Ag Cothú Gaeloideachas den Scoth ag Comhdháil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO.
Samhain 22, 2009
Chuir GAELSCOILEANNA TEO. fáilte roimh Phríomhchigire cúnta leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Éamonn Murtagh a d’oscail Comhdháil Bhliantúil 2009.
Ag labhairt ar maidin dúirt Murtagh, “go dtacaíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta le bunaidhm an pholasaí tumoideachais uile-oileánda, polasaí a sheolfar go hoifigiúil níos déanaí.”
D’fháiltigh Uachtarán na h-eagraíochta, Mícheál Ó Broin roimh an ráiteas seo agus roimh an mholadh go ndéanfaí iniúchadh ar na féidearthachtaí a bhaineann le múnlaí uile an tumoideachais atá leagtha amach sa pholasaí a fhorbairt.
Ag tagairt do chúrsaí geilleagracha deir Ó Broin,”Tuigimid go rí-mhaith drochstaid an gheilleagair agus an brú atá ar an Roinn dá bharr, ach iarraimid ar an Roinn agus ar an Rialtas meicníochtaí a fhorbairt don todhchaí chun nach gcuirfear todhchaí scoileanna lán-Ghaeilge i mbaol arís.” Léirigh Ó Broin tacaíocht láidir na hearnála d’obair riachtanach COGG agus d’éiligh sé nach nglacfar le moladh Mhic Chárthaigh ina leith ach breis acmhainní agus tacaíochta a thabhairt.
Dhírigh eochairchaint na Comhdhála de chuid an Dr. Muiris Ó Laoire ar thábhacht na feasachta teanga sa seomra ranga sa scoil lán-Ghaeilge sa mhéid is go spreagann sí fiosracht agus fonn foghlama i bhfoghlaimeoirí agus go gcothaíonn sí cruinneas sa teanga. Thagair sé do thaighde nua a dheimhníonn go bhfuil an fheasacht teanga i measc páistí na scoileanna lán-Ghaeilge níos airde ná mar atá i measc páistí scoileanna trí mheán an Bhéarla.
Sheol GAELSCOILEANNA TEO. polasaí uile-oileánda ar an Tumoideachas inniu a bheidh ina threoir fiúntach do scoileanna agus iad ag forbairt a gcuid polasaithe scoileanna. “Táimid an-sásta go bhfuil an pointe stairiúil seo bainte amach againn go bhfuilimid ag ceiliúradh forbairt polasaí uile-oileánda ar an tumoideachas don chéad uair agus táimid dóchasach gur ábhar spreagtha é do bhreis comhoibirithe ar cheist an ghaeloideachais idir egaraíochtaí ar bhonn uile-oileánda,” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta.
Bhí an-rath ag baint le Comhdháil Bhliantúil 2009 anseo i gCathair Chill Chainnigh cathair ina bhfuil béim láidir ar an ngaeloideachas agus ar chothú pobail le Gaeilge.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
Lá Oscailte ag Institiúid Oideachais Marino
Samhain 18, 2009
Spéis agat a bheith i do Mhúinteoir Bunscoile?
Céim B. Oid agus Ard-Dioplóma san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)
Coláiste Mhuire, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.
Lá Oscailte
An Satharn, 21 Samhain, 2009
11 r.n. – 4 i.n.
Tuilleadh eolais: Irene Kelly ag 01-8057730 nó Irene.kelly@mie.ie