Méid an Téacs

Aitheantas Oifigiúil don Chóras Luath-Tumoideachais sna Gaelscoileanna

Feabhra 16, 2010

Tá cúis an-mhór ceiliúrtha ag gaelscoileanna na tíre seo le poiblí an scéala inniu go bhfuil deireadh tagtha le ciorclán 0044/2007 maidir le Teanga agus Litearthacht i Ranganna Naíonán i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán. Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. go mór roimh chinneadh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta an ciorclán conspóideach a aistharraingt agus an córas luath-thumoideachais a aithint go hoifigiúil. Tagann cinneadh na Roinne i ndiaidh tréimhse dhá bhliain go leith do dhian-fheachtas san earnáil i gcoinne eisiúint an chiorcláin sa bhliain 2007. Ba é príomhéileamh an fheachtais ná aistharraingt an chiorcláin, céim atá bainte amach inniu. Fágann sé seo go bhfuil na héilimh eile a bheidh mar thacaíocht don chóras luath-thumoideachais le réiteach le fóill, is é sin aontú ar na múnlaí a bheidh aitheanta mar chuid den chóras luath-thumoideachais agus ar an gclár taighde a bheidh mar bhonn d’fhorbairt an chórais. Osclaíonn an cinneadh seo an doras afách d’fhorbairt riachtanach agus cuimsitheach ar an gcóras luath-thumoideachais sna gaelscoileanna. Is í an chéad chéim eile sa phróiseas ná go ndéanfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta dréacht-ionstraim reachtúil a eisiúint a chuimseoidh an tréimhse luath-thumoideachais, agus go ndéanfar plé agus comhairliúchán leis na bpáirtnéirí leasmhara sa ghaeloideachas ar an rialachán seo sula gcuirfear i bhfeidhm é.

Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas le h-iarratsóirí sa chúis dlí agus gabhann an eagraíocht buíochas mór leo siúd a bhí mar chuid dá toscaireacht atá ag plé na ceiste agus ag lorg réitigh ar an gceist leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó thús an fheachtais. Aithníonn GAELSCOILEANNA TEO. ról lárnach ár bpáirtnéirí Gaeilge, páirtnéirí oideachais agus na ceardchumainn ach go háirithe.

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. ina thaobh, “is scéal an-dearfach atá ann agus fáiltímid go mór roimh chinneadh na Roinne bonn ceart a chur faoin gcóras agus deis a thabhairt do na scoileanna an córas is éifeachtaí sealbhaithe teanga a chur i bhfeidhm ina scoileanna. Is léiriú iontach é an scéal seo ar an éifeacht a bhíonn ag comhoibriú agus táimid an-bhuíoch don earnáil ar fad, na scoileanna a rinne dian-stocaireacht leanúnach ina thaobh agus na h-iarratasóirí a throid i gcoinne eisiúint an chiorcláin an chéad lá riamh.”

Tugann Mícheál Ó Broin, Uachtarán na heagraíochta aitheantas don chomhoibriú leis an Roinn, “gabhaimid buíochas le toscaireacht na Roinne a bhí i mbun na gcomhchainteanna linn. Tríd an cinneadh seo, léiríonn siad a dtuiscint do thábhacht agus rath an chórais agus táimid ag súil go mór le comhoibriú leanúnach leo agus leis na páirtnéirí leasmhara ar an gceist faoi na múnlaí a aithneofar agus ar fhorbairt an chórais trí acmhainní agus chlár taighde cuí a chur i bhfeidhm”.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 169 gaelscoil agus 38 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

Tuilleadh eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin                   01 8535195

Mícheál Ó Broin                                  087-9467700

oifig@gaelscoileanna.ie

CRÍOCH