Scléip Gael Linn – craobhchomórtas 2016
Eanáir 29, 2016
Fógra beag go mbeidh craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2016 ar siúl in amharclann Clasach, Cluain Tarbh ( www.clasac.ie ) Déardaoin, 4 Feabhra 2016. Beidh suas le 300 aisteoirí, ceoltóirí, rinceoirí agus amhránaithe ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó Dhún na nGall go dtí Daingean Uí Chúise, mar aon lena gcuid múinteoirí agus tuismitheoirí, i láthair. Tá clár na hócáide faoi iamh, mar eolas daoibh – beimid ag cur tús leis na comórtais ag 11.00a.m. agus táim ag súil go mbeadh críoch le cúrsaí c. 5.30p.m. Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Cuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. ( http://gael-linn.ie/default.aspx?treeid=268&id=36 )
Bhí ceithre réamhbhabhta réigiúnacha ar siúl ag i rith mhí na Samhna/mí na Nollag –i nDoire, i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath agus i Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, ag a roghnaíodh na hiomaitheoirí don chraobhchomórtas. I measc na moltóirí a bheidh ann ar an lá, beidh an léiritheoir drámaí, Síle Ní Dhuibhne, an damhsóir, Sibéal Davitt, agus na ceoltóirí agus cumadóirí, Méabh Ní Thuathaláin, Cian Mac Cárthaigh agus Enda Reilly. Bronnfar duaiseanna ar na buaiteoirí i ngach rannóg agus Gradam Scléip ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheasann amach as na buaiteoirí uilig sna comórtais ceoil/amhránaíochta. Táimid ag súil le han-lá !
Beidh Seán Ó Ceallaigh ar fáil do agallaimh roimhré/ar an lá – 01:6753299/087:2510980, nó is féidir liom sibh a chur i dteagmháil le múinteoirí ó na scoileanna éagsúla, más fearr libh. Beidh mé féin thart ar an lá chomh maith – 087/2623953 – chun cabhrú le scoláirí a aimsiú nó eile ! Bheimis fíor-bhuíoch as aon phoiblíocht don ócáid !
Thar am aghaidh a thabhairt ar dhearcadh na ndaltaí ‘nach maith leo an Ghaeilge’
Eanáir 29, 2016
Ba chóir go mbeadh ‘labhairt na Gaeilge’ ina ábhar éigeantach do gach dalta bunscoile agus iarbhunscoile agus ba cheart ‘léann na Gaeilge’ a thabhairt isteach mar ábhar roghnach dóibh siúd atá ag iarraidh tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an teanga ag an dara leibhéal.
Sin cuid de na moltaí atá déanta ag Príomhfheidhmeannach Ghréasán Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (an IPPN), Seán Cottrell, in alt leis a foilsíodh ar maidin.
Thug Cottrell le fios gur léirigh suirbhé a dhein an IPPN le déanaí go raibh leath de bhaill na heagraíochta sin den tuairim nach raibh aon ‘straitéis shoiléir’ ann do theagasc na Gaeilge agus go mba ghá athrú “radacach” a dhéanamh ar churaclam na Gaeilge.
Ag scríobh dó san Irish Times, dúirt Cottrell go raibh an iomarca ‘foghlaim de ghlanmheabhair’ fós ar bun sa rang Gaeilge agus go raibh múinteoirí fós ag brath rómhór ar théacsleabhair.
Maíonn i bhfad an iomarca daltaí ‘nach maith leo an Ghaeilge’, agus ní foláir an cheist a chur cén fáth go bhfuil an dearcadh sin acu i dtaobh na teanga, a dúirt Cottrell.
Dar le Príomhfheidhmeannach an IPPN gurb é freagra na ceiste sin ná go múinfí scileanna cumarsáide agus comhrá do dhaltaí in áit a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a theagasc mar ábhar ‘acadúil’.
B’athrú chun feabhais a bhí i gcuraclam nua na mbunscoileanna, a dúirt sé, ach theastaigh cur chuige níos radacaí ná sin.
Dúirt Cottrell gur cheart féachaint chomh maith ar an tslí a chuirtear oiliúint i múineadh na Gaeilge ar ábhar oidí seachas a bheith ag fáil locht ar na múinteoirí féin.
Seán Tadhg Ó Gairbhí www.tuairisc.ie
Tuairimíocht: Conas an Ghaeilge a shábháil
Eanáir 29, 2016
(English) O’DOWD OPENS NEW £1.3MILLION GAELSCOIL GHLEANN DARACH, CRUMLIN
Eanáir 29, 2016
Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2016 – siar go dtí An Cheathrú Rua leis an dá chorn !
Eanáir 29, 2016
Tá an-údar cheiliúrtha ag daltaí deisbhéalacha ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, tar éis dóibh an dá chorn, sóisearach agus sinsearach, a bhuachan ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2016 ! Is ar an gCéadaoin, 27 Eanáir 2016, in Óstán an Heritage, Port Laoise, a reáchtáladh an ócáid ghradamúil seo. Eagraíonn Gael Linn an comórtas bliantúil seo, a chruthaíonn ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc iontu, le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge. Ghlac os cionn 50 foireann páirt sna babhtaí éagsúla a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite
Is é an rún a bhí á phlé sa chraobh shóisearach ná ‘Is fiú an t-airgead a chaitear ar TG4!’. Labhair foirne ó Choláiste Ghobnatan, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí agus ó Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, ar son an rúin, agus is foirne ó Choláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí agus ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe a bhí mar fhreasúra acu. Bhí an-eolas ag na cainteoirí óga ar an ábhar, agus bhíodar uilig cumasach ag cur a gcuid argóintí os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair ! Cúigear moltóirí a bhí ar an bpainéal– Seán Mac Labhraí, Máire Mhic Mhathúna, Áine Máire Ní Ghiobaláin, Féilim Mac Donnchadha agus Cathal Póirtéir – agus iarchainteoirí de chuid an chomórtais ina measc. Bhí caighdeán chomh hard díospóireachta ann gur thóg sé tamall orthu teacht ar a gcinneadh. Bhí ríméad ar lucht tacaíochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin , nuair a fógraíodh gurb acu a bhí an bua ! Éacht eile déanta ar son na scoile ag na baill foirne –Clíodhna Breathnach (captain), Evan Ó Gríofa agus Áine Ní Chualáin.
Bhí díospóireacht bhreá bhríomhar ansin idir na cainteoirí sinsearacha, arís ó Choláiste Pobail Ráth Chairn, Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, mar aon le Coláiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí. An t-am seo, is é an t-ábhar a bhí á scagadh ag na foirne ná: ‘Tá dea-thionchar ag ár gcuid staire orainn in Éirinn!’, rún a bhí tráthúil agus muid ag comóradh Éirí Amach 1916 i mbliana. Ba léir go raibh an-ullmhú déanta ag na cainteoirí ar fad, le treoir mhaith óna gcuid múinteoirí. Arís, is iad foireann na Ceathrún Rua ( Shauna Seoighe, captaen, Brian Mac Donncha agus Clíona Ní Laoi ) a roghnaíodh mar bhuaiteoirí, toisc a n-argóintí láidre, tomhaiste ar son an rúin agus bhí seacht gcroí orthu agus iad ag ardú an choirn! Máirín Ní Dhomhnaill, an múinteoir a stiúraigh an fhoireann trí bhabhtaí uilig an chomórtais i mbliana agus í ag cur arís eile leis na gradaim díospóireachta atá buaite ag foirne na scoile le blianta fada anuas ! Ba mhór acu a mbua iontach ag an dá léibhéal, sóisearach agus sinseareach, i mbliana go speisialta, agus an scoil ag comóradh 50 bliain ar an bhfód.
Is é Mícheál Ó Muircheartaigh a bhí mar aoichainteoir ag an ócáid, agus mhol sé na rannpháirtithe óga as bua na cainte a bheith acu uilig ! Léirigh sé an-spéis sna hóráidí ar fad agus chuir sé a chuid tuairimí féin ar na toipicí seo os comhair an lucht féachana ansin.
Bronnadh buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus duais €250 ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh. Agus é ag déanamh comhghairdis leis na duaiseoirí, ghabh Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn buíochas le múinteoirí na bhfoirne uilig as a ndúthracht agus dúirt : ‘I mbliain seo chomóradh céad bliain an Éirí Amach, an t-ómós is mó gur féidir linn a thaispeáint do na laochra ná an Ghaeilge a chur chun cinn. Chreid Gael Linn i gcónaí gurb é labhairt na Gaeilge mórchuspóir na foghlama agus léiríonn an leibhéal rannpháirtíochta sa chomórtas, agus an t-ardchaighdeán díospóireachta, go bhfuil scoileanna anois ag cur béim bhreise ar scileanna cumarsáide a fhorbairt’.
Críoch
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/087:2623953
Folúntas: Gaelscoil Thiobraid Árann
Eanáir 29, 2016
Tá Gaelscoil Thiobraid Árann ag lorg cúntóir riachtanais speisialta páirt aimseartha. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24753/
Folúntas: Scoil Chaitlín Maude, Baile Átha Cliath
Eanáir 28, 2016
Tá múinteoir ranga príomhshrutha buan de dhíth i Scoil Chaitlín Maude. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24755/
Foirne Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua dochloíte i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain
Eanáir 28, 2016
Níor éirigh le foireann ar bith eile an ceann is fearr a fháil ar Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2016 a bhí ar siúl in Óstán an Heritage, Portlaoise tráthnóna.
Ba ag an scoil Ghaeltachta a bhí an bua i gcraobh na sinsear agus i gcraobh na sóisear sa chomórtas bliantúil a eagraíonn Gael Linn.
I gcomórtas na soisear foireann scoil na Ceathrún Rua ar son an rúin ‘Is fiú an t-airgead a chaitear ar TG4!’. Ba i bhfabhar an rúin ‘Tá dea-thionchar ag ár gcuid stair orainn in Éirinn!’ a bhí foireann buacach na scoile i gcomórtas na sinsear.
Bhí foirne ó scoileanna Gaeltachta go mór sa treis i gcraobh na bliana seo agus Coláiste Pobail Ráth Cairn, Coláiste Ghobnatan, Baile Bhuirne agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, á fhéachaint le Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath i rannóg na sóisear sa chomórtas a eagraíonn Gael-Linn gach bliain.
I rannóg na sinsear i mbliana b’iad na scoileanna a thug aghaidh ar a chéile ná Coláiste Pobail Ráth Cairn, Coláiste Íde, an Daingean, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua agus Coláiste Eoin.
Ghlac os cionn 50 foireann páirt i gcomórtas na bliana seo. Bronnadh buanchorn agus duais de luach €1,000 ar fhoirne buacacha na Ceathrún Rua agus bronnadh duais de luach €250 ar na sé foirne eile ar éirigh leo áit a bhaint amach sna babhtaí ceannais.
A thrí oiread Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ag brath ar chóiríocht shealadach
Eanáir 28, 2016
Tá nach mór a thrí oiread Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ag brath ar chóiríocht shealadach ná mar atá i gcás scoileanna eile na tíre.
De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua ón Roinn Oideachais, tá 29% den 187 Gaelscoil agus Gaelcholáiste sa Stát ag brath ar chóiríocht shealadach, i gcomparáid le 11.5% de scoileanna eile na tíre.
Is Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí iad 4.6% den 4,009 scoil sa Stát.
468 scoil ar fad atá ag brath ar chóiríocht shealadach agus is Gaelscoil nó Gaelcholáiste 54 de na scoileanna sin.
Dúirt urlabhraí ón eagraíocht Gaelscoileanna Teo le Tuairisc.ie gur cheart tabhairt faoi chóiríocht bhuan a chur ar fáil láithreach do na scoileanna Gaeilge a bhfuil a leithéid ag teastáil dóibh agus gur cheart tosú láithreach ar scoileanna nua Gaeilge a thógáil chomh maith.
Dúirt an t-urlabhraí, áfach, gur údar dóchais don eagraíocht líon na scoileanna Gaeilge a luadh i bplean caipitil na Roinne Oideachais a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.
Tá méadú tagtha le cúig bliana anuas ar an maoiniú caipitil atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do Ghaelscoileanna.
€23.6 milliún a cuireadh ar fáil do Ghaelscoileanna i 2011 agus €33.6 milliún a cuireadh ar fáil do bhunscoileanna Gaeilge i 2015.
www.tuairisc.ie
Dúradáin Mheabhracha
Eanáir 27, 2016
Is slí spraíúil iad Dúradáin Mheabhracha chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a neartú ag baint úsáide as scil thábhachtach: catagóiriú. Cabhraíonn catagóiriú le daoine chun focail a fhoghlaim, a eagrú agus a chuimhneamh.
Cabhraíonn catagóiriú le daoine chun focail a fhoghlaim, a eagrú agus a chuimhneamh. Tá 48 carta dúradáin sa chluiche. Ag barr gach cárta tá ainm catagóire ann, agus ag bun gach cárta tá pictiúr de rud éigin ó chatagóir eile.
Cuireann imreoirí na cártaí dúradáin le chéile ag déanamh cinnte go bhfuil na pictiúir agus na focail curtha lena chéile i gceart. I ngach bosca tá na treoracha ann i mBéarla agus i nGaeilge.
Tuilleadh eolais anseo