Méid an Téacs

‘When the gurriers of Dublin shall have broken telephone boxes talking Irish, then we will have saved the language’

Samhain 25, 2015

Céard is brí le ‘Gaelach’? Bhí sí sin ar cheann de na ceisteanna ba mhó a tharraing díospóireacht ag seimineár Chonradh na Gaeilge a reáchtáladh i gColáiste na Tríonóide oíche Dé Luain.

‘Cad is brí le Saor agus Gaelach i 2016’ téama an tseimineáir, an dara ceann de chuid na sraithe atá á heagrú ag an gConradh mar chuid dá chlár do Chomóradh an Chéid 1916.

Labhair seisear ó réimse leathan cúlraí ar an téama sin i gcaitheamh na hoíche agus ag deireadh an phlé lean díospóireacht faoi chiall na bhfocal ‘Gael’ agus ‘Gaelach’.

Dúirt Íte Ní Chionnaith, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus iarléachtóir le Cumarsáid in DIT, gur mór an difríocht a bhí idir ‘Gaelach’ na Gaeilge agus ‘Gaelic’ an Bhéarla.

Mar fhreagra ar cheist a cuireadh ar an bpainéal i mBéarla, dúirt Ní Chionnaith: “I think there are huge undertones attached to the word ‘Gaelic’ that suggest ‘old-fashioned’ and ‘narrow-minded’. It’s not just to do with the language but with things that people don’t like and don’t want to be involved in, [things] that aren’t at all to do with the word ‘Gaelach’.

“You can’t translate them from one to another. If we’re talking in Irish about rincí, ceol or scoileanna Gaelacha, it just means that the Irish language is part of it, but when you start talking about Gaelic culture, it’s frequently used in a very derogatory way in the media to insult Irish speakers as being old-fashioned and out of sync with what’s happening around them.”

Thug an Dochtúir Chris McGimpsey, iarchomhairleoir cathrach i mBéal Feirste agus ball den UUP a léargas féin ar choincheap an Ghaelachais agus ar céard is ‘Gael’ ann.

“I’ve never felt myself to be a Gael. The question never actually arose. It’s not a question I’ve thought about, ‘am I Gael, no I’m not, yes I am’. I’ve always thought myself to be Irish, but that’s probably a generational thing. Many people would now call themselves Northern Irish.

“I never really felt myself as being Northern Irish except when it came to the Republic; you had to kind of identify yourself as being a slightly different kind of Irish. But generally whenever anyone ever asked what I was, I said I was Irish.”
Dúirt McGimpsey nár smaoinigh sé air féin mar Ghael ach go ráineodh gur Gael atá ann.

“People identify with their area. I feel Irish, I’ve never really thought about the question, could I be Gaelic? It’s an Irish name. I’m not sure if there’s that big of a difference between being Irish and being Gaelic. It’s possible to be Irish and wish Northern Ireland to remain part of the United Kingdom in the future,” a dúirt McGimpsey.

Dúirt an staraí an Dr Mary Harris go raibh difríocht mhór idir ciall na bhfocal ‘saor agus gaelach’ i 1916 agus ciall na bhfocal sin sa lá atá inniu ann.

Chaithfí a aithint gur pobal ‘ilghnéitheach’ atá i bpobal na Gaeilge inniu, a dúirt sí. Dúirt Harris go raibh tábhacht ar leith leis na meáin chumarsáide i gcur chun cinn na teanga ach go raibh a chrá croí féin ag baint le halt a scríobh i nGaeilge nach léifeadh mórán.

Dúirt an Dr Eunan O’Halpin, ollamh le stair i gColáiste na Tríonóide, gur scéal truamhéalach a bhí i scéal na Gaeilge agus an tSaorstáit agus dúirt sé nárbh fhada go mbrúfaí an Ghaeilge ó churaclam na scoileanna, mar a rinneadh leis an stair.
Dá ndéanfaí a leithéid, bheadh sé “disastrous and shameful” agus “national scandal” a bheadh ann, a dúirt sé.

Dúirt O’Halpin freisin nár cheart nasc rómhór a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an tÉireannachas. Dúirt sé go gcuireann an dá rud lena chéile ach nár cheart Éireannachas a shéanadh ar an té nach bhfuil an teanga aige.

Ghéill sé go mb’fhéidir go mbeadh eolas tábhachtach á chailleadh aige mar staraí ar chúrsaí na hÉireann mar gheall ar a easpa Gaeilge ach nach mórán de bhac a bhí ann agus taifid na hÉireann ón 20ú haois á léamh aige.
“I’ve been able to neogtiate the records of independent Ireland without hassle because they are mainly in English,” a dúirt O’Halpin.

Thug bean sa lucht féachana a dhúshlán ar an bpointe seo agus rinne cáineadh láidir ar a mheon nuair a bhíothas ag glacadh le ceisteanna ón urlár i ndiaidh na cainte.

“It is unacceptable not to read Irish or its translations if you are a historian,” a dúirt sí.
Tháinig an tEaspag Michael Burrows leis an tuairim sin, cé nár thagair sé do chaint an Ollaimh O’Halpin. Dúirt sé gurb ionann iarracht a thabhairt ar stair na hÉireann a léamh gan tuiscint ar an nGaeilge agus an tiomna nua a léamh gan ruainne beag Gréigise ag duine.

Bhain an óráid a thug an tEaspag uaidh gáire mhór as an lucht éisteachta agus é ag aithris scéalta faoina thaithí ar an nGaeilge mar Phrotastúnach ar náisiúnaithe a mhuintir i bPoblacht na hÉireann.

D’aithris sé scéal faoin mBreatain Bheag ina raibh óige na tíre sin ag scriosadh boscaí teileafóin agus an Bhreatnais á labhairt acu. Dúirt sé nach mbeadh an Ghaeilge slán go dtí go dtarlódh a leithéid in Éirinn.

“When the gurriers of Dublin shall have broken telephone boxes talking Irish, then we will have saved the language,” a dúirt an Ceart-Oirmhinneach Burrows.

Thug an tOllamh Allan I. MacInne as Ollscoil Shraith Chluaidh i nGlaschú léargas ar an dearcadh Albanach ar i dtaobh téama na hoíche agus dúirt nach ionann an dá rud – ‘saor agus Gaelach’ – ar chor ar bith in Albain. Dúirt sé nach bhfuil an Gháidhlig ar an gcloch is mó ar phaidrín an SNP ná baol air agus go bhfuarthas réidh le deireanas leis an aon chainteoir Gáidhlig a bhí ina Aire.

Dúirt an tOllamh MacInne nach mar a chéile cás na hÉireann agus cás na hAlban ó thaobh na teanga agus na féiniúlachta de. Dúirt sé gurb iad na daoine de shliocht na hÉireann agus na Pacastáine ba mhó a bhí ar son na saoirse in Albain agus nach raibh lucht labhartha na Gáidhlig chomh gníomhach sin i ngluaiseacht na saoirse sa tír sin.

Agus é ag trácht ar fheiniúlacht na nGael, dúirt sé gur féidir le duine feiniúlacht ilghnéitheach a bheith aige agus nach fearr ná níos measa d’Éireannach an Gael ná an Gall.

“I think that people have multi-layered identities and, without being too postmodernist, people can decide what matters to them. For example in my case, I come from a Highland Gaelic background. I feel Gaelic and Highland on one level, but you feel also Scottish and feel British and you can also feel European.

“But I think it’s what you decide, what matters most to you and to what situation you’re in: you could be in a certain area and decide that it’s more appropriate to be Highland or Gaelic here, or Irish, but ultimately it’s up to you to decide. There’s no one superiority by saying ‘I’m a super Irishman because I’m a Gael or an inferior Irishman because I’m not a Gael’. I feel people’s identity are a lot more multilayered,” a dúirt sé.

Tá Conradh na Gaeilge “an-sásta faoin rath” a bhí ar an seimineár. Dúirt Cuan Ó Seireadáin, Comhordatheoir Chlár 1916 an Chonartha, le Tuairisc.ie, go rabhthas sásta “go háirithe faoin tinreamh agus an comhrá spreagúil” a bhí ann idir na haoichainteoirí éagsúla.

“Is annamh a chloistear éagsúlacht tuairimí den tsórt sin ón aon ardán amháin agus tá muid ag tnúth leis na seimineáir eile ina leanfaidh an comhrá ar aghaidh agus in bpléifear ceisteanna eile a bhaineann le hoidhreacht Athbheochan na Gaeilge agus todhchaí an chultúir Ghaelaigh,” a dúirt Ó Seireadáin.

Beidh an chéad seimineár eile ar siúl i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar an 26 Eanáir nuair a phléifidh an polaiteoir agus fear gnó Máirtín Ó Muilleoir, an file Caitríona Ní Chleircín, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach Fiach Mac Conghail agus an t-Iar-Thánaiste Michael McDowell ‘Tábhacht na Gaeilge don fhéiniúlacht Éireannach’.