Míreanna mealltacha i Mainistir Fhear Muí ag Scléip Gael Linn 2017!
Samhain 24, 2016
Buaiteoirí an chomórtais ‘Rince Cruthaitheach do ghrúpaí – Sóisear’, Ciara, Áine agus Áine Rose, ó Choláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
An grúpa ‘Na Fianna’ ó Ghaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh, ar stáitse ag Scléip Gael Linn i Mainistir Fhear Muí – ríméad orthu a bheith roghnaithe le dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann den chomórtas i mBaile Átha Cliath ar an Déardaoin, 2 Feabhra 2017!
Sárscoil Fíbín don Idirbhliain ag tosú i mí Feabhra 2017!
Samhain 23, 2016
An bhfuil aon suim ag do ghrúpa Idirbhliana teacht go Conamara ar ghearrchúrsa i mí Feabhra? Beidh an chéad Sárscoil Fíbín don Idirbhliain á rith i gConamara ón 13-15 Feabhra agus ón 15-17 Feabhra 2017 agus tá muid sa tóir ar scoileanna a mbeadh spéis acu tabhairt faoin scéim píolótach seo.
Fuair muid iarratais ó chomhordaitheoirí Idirbhliana le cúpla bliain anuas a leithéid de chúrsa a rith mar sin tá muid chun géilleadh an bhliain seo chugainn. Costas €100 in aghaidh an scoláire atá i gceist a chlúdaíonn lóistín, bia, na ceardlanna srl. Gearrchúrsa 2 lá go leith atá i gceist Luan-Céadaoin nó Céadaoin-Aoine i nGaeltacht Chonamara.
Beidh ceardlann faoi thaifeadadh ar fhón póca, Ceol & Amhráin Nuachumtha, Charades/Drámaíocht bunaithe ar an tSraith Pictiúir don Ardteist, Siúlóid Dúlra & Oidhreachta, Aisteoireacht ar radhairc ón scrúdú béil…..agus go leor craic agus spraoi ar an ngearrchúrsa seo i g Conamara.
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com
Seirbhísí Riaracháin trí Ghaeilge ón Roinn Oideachais & Scileanna – Suirbhé
Samhain 23, 2016
Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla.
D’fhonn ár seirbhísí do chustaiméirí trí Ghaeilge a fhorbairt, go háirithe maidir leis na gealltanais inár Scéim Teanga 2016-2019 a chur chun feidhme, táimid ag iarraidh ort anois suirbhé a chomhlánú ionas go mbeimid in ann ár seirbhísí riaracháin trí Ghaeilge a fheabhsú chun freastal níos fearr ar do riachtanais.
Sa suirbhé seo iarrtar ar fhreagraithe sprioc-rannóga sa Roinn a ainmniú i dtaca le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge. Chuige sin, is féidir go mbainfidh tú leas as breathnú ar ár gCairt Eagraíochta agus rannóga á n-ainmniú agat.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go dtugann an Roinn freagra i nGaeilge do chumarsáid scríofa a fhaighimid i nGaeilge faoi láthair, de réir alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 Nasc chuig an Acht. Chomh maith leis sin, déanann an Roinn socruithe le go n-aistrítear roinnt mhaith doiciméad agus foilseachán na Roinne go Gaeilge de réir fhorálacha an Achta, ár Scéime Teanga agus reachtaíocht eile. Tá fáil ar sheirbhís theoranta teileafóin trí Ghaeilge freisin.
Comhlánaigh an suirbhé faoi 5pm Dé Máirt an 20 Nollaig 2016. Má bhíonn aon cheist agat, seol ríomhphost chuig Gaeilge@education.gov.ie
Tabhair faoi deara go mbeidh na freagraí a thugtar ar an suirbhé faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 Nasc chuig an Acht um Shaoráil Faisnéise agus go bhféadfadh go bhfoilseofaí iad, i dteannta d’ainmse, ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Ba mhór againn do thuairimí luachmhara a fháil, rud a chabhródh linn seirbhís riaracháin níos fearr a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí.
Le meas,
An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha
Cliceáil ar an nasc seo : Suirbhé do Chustaiméirí
FÍSEÁN: An Ghaeltacht Abú! Dúshlán imreoirí Chonnacht tugtha le ‘haka’ Gaeltachta!
Samhain 23, 2016
Tugadh blaiseadh dúinn ar Nuacht TG4 aréir de ‘Haka’ Gaeltachta imreoirí rugbaí óga a sheas an fód lena ‘Haka’ féin nuair a thug foireann rugbaí Chonnachta cuairt ar an gCeathrú Rua i gConamara inné: Féach www.tuairisc.ie
Scléip Gael Linn 2017 faoi lánseol!
Samhain 23, 2016
Buaiteoirí an chomórtais Rince Cruthaitheach ( Grúpaí) Sinsear, scoláirí na hIdirbhliana ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Cuireadh tús spleodrach le Scléip 2017 i nGaillimh le déanaí, le scoth an cheoil, na hamhránaíochta, na haisteoireachta agus an rince ! Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Eagraithe ag Gael Linn, is ardán don óige é a chuireann béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Bíonn deis ag daltaí ceol, amhráin, cóireagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóir proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.
Reáchtáladh réamhbhabhta réigiúnach an iarthair den chomórtas i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt, 22 Samhain. Chuaigh scoláirí ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin agus Gaelcholáiste Luimnigh ar ardán san amharclann stairiúil seo. Agus ba é an chéad uair é ag scoláirí ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán agus Coláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh, a bheith rannpháirteach san ócáid bhliantúil seo! Thréaslaigh na moltóirí, Mícheál Ó Ciaraidh agus Méabh Ní Thuathaláin, leis na ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí agus rinceoirí uilig a chur taispeántais ilchineálacha os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair. Rachaidh na buaiteoirí seo a leanas ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas ar an 2 Feabhra 2017, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig !
Rince Cruthaitheach – Aonair ( Sóisear ):
Raphi Nic an Ghearr, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Rince Cruthaitheach – Grúpaí ( Sinsear ):
Idirbhliain an Eachréidh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Sceitse Nuachumtha ( Sóisear ):
‘Luaithrín’, Grúpa ‘Balor’, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Sceitse Nuachumtha ( Sinsear ):
‘Coróin na Foraoise’, Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ):
Bláithín Ní Ghallachóir, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ):
Ruairc Ó Murchú, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Slua-amhránaíocht ( Sóisear ):
‘Binneas’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Slua-amhránaíocht ( Sinsear ):
‘Pléasc’, Coláiste Naomh Éinne, Cill Rónáin, Inis Mór, Oileáin Árainn
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan (Sóisear ):
Rhianna Nic Dhomhnaill, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan (Sinsear ):
Sonny Ní Chathasaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Grúpaí Amhránaíochta Chomhairseartha le féintionlacan ( Sóisear ):
‘Grád A’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Grúpaí Amhránaíochta Chomhairseartha le féintionlacan ( Sinsear ):
Sorcha Ní Choncharraige, Stiofán Ó Ceallaigh, Mark Ó Gormáin Dálaigh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Tá Gael Linn an-sásta go bhfuil ardú tagtha ar líon na scoileanna atá ag glacadh páirte i gcomórtas Scléip arís i mbliana. Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú sna laethanta amach romhainn , san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 23 Samhain, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an Mháirt, 29 Samhain, agus in Amharclann an Gharáiste, Déardaoin, 1 Nollaig, 2016, agus fógrófar na torthaí in am tráth ! Coinnigh súil amach ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn do ghrianghraif ó na hócáidí éagsúla.
Comhghairdeas le Gaelscoil Chnoc na Ré, Sligeach
Samhain 22, 2016
Guíonn Foireann Gaeloideachas gach rath ar Ghaelscoil Chnoc na Ré dá hócáid cheiliúrtha 20 bliain a bheas ar siúl ar an Aoine 25 Samhain. Guíonn muid gach rath ar Phríomhoide Mícheál Ó Broin, foireann, daltaí agus pobal uile na scoile don tréimhse spreagúil atá amach rompu. Ádh mór agus gach rath oraibh.
Plean teanga Fhóram Chois Fharraige
Samhain 22, 2016
D’fhoilsigh Fóram Chois Fharraige achoimre dá dhréachtphlean teanga ar maidin (féach ar an nasc thíos) don limistéar a chuimsíonn Na Forbacha siar chomh fada le Ros a’ Mhíl.
Beidh cruinniú poiblí ar siúl ar an Luan seo chugainn, an 28 Mí na Samhna 2016, ag a 8i.n. i Scoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán ag a gcuirfear an plean féin ós comhair an phobail agus lena bhfuil sa phlean a phlé agus féadfar moltaí a chur ar aghaidh roimhré chuig an bhFóram nó moltaí a dhéanamh ar an oíche.
Is féidir cóip crua den achoimre ar an bplean a phiocadh suas i Leabharlann an Spidéil, Oifig Comhlacht Forbartha an Spidéil nó ó Oifig Chomharchumann Sailearna chomh maith.
http://www.coisfharraige.ie/wp-content/uploads/2014/07/PleanTeangaCF2016.pdf
Aighneacht ón ngrúpa Cearta Oideachais i leith an Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016
Samhain 22, 2016
Is grúpa tuismitheoirí iad Cearta Oideachais atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge. Tháinig siad le chéile toisc go raibh siad imníoch go gcuirfí cosc ar pháistí le Gaeilge freastal ar Ghaelscoileanna mar thoradh ar na leasuithe ar pholasaithe iontrála scoile atá á bheartú ag an Aire Oideachais & Scileanna. Tá siad ag stocaireacht go gcuirfí riachtanais agus cearta oideachais pháistí atá á dtógáil le Gaeilge san áireamh sa reachtaíocht nua atá á bheartú.
Is féidir an aighneacht leith an Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 a léamh anseo: Aighneacht – leagan Gaeilge
Tá tuilleadh eolais maidir le Cearta Oideachais le fáil ar Facebook: https://www.facebook.com/ceartaoid/
Folúntas: Múinteoir Acmhaine
Samhain 21, 2016
Tá múinteoir acmhaine de dhíth i nGaelscoil Moshíológ (U.R. 20165U), Guaire, Co. Loch Garman.
Scoil le 251 daltaí & 9 múinteoir ranga.
Baineann na huaireanta le 4 pháiste ó R.2, R.3 & R.5.
Ta na huaireanta ar OLCS agus faoin am go bhfuil sé líonta beidh beagnach 25 uair se seachtain i gceist.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Carol Scott ar 053-9484028 nó trí eolasgm@gmail.com.
Nuacht ó Choláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair
Samhain 21, 2016
Saoirse Trought (Meitheal) ag bronnadh saothar ealaine ar Éamonn Ó Cuiv T.D ar ócáid chomórtha bhreithlá an Phiarsaigh a bhí eagraithe ag Gaelachas Teo. i gcomhar le Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair ar an 10 Samhain 2016.
Deiseal: Seonaid Ní Mhaolaidh, Liam Pléimeann agus Cáit Ní Chorcráin.
Tréaslaimid le gach dalta a rinne Scrúdú an Teastais Shóisearaigh i mbliana. Ní bréag a rá go raibh na torthaí nótáilte ar fad. Rinne gach duine acu éacht ach caithfear a rá go raibh triúr dár ndaltaí a rinne thar barr. D’éirigh leo 10 A an duine a bhaint amach. Thugadar faoin ard-chúrsa i ngach ceann de na hábhair freisin. Níl aon dabht ach go bhfuilimid go léir fíor-bhródúil agus mórtasach astu agus ba léir go rabhadar bródúil, díograiseach, uaillmhianach, dála a múinteoirí i rith na bliana.