Méid an Téacs

Dátheangachas riachtanach sa gheilleagar domhanda reatha

Meán Fómhair 29, 2010

Bronnadh Séala Eorpach Teanga ar aon tionscadal déag atá tar éis ardchaighdeán a bhaint amach i múineadh agus i bhfoghlaim teangacha in Éirinn ag searmanas ceiliúrtha a reáchtáladh in Ollscoil na hÉireann Mhaigh Nuad Dé Luain, 27 Meán Fómhair.

Ar na tionscadail ar éirigh leo sa chomórtas bliantúil, bhí  ClubLeabhar.com, club leabhar ar líne a seoladh i Mí Feabhra na bliana seo.

Anuas air sin, aithníodh na héachtaí atá bainte amach ag Bunachar Logainmneacha na hÉireann agus an suíomh Gréasáin, www.logainm.ie  atá forbartha ag Fiontar, DCU i gcomhpháirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.

Tugadh aitheantas do dhaoine aonair chomh maith a bhfuil mór-éachtaí bainte amach acu i gcur chun cinn na foghlama teanga.

Tugadh an onóir sin d’Art Ó Suilleabháin atá ina stiúrthóir ar Ionad Oideachais Mhaigh Eo. Aithníodh an obair atá bainte amach aige ar son na Gaeilge le 25 bliain anuas agus na hacmhainní múinte atá forbartha aige le linn na tréimhse sin.

Aithníodh freisin Neasa Ní Dhomhnaill, múinteoir atá ag obair i meánscoil lán-Ghaeilge agus atá tar éis an Béarla, an Ghaeilge, an Fhraincis, an Iodáilis agus an Laidin a chur chun cinn go héifeachtach i measc dhaltaí an Ghaecholáiste, Coláiste an Phiarsaigh i nGleann Maighir, Contae Chorcaí.

Ag labhairt dó ag an ócáid,  dúirt an tOllamh Tom Collins go gceaptar anois go bhfuil croílár an gheilleagair dhomhanda bogtha ar aghaidh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ón Eoraip.

Dúirt sé go mbeidh ar mhuintir na hÉireann mar sin, féachaint i dtreo teangacha eile agus “tabhairt faoi fhoghlaim teangacha ar shlí níos dícheallaí as seo amach agus a bheith sásta dul i ngleic leis na dúshláin atá ag gabháil leis.”

Tá searmanas bronnta an tSéala Eorpaigh Teanga ar an bhfód ó bhí 1998 ann agus bíonn ócáid chomhchosúil leis á reáchtáil i 20 tír Eorpach eile ag an am céanna.

Is í an Ghníomhaireacht náisiúnta neamhbhrabúis, Léargas atá freagrach as an ócáid a reáchtáil gach aon bhliain.

©Gaelport.com 29 Meán Fómhair, 2010

Seimineár chun deiseanna oideachais a léiriú do dhaltaí

Meán Fómhair 29, 2010

Ar an 7 Deireadh Fómhair, beidh an seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge (CNG) i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge i mBéal Feirste.

Is i gColáiste Feirste a bheidh an ócáid, ach tá fáilte roimh dhaltaí ó gach scoil sa cheantar chun freastal air, agus ar an Aonach Oibre ina dhiaidh atá á eagrú ag Forbairt Feirste. Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú i mbun do ghairme beatha.  Beidh an t-iriseoir Tomaí Ó Conghaile, an tOifigeach Gaeilge Ursula Uí Dhonnaile, agus an múinteoir Gaeilge agus peileadóir Conall Ó Máirtín i láthair ar an lá agus iad ag plé na mbuntáistí a thug an Ghaeilge dóibhsean.

Roimhe seo, reáchtáil CNG na seimineáir seo i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh, Tá ócáidí beartaithe do Leitir Ceanainn, Baile Átha Cliath agus an Tulach Mhór. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.   Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair chun eolas a thabhairt do na dhaltaí.

Más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, déan teagmháil go luath le Brígíd Ní Ghríofa, CNG, 01 679 4780.

Foinse – Nuacht na hEarnála le Gaelport.com
29 Meán Fómhair 2010

Coláiste Naomh Eoin – Pacáistí agus Scoláireachtaí Lóistín

Meán Fómhair 28, 2010

Tá deich gcinn de scoláireachtaí lóistín dá dtairiscint do ghasúir ón mórthír a bhfuil cónaí orthu i limistéir taobh amuigh den Ghaeltacht chun freastal ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin ar feadh na bliana acadúla 2011-2012.

Is é cuspóir na scoláireachtaí seo ná deis a thabhairt do dhéagóirí nach as an nGaeltacht dóibh líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach. Maireann na scoláirí le teaghlach áitiúil ar Inis Meáin ar feadh na bliana, is í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh sna tithe seo agus faigheann na scoláirí léargas ar an nGaeilge mar theanga bheo agus mar gnáth theanga pobail. Fanann siad leis an gclann ar feadh na bliana, ag dul abhaile gach dara deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire. Ní mór go mbeadh caighdeán Gaeilge réasúnta maith ag iarrthóirí.

Múintear réimse leathan ábhair trí mheán na Gaeilge amháin sa scoil agus chomh maith leis an sealbhú teanga, tá buntáistí oideachais den scoth ag dul leis na scoláireachtaí seo. Is scoil bheag í Coláiste Naomh Eoin, le líon íseal daltaí, tréithe a chinntíonn go bhfaigheann gach dalta deis foghlaim go barr a gcumais mar go mbíonn aird a múinteoirí ar a dtoil acu. Tá an fhoireann teagaisc óg bríomhar agus sár-oilte ina gceird, rud a chinntíonn atmaisféar mealltach don foghlaim. Déanann na múinteoirí maoirseoireacht ar thréimhse staidéar tar éis scoile chun go mbeidh deis ag na gasúir a gcuid obair baile agus staidéar breise a dhéanamh ar a gcompoird.

Bronntar an scoláireacht ar bhun bliantúil. Má  bhíonn an scoil sásta go bhfuil an dalta ag déanamh dul chun cinn suntasach sa Ghaeilge agus go bhfuil sé/sí báúil ar shaol agus ar chultúr an oileáin d’fhéadfadh dalta scoláireacht a fháil dá t(h)réimse oideachais dara leibhéal ina iomláine, agus tabhairt faoi  scrúduithe na Ardteistiméireacht  ar an oileán.
Is  áit álainn chiúin é Inis Meáin, áit a bhfuil faoiseamh agus inspioráid le fáil taobh le taobh, é caomhnaithe ag am agus ag traidisiún, áit a dtarlaíonn spreagadh na  foghlamtha go nádúrtha mar gheall ar a sceirdiúlacht  agus a shaoirse ó chathú an t-saoil.  Is trí Ghaeilge shaibhir dhúchasach a tharlaíonn an chumarsáid laethúil dá bhrí sin bíonn éileamh thar cuimse ar na scoláireachtaí seo mar gur deis iontach oideachais agus sealbhú teanga iad. Chun dul i ngleic leis an éileamh seo tá Coláiste Naomh Eoin ag tairiscint pacáistí lóistín den deilbh céanna ar chostas réasúnta de €4500 in aghaidh na bliana.  Clúdaíonn an costas seo loistín agus cothaíocht a fhad agus atá siad ar an oileán. Íoctar leath den chostas roimh thús na scoilbhliana agus an chuid eile i mí Eanáir. Tá uas-theorainn de deich cinn socraithe ag an scoil ar na pacáistí seo chomh maith chun a chinntiú nach gcailltear na buntáistí aitheanta, sin uimhreacha beaga agus aird phearsanta na dteagascóirí a théann le h-oideachas i gColáiste Naomh Eoin ar Inis Meáin.

Teagmháil: Mairéad Ní Fhátharta 087 7775567/09973991 nó  cneoin@hotmail.com.

Scoil Iósaef (Sruth)

Meán Fómhair 27, 2010

Gaelscoil na mBeann

Meán Fómhair 27, 2010

Gaelscoil Léim an Mhadaidh

Meán Fómhair 27, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Gaelscoil’s new site sale gets green light

Meán Fómhair 23, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Tráth na gCeist – Gaelscoil de hÍde

Meán Fómhair 23, 2010

Bhí spórt is scléip ag páistí Rang 5 ó Ghaelscoil de hÍde, ó Scoil na Mainistreach agus ó Scoil Mhuire, Ros Comáin ar an 9ú lá de Mhí na Márta le linn Seachtain na Gaeilge 2010. D’eagraigh Múinteoir Laoise Nic an Rí, ó Ghaelscoil de hÍde, Tráth na gCeist as Gaeilge le haghaidh suas le céad páistí ‘sna trí bhunscoileanna sa bhaile mór. Is i Scoil na Mainistreach a cuireadh an imeacht ar siúl agus bhain gach éinne a bhí páirteach ard-taitneamh as. Bhí ceisteanna faoi Spórt, Cúrsaí Reatha, Ceol, Stair, Tír eolas agus ábhar eile nach iad. Chuir sé gliondar chroí ar na múinteoirí uile a bhí i láthair a ndaltaí a fheiceáil ag cumarsáid i nGaeilge go nádúrtha, spraíúil. Bhí na foirne meascaithe le páistí ó na trí scoileanna agus b’álainn an rud é na páistí a fheiceáil ag obair i dteannta a chéile. Bronnadh duaiseanna ar na buaiteoirí ag an deireadh a bhí urraithe ag Gaelscoileanna Teo. D’aontaíomar go léir idir mhúinteoirí agus páistí gurbh iontach an ócáid a bhí ann agus táimid ag tnúth le Seachtain na Gaeilge 2011 chun imeacht eile a eagrú idir na scoileanna chun cairdeas agus dul chun cinn na teanga a chothú i measc aos óg Ros Comáin.

Ceisteanna Oideachais le plé ag Comhdháil an Fhorais Pátrúnachta

Meán Fómhair 22, 2010

Beidh comhdháil agus cruinniú cinn bhliana Fhorais Pátrúnachta na Scoileanna lan-Ghaeilge teo. ar siúl sa Tower Hotel i bPort Lairge ón 08 – 09 Deireadh Fómhair 2010. Is é téama na Comhdhála i mbliana Fís, Forbairt agus todhchaí scoileanna an Fhorais.

I mbliana beidh aoi-chainteoirí ón Roinn Oideachais agus Scileanna ann le labhairt ar soláthar chóiríocht bhuan do scoileanna, freisin beidh tuairisc á chur i láthair ar scoileanna idirchreidmheacha chomh maith le plé-ghrúpaí ar scoileanna ilchreidmheacha agus an mheánscolaíocht.  Chomh maith leis sin seolfar suíomh Gréasáin nua an Fhorais.

Is pátrúnacht náisiúnta í an Foras do scoileanna lán-ghaeilge bunscoile agus iar-bhunscoile le freagrachtaí pátrúnachta agus bainistíochta, a bunaíodh i 1993.

Bunaíodh é ionas go mbeidh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. Tá an Foras ina phátrún ar ghaelscoileanna a bhfuil éiteas creidmheach, ilchreidmheach, agus idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu agus dá bharr a fhreastalaíonn ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas Lán-Ghaeilge dá bpáistí is cuma cén cúlra creidimh atá acu.

Tá fás ag teacht ar líon na scoileanna faoin bhForas Pátrúnachta i gcónaí. Tá 58 Gaelscoil agus 3 Ghaelcholáiste faoinar bpátrúnacht faoi láthair.

Má tá tuilleadh eolais ag teastail uait mar gheall ar an gComdháil is feidir teagmháil a dhéanamh le Siobhán Seoighe;  Fón: 01-8057740 nó seol ríomhphost chuig  siobhan.seoighe@mie.ie

Gaelscoil na nDéise – Turas Gaeltachta

Meán Fómhair 17, 2010

Chuaigh daltaí Rang 6 ó Ghaelscoil na nDéise ar cuairt 3 lá go Gaeltacht na Rinne idir an 5ú Bealtaine 2010 agus an 7ú Bealtaine 2010. Bhuaileamar le daltaí Rang 6 ó Scoil na Leanaí ann ‘s ghlacadar páirt sna himeachtaí éagsúla linn. Bhí deis iontach againne ár gceantar Ghaeltachta áitiúil a fheiscint ‘s canúint na háite a chloisint ‘s a fhoghlaim. Ghlacamar páirt i gcluichí, caithimh aimsire, rince ghaelach, turasanna ‘s go leor imeachtaí eile ‘s bhí deis iontach ag na páistí bualadh le daltaí ó Ghaelscoil eile ‘s cumarsáid a dhéanamh leo trí mheán na Gaeilge i modh taitneamhach. D’fhan na páistí i gColáiste na Rinne (ionad Gaeilge sa Rinn) ‘s bhí a gcuid béilte acu ann chomh maith. Chuamar ar turasanna timpeall an cheantair agus bhí na páistí an-thógtha lena nGaeltacht áitiúil!! Bhí an-spórt ‘s spraoi againn le daltaí Scoil na Leanaí chomh le muintir an Choláiste ‘s táimid ag súil go mór leis an turas ann an bhliain seo chugainn cheana féin!!

Next Page »