Méid an Téacs

Cead Pleanála faighte ag Gaelscoil Shliabh Rua

Aibreán 30, 2014

Táimid an-sásta le rá go bhfuil cead pleanála faighte ag an scoil dár suíomh nua ar an mBóthar Baile Uí Ógáin. Más mian le haon duine na pleananna a fheiceáil, tá siad ar fáil san oifig. Beidh níos mó eolas ag teacht go luath maidir le dátaí don tógáil, srl.

www.gaelscoilshliabhrua.ie

Tá suíomh idirlín nua ag Gaelscoil Mhic Aodha!

Aibreán 30, 2014

Tabhair cuairt orthu anseo.

Bailíonn Gaelscoil Cois Feabhail breis agus €12,000 don scoil

Aibreán 30, 2014

Comhghairdeas le Gaelscoil Cois Feabhail, Dun na nGall a bhailigh níos mó na €12,000 ag ócáid tiomsaithe airgid le déanaí.

D’eagraigh Gaelscoil Cois Feabhail an ócáid , ‘Beat the Banker’ agus reáchtáladh éar Satharn 22 Feabhra sa Redcastle Hotel.

Tá an Ghaelscoil ag bailiú airgid le tacú le bogadh na scoile chuig an bhfoirgneamh ina raibh Scoil Naomh Iosaf lonnaithe i mBun an Phobail i 2014.
Bhunaigh tuismitheoirí Gaelscoil Cois Feabhail breis is 12 ó shin agus tá an scoil lonnaithe i gcóiríocht shealadach ó shin.

Gaelscoil-beat-the-banker

“Is é seo an chéad ócáid tiomsaithe airgid atá eagraithe ag Gaelscoil Cois Feabhail ó bunaíodh an scoil,” arsa Grainne Nic Robhartaigh, príomhoide na scoile.

“Déanfar athchóiriú ar shean scoil na mbuachaillí i mBun an Phobail leis an airgead. Is buntáiste ollmhór é an bogadh seo ní hamháin don scoil ach don cheantar ina iomlán.”

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scoil seo tabhair cuairt ar a suíomh: www.gaelscoilcoisfeabhail.com

www.foras.ie

‘Seo Linn’ le casadh ag ócáid GhaelscoilEois; ‘Party sa Phuball a Dó’

Aibreán 30, 2014

Ar an Satharn 3 Bealtaine, seinnfidh ‘Seo Linn’ , banna ceoil mór le rá a bhfuil an-tóir ar a bhfíseáin ar Youtube, ag ‘Party sa Phuball a Dó’ i gCluain Eois Co. Mhuineacháin.

D’eagraigh coiste na dtuismitheoirí ó Ghaelscoil Eois‘Party sa Phuball a Dó’. Beidh sé ar siúl sa charr clós ag lár baile Chluain Eois ar an Satharn 3 Bealtaine & ar an Domhnach 4 Bealtaine 2014.

“Táimid ag súil go mór leis an ócáid agus an deis buaileadh le gach aon duine ann,” arsa Keith Ó Briain ó Seo Linn. Tá breis agus 3 mhilliún amas faighte ag ‘Avicii Vs Lurgan’ le Seo Linn ar Youtube.

Seinnfidh an ceoltóir, Brian Mc Dermott, ar Domhnach 4 Bealtaine. Beidh dioscó ar siúl sa tráthnóna do na páistí.

Bhí an méid seo le rá ag Brian MacUaid, cathaoirleach Chumann na dTuismitheoirí: “Is rud iontach maith é go bhfuil Gaelscoil Eois ag fás bliain ina dhiaidh bliana. Ba scoil bheag í le beirt mhúinteoirí agus 30 daltaí cúpla bliain ó shin. Anois tá triúr múinteoirí agus 61 daltaí ann. Ardóidh sé sin go dtí thart ar 80 daltaí i mí Mheán Fómhair.

“An rud atá ár gcoiste ag iarraidh a dhéanamh ná cinntiú go bhfuil áiseanna den scoth ag an scoil do na daltaí agus do na múinteoirí. Bhí ‘Party sa Phuball’ ann den chéad uair anuraidh agus de bharr an iarracht ollmhór a chuir tuismitheoirí, múinteoirí agus cairde na scoile bhí an scoil in ann 21i pad a cheannach. Tá na daltaí ag bhaint socair agus sult astu agus iad ag foghlaim. Ba mhaith linn dul céim níos faide le hócáid na bliana seo.”

Chun tuilleadh eolais a fháil glaoigh ar 0868078984.

www.foras.ie

Múinteoir Mata, Coláiste De Lacy, Cill Dhéagláin

Aibreán 30, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Múinteoir Mata, Coláiste Chú Chulainn, Dún Dealgan

Aibreán 30, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie

Múinteoirí do Ghaelcholáiste an Phiarsaigh á lorg- le tosú Meán Fómhair 2014

Aibreán 30, 2014

Tá deiseanna iontacha ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile gur mian leo a bheith ag múineadh i nGaelcholáiste an Phiarsaigh, meánscoil úrnua, lánGhaeilge i Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14.

Beidh idir phoist lánaimseartha agus pháirtaimseartha i gceist sa phróiseas earcaíochta seo. Ní gá d’iarrthóirí ach iarratas amháin a sheoladh, fiú sa chás go bhfuil ar chumas an iarrthóra níos mó ná ábhar amháin a mhúineadh. Tá gach ceapachán faoi réir coinníollacha agus ag brath ar fhaomhadh ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Is fostóir comhionnanas deiseanna é Bord Bainistíochta Ghaelcholáiste an Phiarsaigh.Ní mór do gach iarrthóir ardchaighdeán Gaeilge scríofa agus labhartha a bheith acu.

Spriocdháta na n-iarratas: Dé Luain, 12 Bealtaine 2014.

gach iarratas chuig: poist@gaelcholaiste.com

Gach eolas ar www.educationposts.ie

Ábhair:

 

 

 

eTwinning i nGaelscoil Mhúscraí, An Bhlárna, Co.Chorcaí

Aibreán 25, 2014

Cáit Ní Shiúrtáin, Príomh-Oide agus Mairéad Breathnach, Múinteoir Ranga & Comhordaitheoir eTwinning

Gaelscoil chomhoideachais sa Bhlárna i gContae Chorcaí is ea Gaelscoil Mhúscraí.Tá baint againn le eTwinning ó 2010. Is é is eTwinning ann ná an pobal do scoileanna san Eoraip agus tá ról gníomhach á choinneáil ar siúl againne mar scoil ina leithéid de phobal trínár gcuid oibre ar thograí eTwinning. Tá líon mór comhpháirtíochtaí déanta againn le scoileanna ar fud na hEorpa i gcaitheamh na dtrí bliana seo caite. Tá dlúthnascanna ar leith cruthaithe idir ár gcomhordaitheoir eTwinning, Máiréad Breathnach agus múinteoirí i Nancy na Fraince agus i gCille Mheàrnaig na hAlban. Bunaíodh an chomhpháirtíocht seo mar bhonn d’obair chomhthogra idir trí scoil ó cuireadh tús le eTwinning i nGaelscoil Mhúscraí.

Téann teagmháil le múinteoirí eile agus a ranganna go mór chun tairbhe dár bhfoireann agus dá ndaltaí araon. B’fhéidir nach bhfuil ach nasc neamhfhoirmiúil i gceist uaireanta nó b’fhéidir go gcomhroinntear smaointe agus eolas a d’fhéadfadh a bheith mar bhunús d’obair thogra fhairsing. D’fhéadfadh a lán réimsí ábhar a bheith cuimsithe i dtogra, rud a chabhraíonn linn an togra a chomhtháthú i gcuraclam na scoile gan stró.

Tugadh faoi cheann de na tograí a rinneadh inár scoil le linn na bliana acadúla 2012/2013 timpeall aimsir na Nollag. Rinneadh cíoradh ar na nósanna lena gceiliúrtar an t-am speisialta seo den bhliain i ndeich dtír Eorpacha eile. Rinneadh láithreoireachtaí Powerpoint agus comhroinneadh iad, uaslódáladh físeáin den amhránaíocht carúil ar Twinspace eTwinning, seoladh agus fuarthas cartaí Nollag. Comhtháthaíodh ábhair ar nós ealaíne, stair, nuatheangacha, ceol, litearthacht agus tíreolas gan aon stró sa togra seo ar shlí fíor-shuntasach ar fad.

Bhí togra eile againn a spreag samhlaíocht na scoile agus a léirigh cumhacht na TFC i dtaobh forbairt litearthachta – is é sin, an togra ‘Storytelling/1,2,3, Il était une fois..’.Tháinig rang a trí agus rang a ceathair le chéile lena ranganna comhpháirtíochta in Albain agus sa bhFrainc chun ríomhleabhar dar teideal ‘Nancy and the Dragon’ a dhéanamh. Spreag an togra seo na daltaí chun a scileanna scríbhneoireachta cruthaithí a úsáid agus bhíodar ag tnúth leis na caibidlí a bhí cumtha ag a gcuid comhdhaltaí thar lear a léamh. Mhothaigh na daltaí go raibh mórghníomh déanta acu nuair a foilsíodh an ríomhleabhar agus é críochnaithe, ar shuíomh idirlín na scoile. Sampla iontach ab ea an togra seo de chomhtháthú na TFC i gcuraclam na scoile.

Ní i seomraí ranga áirithe amháin a dhéanaimid ár gcuid oibre TFC ach bainimid úsáid as cur chuige scoile uile. Cuirtear an obair thogra ar thaispeáint i halla na scoile agus roinntear le ranganna eile í. Bhí áthas an domhain orainn i mbliana nuair a fuaireamar scéala gur bronnadh an Bratach Gorm ar ár scoil mar aitheantas ar na gníomhaíochtaí a rinneadh mar chuid den gClár Blue Star a bhfuil mar chuspóir aige gach gné den AE a chur chun cinn. Bhí ár dtograí eTwinning ina gcuid dhílis den scéim seo.

Tá Gradam Cáilíochta Náisiúnta agus Gradam Cáilíochta Eorpach bainte amach ag ár gcuid oibre eTwinning. Tugann na gradaim seo atá faighte acu mar thoradh ar an obair chomhpháirtíochta seo a dhéanamh fianaise ar ardchaighdeán na foghlama atá déanta acu agus an obair seo idir lámha acu.

Táimid beo i sochaí domhanda. Is cuid den ngnáthshaol é idirghníomhú agus comhoibriú le daoine i dtíortha eile agus tá an saghas oibre seo ag dul i méid de shíor. Mar sin, is ullmhú den scoth le haghaidh saol an 21ú céid é gné idirnáisiúnta a shníomh isteach in oideachas na ndaltaí. Cuireann eTwinning ar ár gcumas seo a dhéanamh trí nascadh ar líne i dtograí a fhéadfar a chomhtháthú sa churaclam atá ann cheana gan aon stró. Tá tionchar fíordhearfach ag eTwinning ar chaighdeán na múinteoireachta agus an fhoghlaim inár scoil.

 www.gaelscoilmhuscrai.ie

GM1

GM2

Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2014 – athchraoladh

Aibreán 24, 2014

Má chaill tú an clár iontach faoi Siansa Gael Linn 2014 ar TG4 le déanaí – ná bí buartha !

Beidh sé á athchraoladh ag an stáisiún Dé Sathairn seo chugainn, 26 Aibreán ar 8:45p.m. – scoth an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta ó ocht ngrúpa – scaip an scéal ar chairde agus gaolta… agus bain sult as!

Dréacht-churaclam Teanga na bunscoile: Comhairliúchán ar siul

Aibreán 24, 2014

Tá dréacht-churaclam teanga na bunscoile curtha amach ag an CNCM ar chomhairliúchan mar a bhaineann le gach gach páiste ó na Naíonáin Bheaga go dtí Rang 2 i Scoileanna meán Béarla agus i Scoileanna lán-Ghaeilge. Maireann an comhairliúchán ó anois go dtí 30 Bealtaine. Freagraíonn sé don aiseolas a thug múinteoirí ar bhealaí chun curaclam 1999 a fheabhsú don Bhéarla agus don Ghaeilge agus léiríonn sé taighde agus forbairtí nua i bhfoghlaim teanga páistí. Fáilteofar go mór roimh thuairimí na scoileanna lán-Ghaeilge agus cuirfear moltaí agus aiseolas san áireamh sa chéad dréacht eile a fhorbrófar. Is deis an-mhaith í seo do scoileanna lán-Ghaeilge tionchar a imirt ar fhorbairt an churaclaim agus ar fheasacht a mhéadú ar riachtanais ar leithligh na scoileanna lán-Ghaeilge i dtaobh teangacha an churaclaim.

Tá dréacht churaclam teangacha na bunscoile ar fáil anseo: Curaclam Teanga na Bunscoile. Freisin, gheobhaidh tú sa nasc seo achoimre fheidhmeach ar an tuarascáil taighde a scríobh Pádraig Ó Duibhir agus Jim Cummins, 2012.

Fáiltítear roimh aiseolas ar líne, de réir na dtreoracha atá leagtha amach sa nasc thíos, nó más maith leat aiseolas ar ríomhphost a chur chugainn (blathnaid@gaelscoileanna.ie) roimh an Aoine, 17ú Bealtaine, cuirfear san áireamh é in aighneacht Gaelscoileanna Teo.

Next Page »