Méid an Téacs

Oifigeach Forbartha Náisiúnta

Meán Fómhair 30, 2013

Post Lán-Aimseartha

Dualgais: Óg-Chlubanna Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt timpeall na tíre. Cúrsaí agus imeachtaí a eagrú Tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do na scairshealbhóirí Obair Riaracháin.

Cailíocht 3ú leibhéal nó a choibhéasach

Ard-Chaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa Taithí ar obair óige Ard-scileanna cumarsáide & idirphearsanta Ábalta obair as a stuaim féin Scileanna maithe ríomhaireachta Ceadúnas glan tiomána agus teacht ar charr Taithí ar chúrsaí poiblíochta & margaíochta

Seol litir iarratais chomh maith le C.V. chuig: maedhbh@ogras.ie
Riarthóir, Ógras, 6 Sráid Fhearchair , B.Á.C. 2
Teil: 01 4751487

Roimh an Aoine 4 Deireadh Fómhair, 2013.

Nuachtlitir TEG Fómhar 2013

Meán Fómhair 30, 2013

Le heolas faoi Scrúduithe 2014, Teastais TEG bronnta ar na Gardaí Síochána agus Stiúrthóirí Naíonraí, Acmhainní Teagaisc nua agus Eile!

Nuachtlitir TEG Fómhar 2013

Coláiste Ghlór na Mara ag ullmhú do 2014

Meán Fómhair 30, 2013

Coláiste Ghlór na Mara is going full steam ahead. The school will open its doors to First Year students for the 2014/15 academic year.

The uniform has been chosen and at present a supplier is being sourced. We will reveal it here when we have it ready!

The Board is also actively looking into the possibility of pupils having an ‘electronic schoolbag’ as pupils of Coláiste Ghlór na Mara and again we will release that information as soon as we have a definite plan.

During the month of October the position of Príomhoide for Coláiste Ghlór na Mara will be advertised with a view to filling that post and having the Príomhoide appointed from February 2014.

In November the Board will make contact with those who have registered an interest in attending Coláiste Ghlór na Mara for the academic year 2014/15 with a view to registering the pupils that are currently in Rang 6.

http://colaisteghlornamara.com

Dea-scéal do Gaelscoil Shliabh Rua

Meán Fómhair 30, 2013

Tá suíomh buan faighte againn i mBaile Uí Ógáin sa Chéim. Táimid ag súil le bheith ag bogadh isteach i Mí na Samhna 2014!!

We now have a permanent site in Ballyogan Lands, Stepaside. We expect to move in in November 2014!!

BEO 2013 – Comórtas d’amhráin nuachumtha as Gaeilge

Meán Fómhair 30, 2013

Tá sé aontaithe ag Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta urraíocht agus tacaíocht a thabhairt do chomórtas BEO 2013 d’amhráin nuachumtha mar pháirt de cheiliúradh Bhliain na Gaeilge 2013.

Tá BEO ar siúl ó 2009 agus cuireadh tús leis le 4 aidhm bhunúsacha a bhaint amach .

  1. Ardán a thabhairt do bhannaí ceoil óga na hÉireann
  2. Togra a chuir le chéile gur féidir a úsáid i rang scoile nó i gclubanna óige.
  3. Scileanna bainistíochta praiticiúla a theagasc do dhéagóirí
  4. An Ghaeilge a chuir chun cinn

Beidh comórtas BEO 2013 dírithe ar ghaelscoileanna agus ar mheánscoileanna ar fud na tíre chomh maith le clubanna óige, Cumainn Lúth Chleas Gael, Cumainn CCE, Ógras, FORÓIGE, Óige na Gaeltachta agus araile

Duaiseanna;

  1. €3,000 don chéad áit
  2. €1,000 don dara háit
  3. €750 don tríú háit
  4. €500 don ceathrú – ochtú áit.

Chomh maith le sin beidh na buaiteoir a roghnófar sa bhabhta ceannais ag dul amach ar cheirnín Sheachtain na Gaeilge 2014 le Raidío Rí Ra a bheas le fáil i gcóip de Foinse i Márta 2014 agus tá súil ardán a fháil do na buateoirí ar PONC XL lena chois.

An féidir linne cur isteach air?

Tá seo dírithe ar an aoisghrúpa 11 – 18 bliain d’aois. Fáiltítear roimh iarratais ó mheánscoileanna, gaelscoileanna, clubanna óige, coláistí samhraidh, clubanna CLG, cumainn CCÉ., Ógras, Spleodar, Foróige etc, ó thuaidh agus ó dheas, thoir agus thiar, a fhad agus go gcloítear leis an choinníoll i dtaobh aoise.

  1. Caithfidh an t-amhrán bheith nuachumtha agus i nGaeilge.
  2. Caithfidh gach iarrthóir bheith faoi 18 agus thar 11 ar an 30/10/13.
  3. Is féidir meantóir thar 18 a úsáid le treoir agus comhairle a lorg
  4. Ní thig leis an amhrán bheith níos faide ná 5 nóiméad.
  5. Caithfidh an duine/grúpa bheith sásta an t-amhrán a chanadh beo ag an babhta ceannais den chomórtas.
  6. Beidh ar gach iarratas físeán 10 nóiméad a dhéanamh ina bhfuil an t-amhrán á chanadh agus cur síos gearr déanta faoi scríobh an amhráin chomh maith le taifead de cheolchoirm a heagraíodh leis an t-amhrán a sheoladh go poiblí.
  7. Iarrtar ort fosta cruthúnas a chur ar fáil maidir le hiarrachtaí ar bith atá déanta le poiblíocht a fháil don togra sna meáin shoisialta, ( Facebook, Twitter, na meáin etc).
  8. Roghnófar 8 n-amhrán le páirt a ghlacadh i mbabhta ceannais na hÉireann.

Is togra do ghrúpa atá i gceist mar go mbeidh daoine éagsúil de dhíth le hamharc i ndiaidh na gníomhaíochtaí seo a leanas mar shampla.

a.Cumadh an amhráin
b.Ceol a chur leis
c.Físeán a ullmhú
d.Poiblíocht a fháil trí Twitter/Facebook
e. Cur i láthair a eagrú don bhabhta ceannais

Cur Chuige

  1. Spriocdháta le iarratas a chlárú agus Físeán a sheoladh isteach: 10 Deireadh Fómhair
  2. Babhta Ceannais na hÉireann: Le linn Scléip na hÓige ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne 31ú Deireadh Fómhair

Is feidir eolas breise agus foirm iontrála a fháil ón nasc seo: http://www.beoireland.com/song.php

Coláiste Íde

Meán Fómhair 30, 2013

Is í Coláiste Íde an t-aon Mheán Scoil Chónaithe lán-Ghaelach 7 lá in Éirinn.

Lonnaithe i leithinis Chorca Dhuibhne i gCiarraí in eastáit stairiúil le gairdíní áille le hais Bhá an Daingin, cuireann Coláiste Íde sár chaighdeán iar-bhunoideachais ar fáil dos na daltaí a fhreastalaíonn air.

Tá fócas láidir ag an gColáiste ar fhorbairt phearsanta na ndaltaí agus cinntítear go sroicheann gach dalta buaic a gcumas i dtimpeallacht a spreagann féinmhuinín, neamhspleáchas agus féinmheas.

Tugann daltaí Choláiste Íde aghaidh ar an saol mar dhaoine neamhspleácha, muiníneacha agus sár oilte agus ullamh lena n-áit a ghlacadh sa sochaí.

Contact Siobhán on 066 915 1211

www.mayoadvertiser.ie

Dhá phost le líonadh ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Meán Fómhair 26, 2013

Tá dhá phost le líonadh ag an Chomhairle. Má tá suim agat, is féidir dul i dteagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. Is iad na poist:
• Oifigeach Cléireachais (Post Buan)
• Oifigeach Forbartha Óige (Post Sealadach – 6 mhí)
• Fógra Poiblí – OC_OFÓ0913

Pátrúnacht bunscoileanna nua atá lena n-oscailt in 2014

Meán Fómhair 26, 2013

Ag Foghlaim le Chéile ceaptha mar phátrún ar scoileanna nua i nDumhach Thrá/An Rinn agus Cnoc na Cathrach, Gaillimh

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., toradh an phróiseas cinnte pátrúnachta do bhunscoileanna nua atá lena n-oscailt in 2014. Céim eile ar aghaidh é seo sa phróiseas ar cuireadh tús leis i mí an Mheithimh 2011 nuair a d’fhógair an tAire go raibh 20 bunscoil nua lena mbunú suas go 2015 i roinnt áirithe suíomhanna chun fónamh ar líon méadaitheach daltaí.

D’fhógair an tAire ag an am sin chomh maith na critéir agus na socruithe nua d’aithint na scoileanna nua. Ar na socruithe sin bhí bunú Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua, grúpa neamhspleách comhairleach, chun comhairle a chur ar an Aire i dtaobh pátrúnacht na scoileanna nua tar éis dóibh tuarascáil a bhreithniú a d’ullmhaigh oifigigh de chuid na Roinne. Ag fógairt pátrúnacht na scoileanna nua dó, dúirt an tAire Quinn: “Agus mé ag déanamh na gcinntí i dtaobh pátrúnacht na scoileanna seo, bhí mé ag smaoineamh ach go háirithe ar an éileamh soiléir ó na tuismitheoirí ar iolrachas agus ilchineálacht pátrúnachta a chur sa chuntas. Leis na scoileanna nua a bhfuiltear ag dul ar aghaidh leo beidh an rogha is mó is féidir ag tuismitheoirí agus neartófar ilchineálacht an tsoláthair sna ceantair ina bhfuil siad á gcur ar bun”.

Tá Ag Foghlaim le Chéile ceaptha mar phátrún ar scoil nua 16-rangsheomra do cheantar Dhumhach Thrá/Na Rinne i mBaile Átha Cliath agus ar scoil 8-rangsheomra do cheantar Chnoc na Cathrach i nGaillimh. Dúirt an tAire go mbreithneofaí ar cheart scoil 8-rangsheomra eile a bhunú do cheantar Chnoc na Cathrach in 2015 faoi phátrúnacht Lifeways Ireland Teo. Beidh sé seo faoi réir ag deimhniú eile a bheith faighte roimh ré go mbeidh leordhóthain éilimh ó na tuismitheoirí chun tacú leis an tsamhail agus an méid scoile seo ag an am seo.

Tá toilithe ag an Aire bunú bunscoileanna nua do Shord i mBaile Átha Cliath agus do Mhainistir na Corann/Carraig Thuathail i gCorcaigh a chur siar ag feitheamh ar athbhreithnithe ar na ceantair seo ag an Roinn. Agus na hiarratais a fuarthas á measúnú, i ngach cás breithníodh na critéir foilsithe mar a leagadh amach iad. Áirítear air sin méid na hilchineálachta sna scoileanna atá ann faoi láthair agus scála na hilchineálachta a bhí le cur ar fáil sa scoil nó sna scoileanna nua. Breithníodh é seo i gcomhar leis an leibhéal éilimh ó thuismitheoirí ar gach ceann de na pátrúin iarratasóirí. Ghabh an tAire a bhuíochas le baill an Ghrúpa as an ionchur luachmhar a bhí acu sa phróiseas. Adúirt sé: “Chuir mise tús leis an gcóras athbhreithnithe do scoileanna nua a bhunú agus pátrún na scoile a cheapadh i dtreo is gur próiseas oibiachtúil, trédhearcach a bheadh ann. Tá ról bunúsach ag an nGrúpa maidir le baint amach na gcuspóirí seo agus is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre sa réimse seo.”

Beidh oifigigh de chuid na Roinne i dteagmháil le Ag Foghlaim le Chéile go gairid maidir leis na lóistíochtaí a bhaineann le bunú na scoileanna nua atá ag dul ar aghaidh.

http://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Information/Establishing-a-New-School/New-Primary-Schools/Report-of-the-New-Schools-Establishment-Group-on-the-Patronage-of-Primary-Schools-Scheduled-to-Commence-in-September-2014.pdf

€3,000 don chomórtas BEO

Meán Fómhair 26, 2013

Beidh €3,000 mar luach saothar ag buaiteoirí BEO, an comórtas nua d’amhrán nuachumtha atá á reáchtáil ag Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

Tá BEO dírithe ar an aoisghrúpa 11 – 18 bliain d’aois agus fáilteofar roimh iarratais ó mheánscoileanna, gaelscoileanna, clubanna óige, coláistí samhraidh, clubanna CLG, Comhaltas agus eagraíochtaí óige Gaeilge. Caithfidh an t-amhrán a bheith nuachumtha agus i nGaeilge agus caithfidh an duine/grúpa bheith sásta an t-amhrán a chanadh beo ag an mbabhta ceannais den chomórtas. Beidh an babhta ceannais ar siúl le linn Scléip na hÓige ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne 31 Deireadh Fómhair. Beidh ar gach iarrthóir físeán 10 nóiméad a dhéanamh ina bhfuil an t-amhrán á chanadh agus cur síos gearr déanta faoi chumadh an amhráin. Tá go dtí an Déardaoin 10 Deireadh Fómhair ag grúpaí chun cur isteach ar an gcomórtas.

Tá an t-eolas uilig faoin gcomórtas chomh maith lena rialacha agus foirm iarratais le fáil ar www.beoireland.com

www.advertiser.ie

Foirgneamh nua Ghaelscoil Phort Laoise

Meán Fómhair 25, 2013

Tá an áthas orainn an fhoirgneamh bhreá mhór seo a ghlacadh ar son na foirne Gaelscoil Phortlaoise. Cé go rabhamar ar liosta feithimh ar feadh cúig bhliain déag agus sinn ag treabhadh ó bhliain go bliain, ó chlubtheach go sheomra réamhdhéanta, i ndeireadh na dála tháinig ár lá.

Is mór an onóir dúinn mar chomhphobal Gaelach ár suíomh féin a bheith againn. Agus nach álainn an radharc é. Struchtúir 16 seomra ranga le neart seomraí tacaíochta foghlama, stórais, leabharlann agus halla galánta. Is fiú dúinn aitheantas a thabhairt do na hiarscoláirí, na hiarthuismitheoirí agus na hiarrbhaill foirne a chuir an bunobair isteach fadó fadó go bhféadfaimís ár n-aisling féin a bhaint amach lá éigin.

Ní bheidh a leithéad ann arís.

Níl aon tinteán mar do thinteán féin!

-Dominic Ó Braonáin, Príomhoide, Gaelscoil Phort Laoise

Gaelscoil Phort Laoise

Next Page »