Méid an Téacs

Ionsaí ar Pháistí is ea an Buiséad Oideachais

Deireadh Fómhair 28, 2008

Preaseisiúint éisithe ar an Mháirt, 28 Deireadh Fómhair ag

Comh-phreas ócáid in Óstán Buswell’s i mBaile Átha Cliath.
 
 
 

Leagan Béarla amháin ar fáil anseo

 
 

Cáinaisnéis 2009: Comhráiteas na bPáirtnéirí Bainistíochta don Bhunleibhéal

Deireadh Fómhair 24, 2008


Clár

 1.    Réamhrá                                                                                                                     2

Tá bunscoileanna eisceachtúil éifeachtach cheanna féin.                                           3

Tá na ciorraithe luaite sa cháinaisnéis fritorthúil gearr-radharcach agus costasach 2

2.    Maoiniú do Bhunscoileanna                                                                                          2

3.    Tá na ciorraithe thar a bheith leatromach agus míchothrom                                            5

 Múinteoir Teanga / Tacaíocht don Lucht Siúil                                                              4

Deontais Leabhar                                                                                                      5

Méid Ranga                                                                                                               5

4.    Saoire Bhreoiteachta Neamh-theistithe                                                                        5  

5.    Cealú na Scéime Scor Luath                                                                                       2

6.    Athlá Oideachas do Dhaoine le Riachtanais Oideachais Speisialta (EPSEN)           2

7.    Conclúid                                                                                                                     2

 Is comh-ráiteas é seo, eisithe ag na heagraíochtaí bainistíochta bunleibhéil seo a leanas ar an 23 Deireadh Fómhair 2008

GAELSCOILEANNA TEO., Bláthnaid ní Ghréacháin

Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, Dónall Ó Conaill

Catholic Primary Schools Management Association, Eileen Flynn

Church of Ireland Board of Education, Canon John McCullagh

Educate Together, Paul Rowe

Islamic Board of Education, Shahzad Ahmed

National Association of Boards of Management in Special Education, Antoinette Buggle

1.                  Réamhrá

Mar ionadaithe do na 21,000 oibrithe deonacha atá riachtanach do bhainistíocht ár gcóras bunscoile agus a bhfuil dualgas stáit orthu bunscoileanna na tíre seo a stiúradh, iarraimid ar an rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh a ghlac siad an réimse leathan ciorraithe ar bhun-seirbhísí oideachais a d’fhógar siad i gcáinaisnéis 2009.

Agus an t-éileamh  seo á dhéanamh againn, ba mhian linn a rá nach n-eascraíonn na bearta seo as leasanna pearsanta nó airgid. Níl ardú tuarastail nó feabhais in ár gcoinníollacha oibre uainn.  Mar oibrithe deonacha, is ar son na gcéadta mílte daltaí bunscoile amháin a ghníomhaímid, is ionann a dtodhchaí féin agus todhchaí na tíre.

Cuimsíonn na bearta a fógraíodh sa cháinaisnéis ciorrú mór sna hacmhainní oideachais ag an mbun-leibhéal.  Trí theacht le chéile, ceistíonn na nEagrais Bainistíochta Bunscoile loighic an rialtais na ciorraithe seo a chur i bhfeidhm nuair a aithnítear feidhmiúchán an chórais oideachais mar eochair ratha eacnamaíochta agus sóisialta an todhchaí.

Má táimid chun todhchaí ár bpáistí a chinntiú agus pleanáil ar aghaidh i treo an cineáil eacnamaíochta a ba mhaith le hÉire baint amach do na glúinte romhainn, tá orainn níos mó airgid a chaitheamh chun dul i ngleic leis na sprioc-easnaimh sa soláthar oideachais. 

Tá sé thar a bheith aiféalach go bhfuil seirbhísí tosaigh do pháistí á ngearradh ag an rialtas nuair atá caighdeán na seirbhísí seo do-ghlactha cheanna féin agus nuair atá dúshláin mhóra eacnamaíochta roimh na scoileanna.   

Tá bunscoileanna eisceachtúil éifeachtach cheanna féin.   

Is oibrithe deonacha a stiúrann na bunscoileanna ag costas an-bheag don Stát.  Go huathúil i Seirbhís Poiblí na hÉireann, íocann an stát fíor-bheag do riarachán chórais iomlán le 3,250 scoil faoin a bhráid a chuireann seirbhísí ar fáil do 400,000 páiste.  Níl ‘saill’ ar bith le gearradh amach as an gcóras tearc-mhaoinithe seo, go fíriciúil, seasann an córas bunscolaíochta amach mar an tseirbhís is éifeachtúla i gCóras Poiblí na hÉireann. 

Tá bunscoileanna Éireannacha go hiomlán tearc-mhaoinithe ó bhunú an Stáit ar aghaidh.  I bhfianaise an tábhacht nach beag a bhaineann leo do thodhchaí na tíre, is tosaíocht náisiúnta é go gcaomhnófar iad san ath-struchtúrú airgeadais atá ar bun ag an Stát faoi láthair.

Tá na ciorraithe luaite sa cháinaisnéis fritorthúil gearr-radharcach agus costasach

Is eochair é an córas oideachais d’ioncaim cánach an todhchaí.  Anuas air seo, is bun-uirlis é i ngearradh siar ar chostas Stáit sna blianta romhainn.  Sábhálann airgead a chaitear ar pháistí óga anois ar idirghabháil Stáit níos moille sa chóras.  Cáiníocóirí criticiúla do rith an tsochaí a bheidh sna páistí scoile 4 bliana d’aois i gcionn fiche bliana.  Níl ach deis amháin ag páistí ag an mbunscolaíocht agus taispeánann réimse leathan taighde cé chomh riachtanach is atá infheistiú ag an mbun-leibhéal i bhfeidhmiú an chórais iomlán.    

Ar na fáthanna seo go léir, tá sé fritorthúil agus mícheart díriú ar oideachas pháistí agus iarracht á dhéanamh leabhair caiteachais an rialtais a chur ina gceart. 

Anuas air seo, mar fhostóirí na foirne scoile go léir, tá dualgas orainn aire a thabhairt d’ár gcuid fostaithe.  Creidimid go n-ardóidh na ciorraithe seo roinnt saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta dóibh siúd a oibríonn sna scoileanna agus do na páistí.  

       Déanfaidh na bearta seo an-dochar don fáil ar oideachas do gach páiste. 

       Méadóidh an t-ualach oibre go mór do phríomhoidí a bhfuil cúraimí oibre uafásacha orthu cheanna féin.

       Beidh tionchar tubaisteach ag an athrú sna rialacha ionadaíochta sna scoileanna ar bhonn seachtainiúil. 

       Ní bheidh ar chumas na mBord Scoile a ndualgais Stáit a chomhlíonadh i leith tuismitheoirí agus daltaí an curaclam náisiúnta a chur i gcrích.

       Le réimse leathan tacaíochta do pháistí leochaileacha bainte, beidh costas níos airde sa todhchaí ar na riachtanais oideachais nach bhfuil freastal orthu faoi láthair.

       Carnann éifeacht na mbeart seo agus cuireann siad bac ar dhualgais cúram na mbord bainistíochta d’fhostaithe agus do pháistí.

       Beidh impleachtaí gearr, meán agus fadtéarmacha ar chostais bhreise don cháiníocóir ag na bearta seo.

2.                  Maoiniú do Bhunscoileanna

Tá na méadaithe costais ar CBL, boilsciú agus áirgí i bhfad níos airde ná na méadaithe ar dheontais caipitíochta fógartha sa cháinaisnéis.

Ní thugann na méadaithe seo aghaidh ar an easpa maoinithe uafásach sna scoileanna. Mar a dúramar le lucht na Dála níos luaithe i mbliana agus rinneamar iarracht a mhíniú don Taoiseach, don Aire Airgeadais agus don Aire Oideachais agus Eolaíochta ag an am, teastaíonn dúbailt sa deontas caipitíochta nó méadú €175 do gach páiste chun go mbeadh an deontas ar chomh-mhéid le maoiniú do dhaltaí dara leibhéil.   

Ionsúfaidh an méadú €26 a fógraíodh sa cháinaisnéis gan mhoill ag na méadaithe rátaí seo a leanas:  

áirge                                                                                     méadú                  

Téamh le hola:                                                                         26.5%                  

Méadú gáis (eatramhach)                                                           20%

Méadú ESB (eatramhach)                                                        17.5%

Rátaí uisce                                                                  3.50 an pháiste

Anuas air seo, tá ar na scoileanna táille athchúrsála agus CBL méadaithe thar réimse leathan íocaíochta a íoc (níl díolúine CBL ag scoileanna agus níl cead acu na táillí a lorg ar ais) agus éifeacht boilscithe i gcoitinne.

Tá deacrachtaí airgeadais roimh chuid mhaith scoileanna faoi láthair.  Tá siad seo ag dul i bhfeidhm ar scoileanna in ionaid tithíochta nua agus i gceantair faoi mhíbhuntáiste ach go háirithe.

3.                  Tá na ciorraithe thar a bheith leatromach agus míchothrom

Múinteoir Teanga / Tacaíocht don Lucht Siúil

Tá ath-chur i bhfeidhm na gcaidhpe ar leithdháileadh mhúinteoirí tacaíochta teanga agus tacaíocht do pháistí an lucht siúil leatrom agus do-chothaithe ar bhonn morálta.  Caolaíonn sé tacaí gann agus luachmhaire sna scoileanna ag obair sna ceantair faoi mhí-bhuntáiste.  Piocann sé na daoine is leochailí leis an ghuth pholaitiúil is ísle agus ionsaíonn sé iad.  Mar sin, tá sé mímhoralta agus go hiomlán urghránna do lucht bainistíochta scoile.  Laghdóidh sé fothorthaí oideachais do na páistí thuas-luaithe, laghdóidh sé a dtáirgiúlacht fadtéarmach agus méadóidh costais an Stáit in idirghabháil costasach níos moille sa chóras.  Ceisteoimid loighic an chur chuige seo.

Gheobhaidh na scoileanna le rátaí airde páistí leis na riachtanais seo buille dúbailte leis an laghdú sa sceideal foirne.  Beidh páistí leis na riachtanais seo faoi mhíbhuntáiste dúbailte i bhfianaise nach mbeidh aon tacaíocht dóibh sna seomraí ranga níos plódaithe.  Rachaidh sé seo i dtionchar ar eispéireas oideachais na bpáistí go léir sa rang agus cuirfidh sé seo leis an ualach atá ar an múinteoir scoile. 

Deontais Leabhair

Is earráid tromchúiseach é baint an deontais seo.  Tá páistí faoi mhíbhuntáiste sna scoileanna go léir.  Taispeánann tuairiscí na Roinne go bhfuil níos lú ná 10 leabhar sa bhaile ag clann amháin as gach 10.  Léiríonn tuairiscí eile go bhfuil fadhb mhór againn le litríocht a chosnaíonn go daor ar ár sochaí.  Méadóidh na ciorraithe seo an leibhéal neamhlitearthachta.  Conas gur féidir linn na scileanna léitheoireachta a fheabhsú mura bhfuil leabhair ag páistí?

Méid Ranga   

Beidh tionchar nach beag ar fhógra aisghlámtha na sceideal foirne ar eispéireas oideachais laethúil na bpáistí.  Tá sé seo fritorthúil.  Tá ráiteas an Aire O’Dea ar Questions and Answers an tseachtain seo faoi pháiste amháin eile “only one more in a class” míthreorach agus léiríonn sé easpa tuisceana iomlán ar shuíomh réadúla na scoileanna. 

Léiríonn ár n-áirimh linn gur meas faoina chumas iomlán atá sa chailliúint 200 múinteoir fógartha.  Bainfí níos cóngaraí de 1,000 múinteoir amach as an gcóras.  Is gearradh siar mór millteach é seo sa mhúinteoireacht go praiticiúil.  Is fíric dosheachanta í nach mbainfí na fothorthaí foghlamtha barrmhaitheasa amach do pháistí ar fud fad na tíre. 

Tá ár seomraí ranga plódaithe cheanna féin, leis na bearta seo curtha i bhfeidhm beidh siad ar na cinn is mó san OECD.  Mar bhainisteoirí scoile, tá a fhios againn go bhfuil tionchar díreach ag an róphlódú seo ar fhothorthaí oideachais. 

Ní féidir an curaclam bunscoile nua, lena bhéim ar obair ghrúpa agus ar idirdhealú d’fhonn a bheith in oiriúint do stíleanna foghlamtha agus leibhéil chumais éagsúla a sheachadadh do ranganna le níos mó ná 20 dalta.  Eascróidh an-chuid ranganna níos mó as na bearta seo.  

Go sonrach, scriosfaidh sé seo ionchais chomhfhadaithe agus cearta na dtuismitheoirí go bhfaighidh  a gcuid páistí leas iomlán an churaclaim agus oideachas á chur orthu. 

Beidh iarmhairt dhrámatúil ag seo ar chumas an chórais dul i ngleic le deacrachtaí foghlamtha agus beidh éifeacht díreach aige ar leibhéil litearthachta sa todhchaí, leibhéil matamaitice, eolaíocht agus ábhair eile a aithnímid mar aidhmeanna criticiúla do thodhchaí ár sochaí. 

Ba mhaith linn éifeacht dáiríre an laghdaithe seo a cheistiú.  Cuirfear na múinteoirí a bheidh ‘thar cuóta’ chuig an painéal athchóirithe a bhaineann le hábhar.  I ndiaidh sin, beidh orthu a bheith ath-ionsúithe ar ais sa chóras agus fanfaidh siad ar an bpárolla.  Ní bheidh ar chumas múinteoirí nua-thraenáilte postanna a fháil.  Cad é an tsuim airgid a shábháiltear tríd an beart diúltach agus oll-thoirmeascach seo?

Méadóidh comhthoradh na gciorraithe leatroma seo na hiarmhairtí diúltacha ar na daltaí go léir agus beidh an cailliúint meanman i measc na foirne a luíonn faoin ár stiúir mar shaincheist thábhachtach.

4.                  Saoire Bhreoiteachta Neamh-theistithe

Beart thar a bheith lochtach atá sa chinneadh clúdach ionadaíochta do múinteoirí a ghlacann saoire bhreoiteachta neamh-theistithe a bhaint a spreagfaidh géarchéim sna scoileanna agus a chuirfidh costais sa bhreis ar an Stát. 

Leis an mbeart seo:

       Beidh cur isteach uafásach ar sheomraí ranga le ranganna ath-eagraithe ar fhógra gairid.                  

       Cuirfear pionós ar thuismitheoirí agus ar pháistí.

       Méadóidh costais clúdaigh ionadaíochta agus beidh múinteoirí spreagtha le tréimhsí tinnis teistithe níos faide a ghlacadh.