Méid an Téacs

Folúntas i Naíonra na nDéise

Iúil 27, 2017

Tá Bord Bainistíochta Naíonra na nDéise ag lorg iarratais do Stiúrthóir Naíonra don scoilbhliain 2017/ 2018. Beifear ag súil le hiarratais ó dhaoine le;
Naíonra na nDéise

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Líofacht sa Ghaeilge.

Íoscháilíocht de QQI Leibhéal 5 i gCúram Leanaí.

Fianaise den phróiséas ghrinnfhiosrúcháin a bheith críochnaithe ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

Árdscileanna cumarsáide agus idirphearsanta.

Taithí praiticiúil i suíomh cúram leanaí.

Fianaise den fhorbairt gairmiúil.

Grá agus cúram do leanaí óga agus tús áite a thabhairt dá riachtanais i gcónaí.

Tá an fhoirm iarratais cuí ar fáil ar www.gaelscoilnandeise.ie. Ba cheart an fhoirm a sheoladh chuig postannagnd@gmail.com roimh an gCéadaoin 16ú Lúnasa 2017.

Múinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil an Chaisleáin

Iúil 25, 2017

 

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil an Chaisleáin, ag tosnú ar an 30ú lá de mhí Lúnasa 2017. Bunscoil lán-Ghaelach, ilchreidmheach, nua-bhunaithe í Gaelscoil an Chaisleáin. Ceapadh príomhoide i Mí an Mheithimh. Is é an Foras Pátrúnachta patrún na scoile.

Caithfear litir agus foirm iarratais a sheoladh chuig gsanchaisleain.iarratais@gmail.com faoin 9ú lá de mhí Lúnasa.

Tá an scoil le fás agus le forbairt go suntasach sna blianta atá romhainn amach. Tá ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa riachtanach don bhfolúntas seo. Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin. Is buntáiste é aon cheann de na buanna seo a bheith ag iarratasóirí: ceol, spórt, rince. Beidh sé ina bhuntáiste ag iarratasóirí chomh maith taithí mhúinteoireachta i ngaelscoil a bheith acu.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh;

https://www.educationposts.ie/post/view/89678

Múinteoir Mata á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn

Iúil 25, 2017

aerobics class in a gym

Tá múinteoir Mata trí Ghaeilge á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoi 12:00 i.n, 28 ú Iúil 2017. Is féidir leat cur isteach ar an bhfolúntas tríd foirm iarratais a íoslódáil ar tipperaryetb.ie. Caithfear ceithre cóip den fhoirm a chomhlíonadh is a sheoladh chuig;

Oifig Riaracháin Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann
Roinn Achmhainní Daonna
Bóthar an Teampaill

An tAonach
Co. Thiobraid Árann

Folúntas mar Múinteoir Ranga

Iúil 19, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Liatroma don bhliain seo chugainn. Conradh bliana atá i gceist. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelscoil Liatroma.

Caithfear litir iarratais mar aon le cv, a sheoladh ar ríomhphost chuig gaelscoilliatroma@gmail.com. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an 28ú lá de mhí Iúil.

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/88883.

Folúntas mar Chúntóir Riachtanais Speisialta

Iúil 19, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá folúntas  ar fáil do Chúntóir Riachtanais Speisialta le Gaelscoil Éadan Doire, ag tosú ar an 29ú lá de mhí Lúnasa. Post buan atá i gceist.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le foirm iarratais do Chúntóirí Riachtanais Speisialta agus reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite) chuig Iarrataisgsed2017@gmail.com. Glacfar le hiarratais ar líne. Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 25ú lá de mhí Iúil.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/88565.

Folúntais Lán Aimseartha le Cumann na bhFiann

Iúil 19, 2017

Cumann na bhFiann

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá folúntais ar fáil mar Oifigigh Óige le Cumann na bhFiann. Tá sé mar aidhm ag Cumann na bhFiann deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a chuid Gaeilge labhartha a fhorbairt tríd Clubanna Óige a reachtáil trí Ghaeilge timpeall na tíre.
Teideal an Phoist: Oifigeach Óige (Lár Tíre)
Tuarastal: €27,739 – €47,975 (i gcomhréir le cáilíochtaí agus taithí)
Scála Tuarastail (cineál agus grád) & Pinsean: Scála státseirbhíse an Oifigigh Feidhmiúcháin.
Conas iarratas a dhéanamh:
Seol do CV agus litir iarratais chuig michelle@cnb.ie roimh 5in ar 04 Lúnasa 2017.

Post a 2:
Teideal an Phoist: Oifigeach Óige (Oirdheisceart)
Tuarastal: €27,739 – €47,975 (i gcomhréir le cáilíochtaí agus taithí)
Scála Tuarastail (cineál agus grád) & Pinsean: Scála státseirbhíse an Oifigigh Feidhmiúcháin.
Conas iarratas a dhéanamh:
Seol do CV agus litir iarratais chuig michelle@cnb.ie roimh 5in ar 04 Lúnasa 2017.

Post a 3:
Teideal an Phoist: Taighdeoir/Oifigeach Óige (Cúige Uladh)
Tuarastal: £25,871 – £27,271 (i gcomhréir le cáilíochtaí agus taithí)
Scála Tuarastail (cineál agus grád) & Pinsean:
Scála státseirbhíse an Oifigigh Feidhmiúcháin (EO1) de chuid Thuaisceart Éireann.
Conas iarratas a dhéanamh:
Seol do CV agus litir iarratais chuig michelle@cnb.ie roimh 5in ar 04 Lúnasa 2017.

Múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Bhrian Bóroimhe

Iúil 18, 2017

GS Bhrian Boróimhe

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Bhrian Bóroimhe don bhliain seo chugainn. Post buan atá le líonadh. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i Gaelscoil Bhrian Bóroimhe.

Caithfear litir iarratais mar aon le cv, reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta cóip a sheoladh ar ríomhphost chuig foluntais2017gsbb@gmail.com,. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an 4ú lá de mhí Lúnasa.

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/88901.

Múinteoir ranga á earcú ag Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh

Iúil 18, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh ar bhonn sealadach don bhliain seo chugainn. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh.

Caithfear litir agus foirm iarratais a sheoladh chuig iarratassud@gmail.com, mar aon le cóip de chlárúchán an t-arrthóir leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an 1d lá de mhí Lúnasa.

Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/88941.

Múinteoirí á earcú ag Gaelcholáiste Cheatharlach

Iúil 18, 2017

Gaelcholáiste Cheatharlach

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoirí á earcú ag Gaelcholáiste Cheatharlach don bhliain seo chugainn. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelcholáiste Cheatharlach. San áireamh, beidh Múinteoir Gaeilge & Eacnamaíocht Bhaile, Múinteoir Gaeilge & Oideachas Reiligiún, Múinteoir Corpoideachas agus Múinteoir Matamataic& Eolaíochta.

Is féidir foirmeacha iarratais a aimsiú ar an suíomh www.kcetb.ie. Caithfear dhá cóip a chomhlíonadh is a sheoladh in éineacht le  litir clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta agusgrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh meánlae ar an 21ú lá de mhí Iúil.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh; https://www.educationposts.ie/post/view/88534https://www.educationposts.ie/post/view/88331, https://www.educationposts.ie/post/view/88337 agus https://www.educationposts.ie/post/view/88335.

Folúntas i Naíonra na Giúise

Iúil 18, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Iarratais á lorg do Stiúrthóir Naíonra ag Naíonra na Giúise ,Teach na Giúise ,BAC 24

An Naíonra :
• Is Naíonra Ián Ghaeilge í Naíonra nd Giúise
• Naíonra ghnóthach atá ann, bíonn seisiúin á reachtáil ar maidin agus trathnóna.
• Tá sé mar aidhm ag an fhoireann díriú ar chúram agus oideachas d’árd chaighdeán a thabhairt do na páistí a fhreastalaíonn ar an seirbhís.Cruthaíonn an Naíonra timpeallacht taitneamhach do na páistí.trí mheán na Gaeilge .

Cáilíochtaí:
• Ar a laghad Teastas FETAC Leibhéal 5 nó níos airde i gcúram leanaí,le taithí ag obair i Naíonra .
• Líofacht i nGaeilge labhartha .
• TEG scrudú cainte (B2) agus Dianchúrsa FNT.

Freagrachtaí:
• Beidh an té a cheaptar ag glacadh freagracht as faire ar na páistí , chomh maith le oibríochtaí ginearálta laethúil an Naíonra .
• Beidh a té a cheaptar páirteach I gcúrsaí phleanáil mar aon le cúrsaí breathnóireacht . Déanfaidh siad tuairisciúar obair laethúil.
• Beidh dualgaisí cumarsáide le tuismitheoirí , baill foirne agus bainistíocht an Naíonra le comhlíonadh ag Stiúrthóir an Naíonra .

**Pá iomaíoch ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí**

Next Page »