Méid an Téacs

Clár An Rialtais Nua

Meitheamh 21, 2007

Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas leis an Rialtas nua agus leis na hAirí nuacheaptha. Comhghairdeas ar leith leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, TD agus leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD as an athcheapachán dóibh beirt. Ag tagairt do chlár an Rialtais dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta "Moladh chun tairbhe na gaelscolaíochta agus na Gaeilge is ea bunú grúpa sinsearach d’fheidhmeannaigh idir an dá Roinn seo chomh maith le h-ath-ordú Chomhchoiste an Oireachtais don Ghaeilge agus fáiltítear go mór roimh an chomhoibriú tras-rannach agus as na deiseanna comhoibrithe a eascróidh as don earnáil".

Fáiltítear roimh an gheallúint go mbainfear leas níos mó as acmhainneacht ollmhór gluaiseacht na ngaelscoileanna agus go gcuirfear feabhas ar chaighdeán na Gaeilge a mhúintear sna scoileanna trí mheán an Bhéarla. Cúis áthais é an ráiteas go gcuirfear socraithe i bhfeidhm chun múinteoirí a earcú a mbeidh cumas láidir iontu gach ábhar a theagasc trí mheán na Gaeilge. De réir Uachtaráin na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin, "Fáiltítear go mór roimh na ngeallúintí agus na céimeanna atá leagtha amach i dtaobh soláthair cóiríochta ar ardchaighdeán do scoileanna nua agus do na scoileanna atá ann cheana féin. Beidh gá seo a fheidhmiú láithreach chun leasa earnáil na ngaelscolaíochta a bhfuil géarchéim cóiríochta ag tarlú ann le blianta fada anuas. Ní mór na socraithe cuí a chur i bhfeidhm do scoileanna nach scoileanna nua-bhunaithe iad ach atá gan chóiríocht chuí go fóill. Fáiltítear freisin roimh geallúintí i dtaobh deontais méadaithe do scoileanna agus laghdú ar líon na ndaltaí sna ranganna."

 

Tugann GAELSCOILEANNA TEO. faoi ndeara an easpa thagartha a rinneadh i gClár an Rialtais de roinnt de phríomhcheisteanna práinneacha na hearnála, ar a n-áirítear polasaithe comhaontaithe stáit ar an tumoideachas agus uirlisí measúnaithe foghlama a bheith in oiriúint don ghaelscolaíocht ina measc.

 

Leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. ar aghaidh ag déanamh stocaireachta ar son na scoileanna lán-Ghaeilge agus beimid ag súil le dea-chaidreamh agus comhoibriú leis an Rialtas chun ár spriocanna eagraíochtúla a chur chun cinn.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lánGhaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil faoi láthair. Tá 5 bhunscoil lán-Ghaeilge ag oscailt Meán Fómhair 2007 móide 4 iarbhunscoil nua.

Tuilleadh eolais:

Oifig GAELSCOILEANNA TEO.:- 01 4773155

Mícheál Ó Broin:- 087-9467700

CRÍOCH