Méid an Téacs

Aitheantas Faighte ón Roinn Oideachais do Cheithre Scoil Nua

Aibreán 25, 2008

 

AITHEANTAS ÓN ROINN OIDEACHAIS FAIGHTE AG CEITHRE GAELSCOIL

NUA-BHEARTAITHE DO 2008

 

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. go mór roimh chinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, TD aitheantas sealadach a bhronnadh ar cheithre Ghaelscoil nua-bheartaithe do Mheán Fómhair 2008. Is cinneadh dearfach é seo a chinntíonn go mbeidh an ghaelscolaíocht mar rogha do thuismitheoirí agus do dhaltaí sna ceantair seo a leanas ónar eascair an t-éileamh:-

 

  • Gaelscoil na gClocha Liatha, Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin: Scoil Idirchreidmheach faoi phátrúnacht an bhForas Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Gaeilge.
  • Gaelscoil Ros Eo, Ros Eo, Co. Átha Cliath: Scoil Chaitliceach faoi phátrúnacht an bhForas Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge.
  • Gaelscoil Éadan Doire, Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí: Scoil Chaitliceach faoi phátrúnacht an bhForas Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge.
  • Gaelscoil Lorgan, Baile na Lorgan, Co. Mhuineacháin: Scoil Chaitliceach faoi phátrúnacht an Easpaig Chaitliceach.

 

D’fháiltigh Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin, roimh fhógra an Aire: "Tá an-chuid oibre déanta ag na Coistí Bunaithe, ar bhonn deonach, chun an t-aitheantas seo a bhaint amach. Tréaslaím na Patrúin agus na Coistí Bunaithe as a ndíograis agus guímid gach ráth orthu agus iad ag dul i mbun síol phobal na Gaeilge ina gceantar a chothú."

 

Deimhníonn an dul chun cinn seo gur rogha an-láidir í an Ghaelscolaíocht mar chóras oideachais i measc an phobail agus go leanann an fás, an fhorbairt agus an t-éileamh ar bhonn leanúnach. Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta ina leith go "leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. ag freastal ar éileamh órgánach an phobail agus ag pleanáil go réamhghníomhach chun a chinntiú go mbeidh soláthar oideachais lán-Ghaeilge, mar chóras oideachas ar ardchaighdeán ar fáil do gach duine sa  phobal. "

 

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 169 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

CRÍOCH.

 

 

Tuilleadh Eolais:    

Bláthnaid ní Ghréacháin 01-4773155      

Mícheál Ó Broin  087-9467700      

Fadhbanna Airgeadais ag Bunscoileanna

Aibreán 14, 2008

Íoslódáil grianghraf de na hEagrais Bainistíochta Bunscoile ag Teach Laighean trí chliceáil anseo

Íoslódáil Cur i Láthair na hEagrais Bainistíochta Bunscoile chuig an Comhchoiste an Oireachtais ar Oideachas agus Eolaíochta maidir le himní faoi mhaoiniú bunscolaíochta (11 Aibreán 2008) trí chliceáil anseo

Féach ar dhíospóireacht iomlán Chomhchoiste an Oireachtais ar Oideachas agus Eolaíochta ar imní na hEagrais Bainistíochta Bunscoile faoi mhaoiniú bunscolaíochta (11 Aibreán 2008), trí chliceáil anseo

Oscailt Oifigiúil Ghaelcholáiste Phort Láirge

Aibreán 9, 2008

D’oscail Martin Cullen, an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh Gaelcholáiste Phort Láirge.

Dúirt sé, "Déanaim comharghairdeas le bord bainistíochta na scoile agus leis an gCathaoirleach, agus dar ndóigh le Nollaig Ó Cionnaith, príomh-oide, as ucht an méid atá déanta cheana féin chun an Gaelcholáiste a chur chun seoil. Guím gach rath ar thodhchaí an choláiste seo. Go maire sibh!"

Níos mó den alt ó Waterford Today le fáil ag an nasc seo.

Feachtas Cóiríocht Cóir

Aibreán 6, 2008

 

Feachtas Náisiúnta GAELSCOILEANNA TEO.
CÓIRÍOCHT CHÓIR ANOIS! – AG ÉILEAMH RÉITEACH BUAN

Sheol GAELSCOILEANNA TEO. Feachtas Náisiúnta Olltoghcháin inniu – ‘CÓIRÍOCHT CHÓIR ANOIS! – AG ÉILEAMH RÉITEACH BUAN’ ag freagairt do pholasaí na heagraíochta ar son réitigh a éileamh ar dhrochstaid cóiríochta scoileanna lán-Ghaeilge na tíre seo, ach go háirithe ag an mbunleibhéal. Tarraingaíonn an feachtas aird na bpolaiteoirí, na bpáirtithe agus an Rialtais ar an ngéarchéim chóiríochta atá ar siúl i scoileanna Lán-Ghaeilge na tíre seo le blianta fada anuas.

Tá fás agus forbairt leanúnach ag teacht ar líon na scoileanna lán-Ghaeilge le breis agus 30 bliain anuas ach tá líon na scoileanna atá ag fanacht ar chóiríocht bhuan ag méadú seachas ag ísliú. Ag seoladh an fheachtais, dúirt Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin, gur "Dúshlán gan sárú go fóill san earnáil í géarchéim na cóiríochta ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal. Is beag dul chun cinn atá déanta san earnáil faoin gceist seo agus meabhraíonn an feachtas don Rialtas a fhreagracht i leith córais oiriúnach comhaontaithe a chur i bhfeidhm chun leasa páistí na tíre seo."

Léiríonn na fíricí:-
Go bhfuil 53% de scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal (131 scoil sa 26 contae) fós gan chóiríocht bhuan, is ionann sin agus iomlán de 69 scoil
I measc an 29 scoil a bunaíodh ó 1998 i leith, níl aon cheann acu i gcóiríocht bhuan
I measc an 58 scoil a bunaíodh ó 1994, tá 52 acu sin fós gan cóiríocht bhuan.

40 scoil ag fanacht 10 mbliain ar a laghad ar chóiríocht bhuan agus tá 9 scoil ag fanacht 20 bliain nó níos mó.

Sonraítear príomhthorthaí an taighde sa phacáiste eolais atá seolta mar chuid den fheachtas, agus leagtar amach réitigh éilithe ar staid an chórais cóiríochta reatha. Ina theannta, eisíodh cáipéis ar phríomhéilimh na heagraíochta ar an Rialtas ar son córais gaelscolaíochta feabhsaithe.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair ar bhonn 32 contae. Tá 5 bhunscoil lán-Ghaeilge ag oscailt Meán Fómhair 2007 móide 4 iarbhunscoil nua.

Tuilleadh Eolais:
Mícheál Ó Broin, Uachtarán 087-9467700
Oifig GAELSCOILEANNA TEO. 01 4773155

Críoch

PRÍOMHTHORTHAÍ SUNTASACHA Ó THORTHAÍ TAIGHDE GAELSCOILEANNA TEO., 2007

(Bhí 93% (122 scoil)mar ráta freagartha ar an gceistneoir a d’fhiosraigh staid na cóiríochta sna 131 bunscoil lán-Ghaeilge sna 26 contae, taobh amuigh den Ghaeltacht.)

CÚLRA
Géarchéim leanúnach

Tá géarchéim chóiríochta in earnáil na gaelscolaíochta go leanúnach le blianta anuas. Tá líon na scoileanna atá fós ag feitheamh ar chóiríocht oiriúnach ag méadú seachas ag ísliú. Níl sé inghlactha go bhfuil sé de chúram ar thuismitheoirí dul i mbun tiomsaithe airgid chun cur le ranníocaíochtaí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta i dtreo cíosa. Tugadh aitheantas don ghéarchéim seo i gClár an Rialtais, 2002:

"Beifear ag glacadh le hathbhreithniú cuimsitheach ar riachtanais na ngaelscoileanna agus na scoileanna go léir sa Ghaeltacht. Mar chuid d’obair na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, beifear ag déanamh athbhreithniú ar staid na bhfoirgneamh go léir atá na scoileanna seo ag úsáid agus beimid ag cur clár i gcrích chun a bheith cinnte go bhfuil siad oiriúnach de réir an chaighdeán".

Faraor, is beag an dul chun cinn atá déanta ar an gceist phráinneach seo. Ón méid atá bainte amach, ní leor é in aon chor. Is léir go bhfuil ag teip ar an gcóras chun tabhairt faoin bhfadhb. Is gá go ndéanfaidh an Rialtas tosaíocht den cheist, faoi mar a bhí geallta. Caithfear deireadh a chur leis na socraithe sealadacha mí-oiriúnacha agus gníomhú a éileamh ón Roinn ar thimpeallacht sláintiúil foghlama a bheith ar fáil dár ndaltaí.

CÓIRÍOCHT BHUAN AGUS NA FÍRICÍ
53% de ghaelscoileanna gan cóiríocht bhuan.

131 bunscoil lán-Ghaeilge sna 26 contae (níl an 5 bhunscoil nua a bheith ag oscailt Meán Fómhair 2007 san áireamh sa bhfigiúr seo). Faoi láthair tá 69 scoil i gcóiríocht shealadach, sin 53%.

I measc an 29 scoil a bunaíodh ó 1998 i leith níl aon cheann acu i gcóiríocht bhuan go fóill.
I measc an 58 scoil a bunaíodh ó 1994 tá 52 acu sin fós gan cóiríocht bhuan, a chuimsíonn 90% den iomlán sa tréimhse seo.

Bunaíodh 104 scoil idir 1983 agus 2006. Tá 69 scoil, sin 66%, gan cóiríocht bhuan. As seo:-
34 scoil bunaithe idir 1983 agus 1989 – 10 scoil gan cóiríocht bhuan – 29%.
51 scoil bunaithe idir 1990 agus 1999 – 40 scoil gan cóiríocht bhuan – 78%.
19 scoil bunaithe idir 2000 agus 2006 – 19 scoil gan cóiríocht bhuan – 100%

40 scoil ag fanacht 10 mbliain ar a laghad ar chóiríocht bhuan agus 9 gcinn astu sin ag fanacht 20 bliain nó níos mó.

OIRIÚNACHT NA CÓIRÍOCHTA
59% de ghaelscoileanna i gcóiríocht nach bhfuil oiriúnach.

Luaigh 59% de na bunscoileanna a d’fhreagair nach bhfuil an chóiríocht atá ag an scoil oiriúnach, bíodh sé buan nó sealadach.

I measc na gcúiseanna a sonraíodh do mhí-oiriúnacht na cóiríochta áirítear :-

Seomraí Réamhdhéanta
Tá 22 scoil ag brath go hiomlán ar sheomraí réamhdhéanta
Tá 25 scoil eile ag baint úsáide as seomraí réamhdhéanta

Sean-Fhoirgnimh
– mar shampla i sean-thrádstóras, sean-ospidéal eitinne, srl. agus na deacrachtaí gaolmhara – ar a n-áirítear costais arda teasa, fuinneoga nach n-osclaíonn, poll sa díon/san urlár, tais.

Comhroinnt Spáis
Ag comhroinnt spáis le club spóirt agus na deacrachtaí gaolmhara a chuimsíonn stóráil fearais agus easpa príobháideachais
Gan dóthain leithris do dhaltaí ná do mhúinteoirí

Easnaimh sna Scoileanna
49 (40%) scoil nach bhfuil halla acu nó halla oiriúnach
33 (27%) scoil gann ar spás agus ar seomraí ranga féin
13 (11%) scoil nach bhfuil deis forbartha fisiciúil acu agus mar sin nach féidir freastal ar an éileamh ar áiteanna
23 (19%) scoil nach bhfuil seomra foirne acu nó seomra foirne mí-oiriúnach
19 (16%) scoil nach bhfuil seomra tacaíocht foghlamtha acu nó seomra tacaíocht foghlamtha oiriúnach
18 (15%) scoil nach bhfuil clós acu nó clós oiriúnach
9 (7.5%) scoil nach bhfuil seomra acmhainne acu.

Bun-áiseanna eile in easnamh:
oifig,
páirc imeartha,
spás stórála,

Samplaí d’easnaimh sna scoileanna:
Halla, seomra foirne, seomra riachtanais speisialta agus áit stórála
Halla, seomra tacaíocht foghlamtha, spás stórála agus oifig cheart
Cé go bhfuil an-éileamh ar an scoil, ní féidir leo aon gheallúint a thabhairt do thuistmitheoirí. Faoi láthair tá siad gann ar halla, seomra foirne agus áit stórála
Leithreas amháin idir 100 páiste, ag roinnt spáis le Club Peile agus ag baint úsáide as seomraí réamhdhéanta. 11 bliain ag feitheamh ar scéal ón Roinn
Ag brath go hiomlán ar sheomraí réamhdhéanta atá i ndrochchuí ar fad. Tá suíomh aitheanta le 5 bliain anuas ach níl aon dul chun cinn tar éis tarlú.

Luaigh 3 scoil atá i gcóiríocht shealadach nach bhfuil aon chinnteacht acu don bhliain scoile seo chugainn ó thaobh suímh de.

FADHBANNA SLÁNDÁLA :
13% de ghaelscoileanna buartha faoi fhadhbanna slándála.

Luaigh 16 (13%) scoil go bhfuil fadhbanna slándála sa scoil. Cuimsíonn samplaí:
poll sa díon agus san urlár, uisce ag sileadh isteach, fadhbanna le teas agus leictreachas, fadhbanna le francaigh, seomraí ar fad thuas staighre, an clós páirceála in úsáid mar chlós imeartha srl.

CÍOS NA SCOILEANNA (scoileanna gan cóiríocht bhuan)
Os cionn €4,500,000 in aghaidh na bliana caite ar chíos

D’fhreagair 58 bunscoil an cheist a bhain le cíos a íoc – agus soiléiríodh go bhfuil €4,500,000 á íoc ag na scoileanna seo in aghaidh na bliana.

ÁR nÉILIMH

Tá líon beag den 69 scoil gan chóiríocht bhuan ar liosta tógála na Roinne faoi láthair ach is gá gníomhú go práinneach chun scannal na scoileanna atá ag feitheamh le fada ar chóiríocht bhuan a chur ina cheart, mar sin éilímid:
• go dtabharfaí tosaíocht do ghéarchéim staid na cóiríochta i scoileanna le haitheantas buan atá i gcóiríocht shealadach laistigh den Rannóg Pleanála sa Roinn.

Glacann Gaelscoileanna Teo. leis go mbíonn ar scoileanna tús a chur leis an bhfás i gcóiríocht shealadach ach ba chóir go gciallódh ‘sealadach’ sealadach, mar sin éilímid:
• go mbeidh pleanáil réamhghníomhach ann do sholáthar suíomhanna trí struchtúr comhaontaithe idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus na húdaráis áitiúla.

• go mbeidh dualgas reachtúil ar lucht pleanála sna comhairlí áitiúla suíomhanna cuí a aimsiú agus a chur ar leataobh do scoil a luaithe is a bhíonn an t-aitheantas buan bronnta orthu, móide cead ordú ceannaigh éigeantach a bheith acu.

• go mbeidh dualgas reachtúil ar Oifig na nOibreacha Poiblí suíomh a cheannach laistigh de thréimhse 3 bliana ó bhronntar an t-aitheantas buan ar an scoil.

Idir an dá linn, ní chóir d’aon scoil, nuabhunaithe ná seanbhunaithe, a bheith ag fulaingt i gcóiríocht mí-oiriúnach, mar sin éilímid:
• go mbeidh íoschaighdeán de chóiríocht shealadach do scoileanna, idir spás agus caighdeán fisiciúil, móide scála ama an tréimhse sealadaigh do gach scoil a bheith chomhaontaithe.

Níl sé cothrom go bhfuil ar scoileanna i gcóiríocht shealadach airgead a thiomsú chun cur le ranníocaíochtaí na Roinne i dtreo cíosa, mar sin éilímid:
• go mbeidh cúram cíosa 100% ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta do gach scoil le haitheantas buan, agus

• i gcás scoileanna gan aitheantas buan, aisíoc iomlán ar an difir idir 75% agus 100% tar éis don scoil aitheantas buan a bhaint amach.

CÓIRÍOCHT CHÓIR ANOIS!