Méid an Téacs

Sárscoil Fíbín don Idirbhliain ag tosú i mí Feabhra 2017!

Samhain 23, 2016

fibin1

An bhfuil aon suim ag do ghrúpa Idirbhliana teacht go Conamara ar ghearrchúrsa i mí Feabhra? Beidh an chéad Sárscoil Fíbín don Idirbhliain á rith i gConamara ón 13-15 Feabhra agus ón 15-17 Feabhra 2017 agus tá muid sa tóir ar scoileanna a mbeadh spéis acu tabhairt faoin scéim píolótach seo.

Fuair muid iarratais ó chomhordaitheoirí Idirbhliana le cúpla bliain anuas a leithéid de chúrsa a rith mar sin tá muid chun géilleadh an bhliain seo chugainn. Costas €100 in aghaidh an scoláire atá i gceist a chlúdaíonn lóistín, bia, na ceardlanna srl. Gearrchúrsa 2 lá go leith atá i gceist Luan-Céadaoin nó Céadaoin-Aoine i nGaeltacht Chonamara.

Beidh ceardlann faoi thaifeadadh ar fhón póca, Ceol & Amhráin Nuachumtha, Charades/Drámaíocht bunaithe ar an tSraith Pictiúir don Ardteist, Siúlóid Dúlra & Oidhreachta, Aisteoireacht ar radhairc ón scrúdú béil…..agus go leor craic agus spraoi ar an ngearrchúrsa seo i g Conamara.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com