Méid an Téacs

eTwinning i nGaelscoil Mhúscraí, An Bhlárna, Co.Chorcaí

Aibreán 25, 2014

Cáit Ní Shiúrtáin, Príomh-Oide agus Mairéad Breathnach, Múinteoir Ranga & Comhordaitheoir eTwinning

Gaelscoil chomhoideachais sa Bhlárna i gContae Chorcaí is ea Gaelscoil Mhúscraí.Tá baint againn le eTwinning ó 2010. Is é is eTwinning ann ná an pobal do scoileanna san Eoraip agus tá ról gníomhach á choinneáil ar siúl againne mar scoil ina leithéid de phobal trínár gcuid oibre ar thograí eTwinning. Tá líon mór comhpháirtíochtaí déanta againn le scoileanna ar fud na hEorpa i gcaitheamh na dtrí bliana seo caite. Tá dlúthnascanna ar leith cruthaithe idir ár gcomhordaitheoir eTwinning, Máiréad Breathnach agus múinteoirí i Nancy na Fraince agus i gCille Mheàrnaig na hAlban. Bunaíodh an chomhpháirtíocht seo mar bhonn d’obair chomhthogra idir trí scoil ó cuireadh tús le eTwinning i nGaelscoil Mhúscraí.

Téann teagmháil le múinteoirí eile agus a ranganna go mór chun tairbhe dár bhfoireann agus dá ndaltaí araon. B’fhéidir nach bhfuil ach nasc neamhfhoirmiúil i gceist uaireanta nó b’fhéidir go gcomhroinntear smaointe agus eolas a d’fhéadfadh a bheith mar bhunús d’obair thogra fhairsing. D’fhéadfadh a lán réimsí ábhar a bheith cuimsithe i dtogra, rud a chabhraíonn linn an togra a chomhtháthú i gcuraclam na scoile gan stró.

Tugadh faoi cheann de na tograí a rinneadh inár scoil le linn na bliana acadúla 2012/2013 timpeall aimsir na Nollag. Rinneadh cíoradh ar na nósanna lena gceiliúrtar an t-am speisialta seo den bhliain i ndeich dtír Eorpacha eile. Rinneadh láithreoireachtaí Powerpoint agus comhroinneadh iad, uaslódáladh físeáin den amhránaíocht carúil ar Twinspace eTwinning, seoladh agus fuarthas cartaí Nollag. Comhtháthaíodh ábhair ar nós ealaíne, stair, nuatheangacha, ceol, litearthacht agus tíreolas gan aon stró sa togra seo ar shlí fíor-shuntasach ar fad.

Bhí togra eile againn a spreag samhlaíocht na scoile agus a léirigh cumhacht na TFC i dtaobh forbairt litearthachta – is é sin, an togra ‘Storytelling/1,2,3, Il était une fois..’.Tháinig rang a trí agus rang a ceathair le chéile lena ranganna comhpháirtíochta in Albain agus sa bhFrainc chun ríomhleabhar dar teideal ‘Nancy and the Dragon’ a dhéanamh. Spreag an togra seo na daltaí chun a scileanna scríbhneoireachta cruthaithí a úsáid agus bhíodar ag tnúth leis na caibidlí a bhí cumtha ag a gcuid comhdhaltaí thar lear a léamh. Mhothaigh na daltaí go raibh mórghníomh déanta acu nuair a foilsíodh an ríomhleabhar agus é críochnaithe, ar shuíomh idirlín na scoile. Sampla iontach ab ea an togra seo de chomhtháthú na TFC i gcuraclam na scoile.

Ní i seomraí ranga áirithe amháin a dhéanaimid ár gcuid oibre TFC ach bainimid úsáid as cur chuige scoile uile. Cuirtear an obair thogra ar thaispeáint i halla na scoile agus roinntear le ranganna eile í. Bhí áthas an domhain orainn i mbliana nuair a fuaireamar scéala gur bronnadh an Bratach Gorm ar ár scoil mar aitheantas ar na gníomhaíochtaí a rinneadh mar chuid den gClár Blue Star a bhfuil mar chuspóir aige gach gné den AE a chur chun cinn. Bhí ár dtograí eTwinning ina gcuid dhílis den scéim seo.

Tá Gradam Cáilíochta Náisiúnta agus Gradam Cáilíochta Eorpach bainte amach ag ár gcuid oibre eTwinning. Tugann na gradaim seo atá faighte acu mar thoradh ar an obair chomhpháirtíochta seo a dhéanamh fianaise ar ardchaighdeán na foghlama atá déanta acu agus an obair seo idir lámha acu.

Táimid beo i sochaí domhanda. Is cuid den ngnáthshaol é idirghníomhú agus comhoibriú le daoine i dtíortha eile agus tá an saghas oibre seo ag dul i méid de shíor. Mar sin, is ullmhú den scoth le haghaidh saol an 21ú céid é gné idirnáisiúnta a shníomh isteach in oideachas na ndaltaí. Cuireann eTwinning ar ár gcumas seo a dhéanamh trí nascadh ar líne i dtograí a fhéadfar a chomhtháthú sa churaclam atá ann cheana gan aon stró. Tá tionchar fíordhearfach ag eTwinning ar chaighdeán na múinteoireachta agus an fhoghlaim inár scoil.

 www.gaelscoilmhuscrai.ie

GM1

GM2