Méid an Téacs

SCLÉIP! 2008: Comórtas Tallainne Na n-Iarbhunscoileanna Lán-Ghaeilge

Eanáir 28, 2008

 Is cúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. dátaí agus socruithe Scléip 2008 a fhógairt.

Is éard atá i Scléip 2008 ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Beidh an comórtas roinnte in ocht rannóg éagsúla: Pop/Rac-cheol, Amhránaíocht (Aonair), Ceol (Aonair), Ceol Traidisiúnta (Grúpa), Rince Cruthaitheach (Aonair), Rince Cruthaitheach (Grúpa), Drámaíocht/Mím agus Rannóg Ilchineálach.

Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. I mbliana, don chéad uair riamh, beidh na babhtaí réigiúnacha de Scléip á rith le hurraíocht fhlaithiúil ó cheithre choláiste tríú leibhéil, ceann i ngach cúige. Tá GAELSCOILEANNA TEO. an-bhuíoch do na hurraitheoirí as an gcabhair seo. Creidimid go gcabhróidh rannpháirtíocht an tríú leibhéal le caidreamh níos láidre a chothú idir an iarbhun agus an tríú leibhéal agus eolas faoi chúrsaí Gaeilge agus cúrsaí trí mheán na Gaeilge a chur faoi bhráid na ndaltaí.

 

Babhtaí Reigiúnacha:

  • Babhta Mumhan a n-eagrú le hurraíocht ó Roinn na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Beidh sé ar siúl ar an 29 Eanáir 2008 san Amharclann Halfmoon, Cork Opera House, i gCorcaigh.
  • Babhta Connacht a n-eagrú le hurraíocht ó Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh sé ar siúl ar an 30 Eanáir 2008 san Amharclann Leisureland, Bóthar na Trá, Gaillimh.
  • Babhta Laighean a n-eagrú le hurraíocht ó Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh sé ar siúl ar an 31 Eanáir 2008 san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath.
  • Babhta Uladh a n-eagrú i gcomhpháirt le Comhairle na Gaelscolaíochta agus tá sé urraithe ag An Scoil Teangacha agus Litríochta – Gaeilge i gColáiste Mhig Aoidh, Doire. Beidh sé ar siúl ar an 6 Feabhra 2008 san Amharclann Stiúideó i bhFóram na Míolaoise, Doire.
  • Rachaidh buaiteoirí na gcomórtais thuasluaite ar aghaidh go Craobh Ceannais Scléip 2008 a reáchtálfaí ar an 13 Márta 2008 san Amharclann Dean Crowe, Áth Luain, Co na hIarmhí.

CRÍOCH.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 168 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

Tuilleadh Eolais:

Seán Ó hAdhmaill           087 6895612 / 01-477 3156 nó sean@gaelscoileanna.ie