Scoil Náisiúnta Cill Bhrighde (G)
Eanáir 30, 2015
Scoil Ultain Naofa (G)
Eanáir 30, 2015
Coláiste Pobail Bheanntraí (S)
Eanáir 30, 2015
Gairmscoil Mhic Diarmada
Eanáir 30, 2015
‘100 bliain tar éis an Éirí Amach tá sé dochreidte go bhfuil Gaeloideachas á cheilt ar dhaltaí’
Eanáir 30, 2015
Is rídheacair a chreidiúint agus a thuiscint go bhfuil Gaeloideachas fós á cheilt ar dhaltaí scoile Chill Dara beagnach céad bliain tar éis Éirí Amach na Cásca.
Sin cuid den mhéid a bhí le rá ag an Teachta Dála neamhspleách Catherine Murphy leis an Aire Oideachais Jan O’Sullivan an tseachtain seo agus an tAire á cheistiú faoin easpa áiteanna i scoileanna lán-Ghaeilge i dtuaisceart Chontae Chill Dara.
Dúirt an Teachta nach bhfuil dótháin spáis i scoileanna lán-Ghaeilge do líon na ndaltaí bunscoile i gCill Dara ar mhaith leo leanacht ar aghaidh leis an nGaeloideachas.
Dar leis an Teachta Murphy, tá 160 iarrthóir istigh ar 52 áit scoile don bhliain seo chugainn. Dúirt sí freisin nach bhféadfaí na gasúir a chur chuig an nGaelcholáiste i Leamhchán mar nach bhfuil spás sa scoil sin ach an oiread.
Thug an tAire O’Sullivan le fios go mbunófaí aonad lán-Ghaeilge san iar-bhunscoil nua a thógfar sa cheantar. Dúirt an tAire go gcuirfeadh an t-aonad seo le soláthar an Ghaeloideachais i gCill Dara.
“Níl san aonad ach masla do thuismitheoirí a mbíodh rogha acu,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách Murphy.
Thug sí rabhadh don Aire O’Sullivan go mbeadh litreacha go béal aici ó thuismitheoirí roimh i bhfad mura dtabharfaí aghaidh ar an ngéarchéim maidir le soláthar an Ghaeloideachais sa chontae.
Ghéill an tAire O’Sullivan gur “ábhar tromchúiseach” a bhí ann agus mhaígh sí go ndéanfadh sí cinnte go ndéanfaí freastal ceart ar óige thuaisceart Chill Dara agus Chill Dara i gcoitinne.
Scéal ó www.tuairisc.ie
An focal scoir sa ‘díospóireacht’ ag daltaí Choláiste Eoin!
Eanáir 30, 2015
Tar éis na díospóireachta ar fad ba ag Coláiste Eoin a bhí an focail scoir!
Ba iad foireann sinsir Choláiste Eoin a thug leo Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2015, a bhí ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tráthnóna.
Ba é Coláiste Pobail Rath Cairn ó chontae na Mí a thug leo an bua i gcomórtas na sóisear.
Dea-scéal do Choláiste Eoin a bhí sa bhua seo tar éis na conspóide ar fad a bhí ar na meáin chumarsáide le tamall de laethanta anuas faoi cheardlann frithbhulaíochta a cuireadh ar athló.
Reáchtálann Gael Linn na comórtais díospóireachta seo do Ghaelcholáistí agus do iar-bhunscoileanna Gaeltachta. Os cionn 50 foireann ar fad a bhí san iomaíocht ag tús an chomórtais agus tháinig an t-ocht bhfoireann a bheidh san iomaíocht i gCraobh na hÉireann trí réamhbhabhtaí cháilithe agus craobhacha réigiúnacha ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.
Bronnadh buanchorn agus duais de luach €1,000 ar an foirne buacacha tráthnóna agus bronnadh duais de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí san iomaíocht don chraobh.
Ba é an Feisire Eorpach, Seán Ó Ceallaigh, a bhí ina aoichainteoir agus cathaoirleach ag an ócáid.
Breathnaíonn Concubhar Ó Liatháin ar na hargóintí atá á n-úsáid in éadan an Ghaeloideachais ó thuaidh, agus fiafraíonn sé cá bhfuil an loighic?
Eanáir 30, 2015
An féidir loighic nó réasún a lua le tuairimí an DUP, nó polaiteoirí aontachtacha eile, i leith na Gaeilge anseo, seachas corr eisceacht?
Ní dóigh liom é.
Bhí loighic agus an dlí go mór chun tosaigh in aigne Peter Robinson, ceannaire an DUP, ach ní ar an nGaeilge a bhí sé ag trácht nó ar an bhfeachtas chun Acht Gaeilge a reachtú ó thuaidh – ach fillfimid air sin.
Ábhar eile a bhí ar aigne an Chéad-Aire.
Bhí sé ag iarraidh dúshlán na gcraoltóirí Briotanacha a thabhairt – BBC, ITV agus Channel 4 – maidir lena gcinneadh gan cuireadh a thabhairt don DUP bheith páirteach i nDíospóireachtaí na gCeannairí roimh Olltoghchán na Ríochta Aontaithe ar 7 Bealtaine.
Ní róshásta a bhí sé go raibh an DUP eisiata as an díospóireacht ina mbeadh na Glasaigh, UKIP, SNP agus Plaid Cymru páirteach ann.
Agus é ag caint ar mheáin na Breataine ag an deireadh seachtaine, luaigh sé go raibh níos mó suíochán ag an DUP – 8 bhFeisire Parlaiminte – ná na Glasaigh (1), UKIP, SNP (6) agus Plaid(3).
“Níl aon bhunús de réir loighce nó de réir dlí gan cuireadh a thabhairt don DUP bheith páirteach sa dhíospóireacht,” ar seisean.
Le tamall anuas tá géarú tagtha ar an gcogadh cultúrtha atá á fhearadh ag an DUP agus an UUP ar an nGaeilge.
Tá ionsaithe leanúnach is míchlúiteach ar bun ag leithéidí Gregory Campbell, Nelson McCausland agus eile ar fheachtais ar son Acht Gaeilge.
An tseachtain seo caite, bhí rún ó Danny Kinihan ó Aontachtóirí Uladh ag éileamh athbhreithniú ar chinneadh an Aire Oideachais, John O’Dowd, meánscoil lán-Ghaeilge, Coláiste Dhoire, a cheadú i nDún Geimhin.
Bheadh sé greannmhar mura raibh sé chomh tromchúiseach gur dhein an UUP gearán faoin aisfhreagra a bhí ag an SDLP agus Sinn Féin araon a chuir iachall ar an dTionól a chinntiú go mbeadh tacaíocht trasphobail ag an rún áirithe sin.
Dar leis an UUP, bhí na náisiúnaithe ag glacadh seilbhe ar an nGaeilge agus ag ‘polaitiú’ ceist na teangan.
Cé nach mbeidh ach 14 dalta luaite le freastal ar an gColáiste nua sa chéad bhliain, go dtí seo, tá sé suite i gcroí-cheantar ina bhfuil go leor bunscoileanna lán-Ghaelacha le cinntiú go mbeidh an rath céanna air sa todhchaí agus a bhí ar Mheánscoil Feirste nach raibh ach naonúr dalta ann sa chead bhliain agus féach anois ar an institiúid sin!
Tinreamh 500+ agus cuid de na torthaí acadúla is fearr sa Tuaisceart.
Bhí mé i láthair ag Lá Oscailte i gColáiste Feirste le déanaí agus bhain mé an oiread spreagtha ón lá nár mhiste liom tosnú ar mo mheánscolaíocht arís…
An cás a deineadh ar son an athbhreithnithe seo ar an gcinneadh ab ea go mbeadh sé róchostasach tráth go bhfuil giorruithe ar bun ar fud an gheilleagair.
Tá an chúis chéanna á lua ag Nelson McCausland in alt a scríobh sé don Belfast Telegraph ag cur i gcoinne Acht na Gaeilge.
Dar leis go mbeidh costas rómhór ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta agus go gcosnóidh sé na milliúin punt – tá sé sásta seo a mhaíomh in ainneoin nach bhfuil an dréacht-bhille foilsithe fós agus in ainneoin go leor i bpobal na Gaeilge ag rá le polaiteoirí ar suim leo éisteacht linn nach reachtaíocht atá uainn a bheadh bunaithe ar chur leis an maorlathas seachas ar thacaíocht dhíreach don Ghaeilge i measc an phobail.
Tugann seo sinn thar n-ais go Peter Robinson agus a fhrustrachas mar gheall ar an DUP bheith fágtha ar lár ó Dhíospóireacht na gCeannairí roimh an Olltoghchán i mí Bealtaine.
Tuigim dó.
Ní maith leis go bhfuil an DUP fágtha ar lár ó dhíospóireacht náisiúnta ina bhfuil páirtithe ar an ‘mórthír’ le níos lú ionadaithe Westminster ag fáil cead isteach ann.
Tá sé amhail is nach bhfuil an Tuaisceart ina chuid den Ríocht Aontaithe – agus is léir nach gceapann na craoltóirí go bhfuil sé chomh Briotanach le Finchley nó Fife.
Bealach a d’fhéadfadh Peter Robinson an bhréag a thabhairt don tuairim sin ná treoir a thabhairt dá pháirtí tacú le hAcht na Gaeilge nuair a chuirfí os comhair an Tionóil é, mar a dhein sé agus é ag tacú le toghchán Mitchell McLaughlin, SF, ina Cheann-Chomhairle le déanaí.
Bheadh sé ábalta a rá go n-aithníonn an DUP go bhfuil reachtaíocht ag cosaint na Gàidhlige in Albain gan ach 50,000 cainteoir ann agus mar sin, de réir loighce, agus geall leis 200,000 i dTuaisceart Éireann ag tabhairt le fios sa daonáireamh gur cainteoirí Gaeilge iad, gur cheart go mbeadh reachtaíocht ag cosaint na Gaeilge sna sé chontae.
Ní bheadh aon rogha aige seo a dhéanamh, gan amhras, dá mbeadh aon ról suntasach ag an loighic nó an réasún sa pholaitíocht.
Scéal ó www.meoneile.ie
Comhdháil CAER/SOILLSE 2015
Eanáir 30, 2015
Feidhmíonn An Foras Pátrúnachta mar bhall de CAER. Is cumann é d’eagrais a bhíonn ag plé le h-oideachas trí mhionteangacha san Eorap. Tá an áthas orainn a chur in iúl go bhfuil CAER i gcomhpháirt le SOILLSE ag eagrú Comdháil idirnáisiúnta ar oideachas trí mhionteangacha. Tárlóidh an comhdháil i Sabhal Mór Ostaig san Albain idir an 28 agus an 30 Bealtaine 2015. Beidh aoichainteoirí den scoth ag déanamh cur i láthair agus beidh ceardlainn éagsúla chun deis a thabhairt do mhúinteoirí agus iadsan bainteach le h-oideachas san earnáil agus na mór cheisteanna comónta a phlé.
Má leanann tú an nasc thíos tabharfaidh sé tú chuig suíomh faoi CAER, SOILLSE agus an comhdháil. Is deis iontach é an comhdháil seo léargas idirnáisiúnta a fháil ar cad atá á dhéanamh ag ár gcomhleacaithe i dtíortha eile. Bainfidh aon duine atá bainteach le h-oideachas lán-Ghaeilge idir múinteoirí, Príomhoidí agus iadsan ag tacú leis an earnáil fíor thairbhe as freastal ar. Má tá aon cheist is féidir glaoch ar oifig an Fhorais Phátrúnachta ag 01-6294110.
Nasc: http://www.smo.uhi.ac.uk/en/rannsachadh/co-labhairt-shoillse/
Easpa tacaíochta ón gcúlbhinse don rún ag ceistiú scoil lán-Ghaeilge
Eanáir 30, 2015
Scéal iomlán ag: www.bbc.co.uk
‘Bualadh bos’ don Phríomhoide in áit ‘agóid’ i gColáiste Eoin
Eanáir 29, 2015
Mhínigh príomhoide na scoile Finín Máirtín, ag tionól na maidine i gColáiste Eoin, nár cuireadh ar ceal ceardlann ar an mbulaíocht homafóbach mar a tuairiscíodh inné.
Tuigtear do Tuairisc.ie gur bhuail daltaí Choláiste Eoin a mbosa ag deireadh thionól na maidine sa scoil inniu tar éis do Phríomhoide na scoile, Finín Máirtín, a mhíniú dóibh nár cuireadh ar ceal ceardlann ar an mbulaíocht homafóbach a bhí le reáchtáil sa scoil.
Mhínigh an príomhoide do na daltaí gur ar athló a cuireadh an cheardlann fad is a bhí nósanna imeachta á leanúint i dtaobh ceisteanna tuismitheoirí faoi reáchtáil na ceardlainne.
Dúirt sé go ngabhfadh an cheardlann ar aghaidh agus dúirt sé go raibh Coláiste Eoin tuisceanach do chách agus go ndéanann an scoil gach iarracht pobal scoile uileghabhálach a chur chun cinn.
Tuairiscíodh go forleathan inné agus inniu gur cuireadh ceardlann a a bhí le tabhairt ag ShoutOut, grúpa a chuireann i gcoinne na bulaíochta homafóbaí, do dhaltaí na hidirbhliana ar ceal toisc go rabhthas buartha nach raibh cothrom na féinne á thabhairt do chaon taobh den cheist.
I ráiteas a d’éisigh Coláiste Eoin, dúradh gur cuireadh cumarsáid scríofa ó roinnt tuismitheoirí faoi bhráid Bhord Bainistíochta na scoile a léirigh a n-imní faoin gceardlann.
“Sa chomhthéacs seo, bhí sé de dhualgas ar an mBord aghaidh a thabhairt ar na nithe uile a éiríonn agus comhairle dá réir a lorg ó na forais bainistíochta comhairliúcháin Chaitliceacha atá ar fáil do scoileanna.
“Déanadh soiléir ó thús do ShoutOut nach raibh an cheardlann a bhí socraithe á cur ar ceal agus ní fíor gur amhlaidh atá.”
Dúradh freisin go bhfuil sé i gceist ag Coláiste Eoin cuireadh a thabhairt do ShoutOut an cheardlann a reáchtáil sa scoil le linn na bliana acadúla seo agus gur reáchtáladh ceardlanna dá leithéid sa scoil cheana gan “agóid nó ábhar eile ina leith”.
Bhí scéalta ar na meáin inné freisin go n-eagródh daltaí Choláiste Eoin agóid inniu faoi scéal na ceardlainne, ach tuairiscítear anois nár tharla a leithéid.
www.tuairisc.ie