Gaelscoil an tSeanchaí
Feabhra 26, 2010
Gaelscoil Sheoirse Clancy
Feabhra 26, 2010
War of words over plan for Irish school
Feabhra 18, 2010
Aitheantas Oifigiúil don Chóras Luath-Tumoideachais sna Gaelscoileanna
Feabhra 16, 2010
Tá cúis an-mhór ceiliúrtha ag gaelscoileanna na tíre seo le poiblí an scéala inniu go bhfuil deireadh tagtha le ciorclán 0044/2007 maidir le Teanga agus Litearthacht i Ranganna Naíonán i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán. Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. go mór roimh chinneadh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta an ciorclán conspóideach a aistharraingt agus an córas luath-thumoideachais a aithint go hoifigiúil. Tagann cinneadh na Roinne i ndiaidh tréimhse dhá bhliain go leith do dhian-fheachtas san earnáil i gcoinne eisiúint an chiorcláin sa bhliain 2007. Ba é príomhéileamh an fheachtais ná aistharraingt an chiorcláin, céim atá bainte amach inniu. Fágann sé seo go bhfuil na héilimh eile a bheidh mar thacaíocht don chóras luath-thumoideachais le réiteach le fóill, is é sin aontú ar na múnlaí a bheidh aitheanta mar chuid den chóras luath-thumoideachais agus ar an gclár taighde a bheidh mar bhonn d’fhorbairt an chórais. Osclaíonn an cinneadh seo an doras afách d’fhorbairt riachtanach agus cuimsitheach ar an gcóras luath-thumoideachais sna gaelscoileanna. Is í an chéad chéim eile sa phróiseas ná go ndéanfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta dréacht-ionstraim reachtúil a eisiúint a chuimseoidh an tréimhse luath-thumoideachais, agus go ndéanfar plé agus comhairliúchán leis na bpáirtnéirí leasmhara sa ghaeloideachas ar an rialachán seo sula gcuirfear i bhfeidhm é.
Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas le h-iarratsóirí sa chúis dlí agus gabhann an eagraíocht buíochas mór leo siúd a bhí mar chuid dá toscaireacht atá ag plé na ceiste agus ag lorg réitigh ar an gceist leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó thús an fheachtais. Aithníonn GAELSCOILEANNA TEO. ról lárnach ár bpáirtnéirí Gaeilge, páirtnéirí oideachais agus na ceardchumainn ach go háirithe.
Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. ina thaobh, “is scéal an-dearfach atá ann agus fáiltímid go mór roimh chinneadh na Roinne bonn ceart a chur faoin gcóras agus deis a thabhairt do na scoileanna an córas is éifeachtaí sealbhaithe teanga a chur i bhfeidhm ina scoileanna. Is léiriú iontach é an scéal seo ar an éifeacht a bhíonn ag comhoibriú agus táimid an-bhuíoch don earnáil ar fad, na scoileanna a rinne dian-stocaireacht leanúnach ina thaobh agus na h-iarratasóirí a throid i gcoinne eisiúint an chiorcláin an chéad lá riamh.”
Tugann Mícheál Ó Broin, Uachtarán na heagraíochta aitheantas don chomhoibriú leis an Roinn, “gabhaimid buíochas le toscaireacht na Roinne a bhí i mbun na gcomhchainteanna linn. Tríd an cinneadh seo, léiríonn siad a dtuiscint do thábhacht agus rath an chórais agus táimid ag súil go mór le comhoibriú leanúnach leo agus leis na páirtnéirí leasmhara ar an gceist faoi na múnlaí a aithneofar agus ar fhorbairt an chórais trí acmhainní agus chlár taighde cuí a chur i bhfeidhm”.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 169 gaelscoil agus 38 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.
Tuilleadh eolais:
Bláthnaid Ní Ghréacháin 01 8535195
Mícheál Ó Broin 087-9467700
oifig@gaelscoileanna.ie
CRÍOCH
Díomá Léirithe ag Gaelscoileanna Teo. faoi Easpa Aitheantais do Ghaelscoileanna Nua i 2010
Feabhra 16, 2010
Tá an-díomá ar GAELSCOILEANNA TEO., eagraíocht ionadaíochta do 140 bhunscoil lán-Ghaeilge, leis an gcinneadh a d’fhógair An Roinn Oideachais agus Eolaíochta inniu i leith aitheantais do scoileanna nua i 2010. Bhí 9 gceantar sprioc-aitheanta faoin bplean Soláthar Bunoideachais ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun scoileanna a oscailt iontu Meán Fómhair 2010. D’fhógair an Roinn inniu gur 7 gceantar atá ceadaithe. Ní bheidh aon ghaelscoil i measc an 7 scoil nua a mbunófar i 2010 in ainneoin go raibh iarratas láidir do 2010 faoi bhreithiúnas na Roinne ó choiste bunaithe Rath Eo. Níor tugadh aitheantas ach an oiread d’aon ceann den seacht ngaelscoil a rinne iarratas ar aitheantas do 2010 roimh gur fógraíodh an 9 gceantar de réir córais pleanála na Roinne.
Téann cinneadh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta glan i gcoinne cearta an tuismitheora oideachas oiriúnach a roghnú dá bpáistí, mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann, gan trácht ar iallach an stáit an Ghaeilge a chaomhnú agus úsáid na teanga a spreagadh.
An bhliain seo caite, chuir an tAire Oideachais deireadh leis an gcóras a bhí ann le scoileanna nua a bhunú go neamhspleách. Roimhe seo, bhí cead ag gaelscoileanna agus na scoileanna eile pátrún‑bhunaithe aitheantas sealadach a lorg nuair a bhí 17 ar an rolla acu agus aitheantas buan a lorg nuair atá 51 dalta cláraithe leo. D’aithin sé seo an tslí ina fhásann an scoil agus an ról tábhachtach atá aici sa chomhphobal ina fheidhmíonn sí. Níor dhún scoil lán-Ghaeilge riamh de bharr líon na ndaltaí ag ísliú, agus níor cuireadh tús le gaelscoil riamh gan feachtas láidir ón bpobal agus ó thuismitheoirí a bheith taobh thiar de. Anois tá scoileanna nua le bunú ag an Roinn nach bhfuil ag teacht leis an éileamh atá sna ceantair ina bhfuil siad á mbunú, agus is cosúil nach mbaineann rogha na dtuismitheoirí beag ná mór le plean na Roinne. Tá gaelscoileanna timpeall na tíre ag cur páistí ón doras toisc iad a bheith lán, agus cé go bhfuil éileamh cruthaithe don ghaelscolaíocht sna ceantair ina bhfuil an seacht gcoiste bunaithe gaelscoile ag feidhmiú, ní bheidh cead ag aon ceann acu scoil a bhunú i 2010.
Eascraíonn an t‑oideachas is fearr as an gcomhphobal agus as toilteanas na dtuismitheoirí páirt a ghlacadh sna próisis bunaithe, bainistíochta agus fealsúnachta agus caomhnaítear an tacaíocht seo trí chóras na bpatrún. Ní ceart go gceistófar an bealach is éifeachtúla le tionchar a imirt ar thodhchaí ár bpáistí ar bhonn eacnamaíochta. Bréagnaíonn cinneadh an Aire gan aon ghaelscoil nua a oscailt i 2010 gealltanas an Rialtais tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus é a chothú mar a leagadh síos i Straitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge.
Beidh GAELSCOILEANNA TEO. ag lorg tuilleadh soiléirithe ón Roinn maidir leis na gcritéir a tugadh san áireamh agus an cinneadh seo á dhéanamh faoin bplean Soláthar Bunoideachais do 2010, agus leanfar leis an stocaireacht le gaelscolaíocht a chur ar fáil mar rogha do pháistí na tíre.
Críoch
Eolas sa bhreis:
Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.
01 4773155 nó 086 8050335
Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO.
0879467700
Comhdháil Theagasc trí Ghaeilge
Feabhra 15, 2010
CLIL agus an Teagasc Trí Ghaeilge
Comhdháil lae in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an Satharn 27 Feabhra
Eagraithe ag Scoil an Oideachais, OÉ, Gaillimh, i gcomhpháirt le Gaelscoileanna Teo
Cén bealach is fearr le hábhar a mhúineadh trí Ghaeilge ionas go bhfuil tú ag freastal ar riachtanais an ábhair agus ar riachtanais na teanga in éindí?
Le 40% de mharcanna na hArdteiste le dul ar chumas labhartha na teanga ón bhliain 2012 ar aghaidh, tá tábhacht thar na beartaibh anois le teacht ar mhodhanna nua, spreagúla chun an Ghaeilge a mhúineadh, agus chun foghlaimeoirí a chur ag caint!
Cad é CLIL? Content and Language Integrated Learning. An teanga agus an t-ábhar á dteagasc in éindí. Modh pan-eorpach atá anseo chun ábhar agus teanga a mhúineadh as lámha a chéile. Tá an modh seo in úsáid go rathúil ar fud na hEorpa, agus tá féidearthachtaí iontacha ann do scoileanna na hÉireann agus do theagasc na Gaeilge.
Bíonn foghlaimeoirí ag labhairt na teanga i ngan fhios dóibh féin leis an modh seo!
Beidh aoichainteoirí idirnáisiúnta agus Éireannacha ag labhairt ag an gComhdháil seo. Ina measc beidh David Marsh, Ollscoil Jyvaskyla, An Fhionlann, a dhíreoidh ar ‘Fás agus Forbairt CLIL san Eoraip’, Do Coyle, Ollscoil Nottingham, a bhfuil taithí na mblianta aici ar thraenáil múinteoirí i modhanna CLIL, Muiris Ó Laoire, IT Trá Lí, saineolaí ar shealbhú teanga, a bheidh ag caint mar gheall ar CLIL i gcomhthéacs na hÉireann, Áine Furlong, IT Phort Láirge, a thaispeánfaidh modhanna chun áiseanna agus ábhar CLIL a chruthú don cheacht ranga, Yolanda Ruiz de Zarobe, Ollscoil Thír na mBascach, a bheidh ag labhairt mar gheall ar CLIL a chur i bhfeidhm mar mhionteanga i dTír na mBascach, Carmel Mary Coonan, Universita Ca’Foscari di Venezia, an Iodáil, a bheidh ag labhairt mar gheall ar CLIL sa seomra ranga, agus Olive Ní Chonghaile, Clochar na Trócaire, Tuam a dhéanfaidh cur síos ar an taithí a bhí aici ag cur clár CLIL ar bun ina scoil féin.
An bhféadfá cuid den dara ábhar atá agat a mhúineadh trí Ghaeilge?
Faigh amach cén chaoi len é a dhéanamh ag an gComhdháil seo!
Beidh deis ag an gComhdháil seo nasc a chruthú le múinteoirí eile ar fud na tíre atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge, straitéisí nua a fhoghlaim, smaointe nua agus cur chuige difriúla a thriail.
Tá an Chomhdháil seo dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge i meánscoileanna ar fud na tíre, go háirithe iad siúd leis an dara ábhar teagaisc, ach beidh díol spéise ann freisin, do aon duine ar spéis leo an Ghaeilge agus modhanna teagaisc na teanga.
€55 an costas atá ar an lá, sólaistí agus lón san áireamh. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhdháil agus áit a chur in áirithint ar líne ach féachaint ar www.conference.ie nó glaoigh ar Sinéad ag 091 492861 nó Nora ag 01 8535191
Lack of a new gaelscoil angers teaching groups
Feabhra 10, 2010
Gaelscoil row erupts again over proposal
Feabhra 10, 2010
‘Cuíchóiriú’
Feabhra 10, 2010
Beidh dhá chruinniú chinniúnacha ag na heagraíochtaí deonacha an tseachtain seo a thabharfaidh buille faoi thuairim faoina bhfuil i ndán dóibh.
Tiocfaidh na heagrais le chéile amárach ar Iúr Cinn Trá, Co an Dúin, le plé inmheánach a dhéanamh ar a gcuid ról agus Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge á hullmhú. Bhunaigh na heagraíochtaí iad féin meitheal oibre Nollaig 2009 le hanailís a dhéanamh ar a gcás agus le treoirphrionsabail a leagadh amach a bhain le córas maoinithe, modhanna cumarsáide agus struchtúr comhoibrithe na hearnála.
Sa bhreis air sin, beidh cruinniú ag na heagraíochtaí le Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé hAoine. Scríobh príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, chun na n-eagras ag tús na míosa seo le hinsint dóibh gur thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) treoir d’Fhoras na Gaeilge “cuíchóiriú a dhéanamh ar an dóigh a mhaoinítear na heagrais bhunmhaoinithe” ag cruinniú i mí na Nollag, 2009. Chuir Roinn na Gaeltachta litir chun an Fhorais inar chuir siad “in iúl na socruithe a bhí aontaithe” idir Aire na Gaeltachta Éamonn Ó Cuív, TD, agus Aire Cultúir Thuaisceart Éireann Nelson McCausland.
Moladh gur chóir iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach, ó eagras amháin nó líon teoranta eagraíochtaí agus gan athnuachan a dhéanamh “ar bhonn bliantúil ar thiomantais bhunmhaoinithe atá ann cheana de réir mar a théann siad in éag”. Tá Foras na Gaeilge le comhairleoirí a cheapadh le “samhail nua maoinithe” a ullmhú don earnáil dheonach, le maoiniú eatramhach a chur ar fáil do na heagrais go dtí lár na bliana seo ach gan aon chinnteacht ann go mbeidh maoiniú ar fáil don dara leath de 2010 agus “moltaí agus tuairim na n-eagras maidir leis an bhealach chun tosaigh a fháil”.
Irish Times – Pól Ó Muirí
10 Feabhra 2010
New methods of teaching Irish to be subject of NUI Galway conference
Feabhra 4, 2010