Méid an Téacs

Scoileanna Nua Lan-Ghaeilge ag oscailt

Lúnasa 29, 2007

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh oscailt 4 bhunscoil lán-Ghaeilge agus 4 iarbhunscoil lán-Ghaeilge mí Meán Fómhair 2007 a bheas ag oscailt a gcuid doirse don chéad uair i mbliana.

Is iad na bunscoileanna lán-Ghaeilge atá i gceist ná:-

  1. Gaelscoil Chluainín, Cluainín Úí Ruairc, Co. Liatroma (gur scoil le sainmheon caitliceach í),
  2. Gaelscoil na bhFilí, Gort Inse Guaire, Co. na Gaillimhe,
  3. Gaelscoil an Bhradáin Feasa, An Inse, Co. na Mí, atá faoi phátrúnacht Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, agus
  4. Gaelscoil Chionn tSáile, Cionn tSáile, Co. Chorcaí, scoil Chaitliceach faoi phátrúnacht Easpag Chorcaí & Ross.

Is iad na h-iarbhunscoileanna nua a bheas ag oscailt ná:-

  1. Gael-choláiste Phort Láirge, Cathair Phort Láirge,
  2. Meánscoil Charman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman,
  3. Gaelcholáiste Bhun Cranncha, Bun Chranncha, Co. Dún na nGall, agus
  4. Gaelcholáiste an Inbhear Mór, Co. Chill Mhantáin.

Fáiltítear go mór freisin roimh na scoileanna nua lán-Ghaeilge ó thuaidh, atá ag oscailt le cabhair agus tacaíocht ár gComhpháirtithe Oideachais ó thuaidh, Comhairle na Gaelscolaíochta. Is iad na scoileanna seo ná Gaelscoil Éanna, Gleann Ghormlaithe. Co. Aontroma agus Coláiste Spéirín, an Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain.

D’fháiltigh Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO., Bláthnaid ní Ghréacháin, go mór roimh an dul chun cinn seo atá mar cheiliúradh ar an méid atá bainte amach ag na coistí bunaithe agus in earnáil na gaelscolaíochta. Deir sí, "Tréaslaím leis na coistí bunaithe as a ndíograis agus as a gcuid tiomántais thar cuimse ó thús go deireadh le blianta beaga anuas agus iad ag gníomhú leo go dian agus ar bhonn deonach chun a chinntiú go ndéantar soláthar d’oideachais lán-Ghaeilge dá bpáistí." Dhearbhaigh sí go bhfuil éileamh agus fás leanúnach agus méadaitheach tagtha ar an ngaeloideachas ag an dá leibhéal le blianta beaga anuas agus nach raibh an fás chomh mór le beagnach 10 mbliana anuas, nuair a d’oscail 11 scoil i 1998.

Ach ar an drochuair, shoiléirigh sí gur i gcóiríocht shealadach a bheas na scoileanna seo ag feidhmiú go ceann roinnt bhlianta, ar aon dul le beagnach 50% d’iomlán na mbunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír, idir nua agus sean-bhunaithe. Deir sí áfach ina thaobh, "go leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. i mbun stocaireachta ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun staid na scoileanna lán-Ghaeilge a fheabhsú, idir cóiríocht chóir agus acmhainní cuí a thagann le hardchaighdeán an chórais gaelscolaíochta."

Guímid gach rath ar na scoileanna nua, na Príomhoidí agus múinteoirí maraon leis na daltaí atá ag tosú amach i ré nua thábhachtach ina saol agus a dtuismitheoirí ar an ócáid bhrodúil seo. Guímid gach rath freisin ar gach scoil lán-Ghaeilge atá ag ath-oscailt na doirsí agus ag tabhairt faoi bhliain úr scoile agus iad ag saothrú leo ag cur sároideachais ar fáil trí Ghaeilge.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 168 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht (ar bhonn 32 contae) ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

CRÍOCH.

Tuilleadh Eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin 01-4773155

Mícheál Ó Broin 087-9467700