‘100 bliain tar éis an Éirí Amach tá sé dochreidte go bhfuil Gaeloideachas á cheilt ar dhaltaí’
Eanáir 30, 2015
Is rídheacair a chreidiúint agus a thuiscint go bhfuil Gaeloideachas fós á cheilt ar dhaltaí scoile Chill Dara beagnach céad bliain tar éis Éirí Amach na Cásca.
Sin cuid den mhéid a bhí le rá ag an Teachta Dála neamhspleách Catherine Murphy leis an Aire Oideachais Jan O’Sullivan an tseachtain seo agus an tAire á cheistiú faoin easpa áiteanna i scoileanna lán-Ghaeilge i dtuaisceart Chontae Chill Dara.
Dúirt an Teachta nach bhfuil dótháin spáis i scoileanna lán-Ghaeilge do líon na ndaltaí bunscoile i gCill Dara ar mhaith leo leanacht ar aghaidh leis an nGaeloideachas.
Dar leis an Teachta Murphy, tá 160 iarrthóir istigh ar 52 áit scoile don bhliain seo chugainn. Dúirt sí freisin nach bhféadfaí na gasúir a chur chuig an nGaelcholáiste i Leamhchán mar nach bhfuil spás sa scoil sin ach an oiread.
Thug an tAire O’Sullivan le fios go mbunófaí aonad lán-Ghaeilge san iar-bhunscoil nua a thógfar sa cheantar. Dúirt an tAire go gcuirfeadh an t-aonad seo le soláthar an Ghaeloideachais i gCill Dara.
“Níl san aonad ach masla do thuismitheoirí a mbíodh rogha acu,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách Murphy.
Thug sí rabhadh don Aire O’Sullivan go mbeadh litreacha go béal aici ó thuismitheoirí roimh i bhfad mura dtabharfaí aghaidh ar an ngéarchéim maidir le soláthar an Ghaeloideachais sa chontae.
Ghéill an tAire O’Sullivan gur “ábhar tromchúiseach” a bhí ann agus mhaígh sí go ndéanfadh sí cinnte go ndéanfaí freastal ceart ar óige thuaisceart Chill Dara agus Chill Dara i gcoitinne.
Scéal ó www.tuairisc.ie