúirt an Ceart-Oirmhinneach Burrows.

Thug an tOllamh Allan I. MacInne as Ollscoil Shraith Chluaidh i nGlaschú léargas ar an dearcadh Albanach ar i dtaobh téama na hoíche agus dúirt nach ionann an dá rud – ‘saor agus Gaelach’ – ar chor ar bith in Albain. Dúirt sé nach bhfuil an Gháidhlig ar an gcloch is mó ar phaidrín an SNP ná baol air agus go bhfuarthas réidh le deireanas leis an aon chainteoir Gáidhlig a bhí ina Aire.

Dúirt an tOllamh MacInne nach mar a chéile cás na hÉireann agus cás na hAlban ó thaobh na teanga agus na féiniúlachta de. Dúirt sé gurb iad na daoine de shliocht na hÉireann agus na Pacastáine ba mhó a bhí ar son na saoirse in Albain agus nach raibh lucht labhartha na Gáidhlig chomh gníomhach sin i ngluaiseacht na saoirse sa tír sin.

Agus é ag trácht ar fheiniúlacht na nGael, dúirt sé gur féidir le duine feiniúlacht ilghnéitheach a bheith aige agus nach fearr ná níos measa d’Éireannach an Gael ná an Gall.

“I think that people have multi-layered identities and, without being too postmodernist, people can decide what matters to them. For example in my case, I come from a Highland Gaelic background. I feel Gaelic and Highland on one level, but you feel also Scottish and feel British and you can also feel European.

“But I think it’s what you decide, what matters most to you and to what situation you’re in: you could be in a certain area and decide that it’s more appropriate to be Highland or Gaelic here, or Irish, but ultimately it’s up to you to decide. There’s no one superiority by saying ‘I’m a super Irishman because I’m a Gael or an inferior Irishman because I’m not a Gael’. I feel people’s identity are a lot more multilayered,” a dúirt sé.

Tá Conradh na Gaeilge “an-sásta faoin rath” a bhí ar an seimineár. Dúirt Cuan Ó Seireadáin, Comhordatheoir Chlár 1916 an Chonartha, le Tuairisc.ie, go rabhthas sásta “go háirithe faoin tinreamh agus an comhrá spreagúil” a bhí ann idir na haoichainteoirí éagsúla.

“Is annamh a chloistear éagsúlacht tuairimí den tsórt sin ón aon ardán amháin agus tá muid ag tnúth leis na seimineáir eile ina leanfaidh an comhrá ar aghaidh agus in bpléifear ceisteanna eile a bhaineann le hoidhreacht Athbheochan na Gaeilge agus todhchaí an chultúir Ghaelaigh,” a dúirt Ó Seireadáin.

Beidh an chéad seimineár eile ar siúl i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar an 26 Eanáir nuair a phléifidh an polaiteoir agus fear gnó Máirtín Ó Muilleoir, an file Caitríona Ní Chleircín, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach Fiach Mac Conghail agus an t-Iar-Thánaiste Michael McDowell ‘Tábhacht na Gaeilge don fhéiniúlacht Éireannach’.

Folúntas: Gaelscoil Eiscir Riada, Baile Átha Cliath

Samhain 24, 2015

Tá Gaelscoil Eiscir Riada ag lorg ionadaí tacíochta do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24403/

Folúntas: Gaelscoil Chluain Dolcáin, Baile Átha Cliath

Samhain 24, 2015

Tá múinteoir taca de chíth i nGaelscoil CHluain Dolcáin. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24405/

Cur chuige ‘soiléir stuama’ ann maidir le cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge – McHugh

Samhain 24, 2015

Tá cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, a deir Aire na Gaeltachta.

I ráiteas a thug sé do Tuairisc.ie roimh chruinniú anocht i gConamara faoin Straitéis, thug an tAire McHugh le fios go bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt do phlean Gaeilge an Rialtais.

“Is léir domsa go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéarach agus go stuama laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

“Ar ndóigh, tá dúshlán anseo dúinn uile agus ní mór dúinn na céimeanna cuí a thógáil de réir a chéile,” a dúirt an tAire McHugh.

Cuirfear tús anocht in Indreabhán i gCois Fharraige le sraith cruinnithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bheidh cúig bliana ar an bhfód an mhí seo chugainn.

Agus an tsraith cruinnithe á fógairt an tseachtain seo caite aige, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gurb í an aidhm a bhí leo ná “breathnú siar ar an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas agus breathnú chun tosaigh ar na tosaíochtaí faoin Straitéis don tréimhse cúig bliana atá romhainn”.

Dúirt McHugh le Tuairisc.ie gurb í an Straitéis an chloch is mó ar a phaidrín ó ceapadh ina Aire é.

“I bhfianaise a thábhachtaí is atá an Straitéis mar chloch coirnéil don Ghaeilge, leanfaidh mé orm ag plé le mo chomhghleacaithe Aireachta le cinntiú go dtugtar tosaíocht don Straitéis sna Ranna ábhartha.

“Ina theannta sin, leanfaidh mo Roinn uirthi ag obair i gcomhpháirtíocht leis na Ranna sin chun na bearta éagsúla a bhaint amach thar shaolré na Straitéise, mar shampla, ag aithint an ról lárnach atá ag an Roinn Oideachais i gcur chun cinn na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta”.

Dúirt an t-Iar-Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, gur “cur i gcéill” a bhí ann a bheith ag maíomh go bhfuil an Straitéis á cur i bhfeidhm, agus gur léiriú atá sna cruinnithe atá beartaithe ag an Roinn go “bhfuil an rud ar fad bunoscionn acu”.
“Shilfeá nach raibh i gceist leis an rud ar fad ach iarrachtaí pobail nuair atá an chuid is mó de na dualgais ar an Rialtas. Tá an Rialtas seo ag iarraidh é a chaitheamh ar an bpobal gan aon tacaíocht ar chor ar bith a chur ar fáil dóibh. Baineann siad airgead d’eagraíochtaí pobail agus tugann siad ar ais arís dóibh ar mhaithe leis an bpleanáil teanga, mar dhea. Athchúrsáil airgid atá ar siúl acu.

“Aon t-aon rud suntasach atá déanta ag an Rialtas ó thaobh na Gaeilge ná dréachtmholtaí oideachais don Ghaeltacht a thabhairt isteach, ach níl an Straitéis á cur i bhfeidhm acu agus níl iarracht ar bith fiú déanta acu í a chur i bhfeidhm.”
Dúirt Ó Cuív nach raibh sa tsraith cruinnithe agus an próiseas comhairliúcháin atá beartaithe ag an Roinn sna seachtainí romhainn amach ach “tuilleadh den chur i gcéill”.

“Níl ann dáiríre ach iarracht eile an rud a bhrú anonn ar an bpobal arís. Is cuid den iarracht é atá ar bun ag an Rialtas faoi láthair cuma an ghnímh a chur orthu féin trí mhí roimh thoghchán,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.
Mar chuid den ‘díospóireacht oscailte’ faoina bhfuil bainte amach ag an Straitéis agus a bhfuil i ndán di, eagrófar cruinnithe in Indreabhán i gCois Fharraige anocht, Dé Máirt an 24 Samhain, i gCill Airne i gCiarraí Déardaoin, an 26 Samhain agus i nGaoth Dobhair Dé Máirt seo chugainn, an 1 Nollaig.

Eagrófar chomh maith comhdháil i mBaile Átha Cliath ar an 9 Nollaig a dhíreoidh ar ghnéithe éagsúla den Straitéis “go háirithe oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, na meáin chumarsáide agus an teicneolaíocht”.
Díreoidh na cruinnithe Gaeltachta go háirithe “ar chur i bhfeidhm praiticiúil” an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Mar chuid den ‘díospóireacht oscailte’ tá plépháipéar foilsithe ar shuíomh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhfuil an Roinn ag lorg aighneachtaí ón bpobal ina thaobh.

Sa phlécháipéis lorgaítear tuairimí an phobail faoina éifeachtaí is a bhí an Straitéis 20 Bliain go nuige seo agus faoi conas go bhféadfaí cur i bhfeidhm na mianta inti a fheabhsú.

Táthar ag lorg moltaí chomh maith maidir le conas cur le feasacht teanga an phobail agus na seirbhíse poiblí agus conas feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge.

Tá cáineadh láidir déanta ag daoine éagsúla maidir le cur chuige an Rialtais i dtaobh na Straitéise. Tá sé ráite, mar shampla, ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin gur cheart an Straitéis “a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua” i bhfianaise a laghad dul chun cinn, dar leis atá á dhéanamh ag an Rialtas.

www.tuairisc.ie

(English) TCD seminar to examine Irish legacy of Easter Rising

Samhain 24, 2015

www.irishtimes.com

Ardú tagtha ar líon na ndaltaí ar scoileanna lán-Ghaeilge Thuaisceart Éireann

Samhain 23, 2015

Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine atá cláraithe le scoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, dar le figiúirí nua ón Roinn Oideachais.

Tá 5,000 duine ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge – idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna – ar fud Thuaisceart Éireann. Tá 830 díobh sin ag freastal ar mheánscoileanna. Bhí leath an mhéid sin ann deich mbliana ó shin.

Tá 72% de na scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh neamhspleách agus freastalaíonn daltaí ó chúlraí Caitliceacha, Protastúnacha agus cúlraí eile nach iad orthu.

Tá a chúig oiread daltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge in Ulaidh Láir is a bhí trí bliana ó shin – an ráta is mó fás i dTuaisceart Éireann. Tá 467 dalta ar fad ag freastal ar scoileanna Uladh Láir, 256 acu sin in Oileán an Ghuail agus Dún Geanainn, 67 sa Chorr Chríochach agus 144 i Machaire Fíolta.

Ní raibh ach 13 ag freastal ar Ghaelscoil Eoghain sa bhliain 2013 ach tá 67 anois ann. Tháinig méadú ar líon na ndaltaí i nGaelscoil Aodha Rua freisin, ó 12 sa bhliain 2011 go 88 i mbliana.

Tá sraith Ghaeilge sa scoil Bhéarla St Joseph’s Grammar i nDomhnach Mór ó bhí an bhliain 2010 ann agus tá ag éirí go maith leis de réir thuairisc sa Tyrone Times faoi fhás an Ghaeloideachais ó thuaidh.

Mar sin féin, níl ach scoil amháin sa cheantar sin a bhfuil líon na ndaltaí atá cláraithe leis os cionn an líon is lú daltaí a theastaíonn de ghnáth de réir chritéir na Roinne Oideachais.

http://tuairisc.ie/ardu-tagtha-ar-lion-na-ndaltai-ar-scoileanna-lan-ghaeilge-thuaisceart-eireann/

Next Page »