“Tacaíocht Phraiticiúil de dhíth ó theaghlaigh Ghaeilge anois”
Aibreán 30, 2012
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le fógairt an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh agus Próiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.
Tá tuilleadh soiléirithe fós le teacht ón Roinn áfach maidir le cur i gcrích na mbeartas agus le róil Ranna eile i gcur i gcrích na hoibre seo, go háirithe Ról na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Inné 26 Aibreán, cuireadh sonraí ar fáil den chéad uair maidir leis an gclár tacaíochta teaghlaigh, clár úr a thiocfaidh in áit Scéim Labhairt na Gaeilge ar cuireadh deireadh léi ag deireadh na scoilbhliana seo caite.
Thug an tAire Mac Fhionnlaoich le fios go bhfuil socrú déanta chun feachtas feasachta teanga a thionscnamh i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte trí bhileog eolais, a leagann amach na buntáistí maidir le gasúir a thógáil trí Ghaeilge a chur ar fáil do mháithreacha atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu.
Aithníonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nach bhfuil sa bheart seo ach ‘túsphointe’ ach deir Stiúrthóir Gníomhach na Comhdhála, Kevin De Barra nach leor eolas a scaipeadh, agus gur gá anois “díriú ar mhodhanna níos praiticiúla chun tacaíocht leanúnach a thabhairt do thuismitheoirí fud fad na tíre a theastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge, agus go ndéanfar seo i gcomhar le heagrais atá ag saothrú an ghoirt seo le fada, ar nós Comhluadar”.
“Tá an tacaíocht phraiticiúil de dhíth ó theaghlaigh Ghaeltachta anois mar tá léirithe ag an Staidéar Teangeolaíoch Cuimsitheach go bhfuil ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht faoi láthair”, a dúirt sé.
Fáiltíonn an Chomhdháil roimh fhógra an Aire go ndéanfar forbairt ar Scéim na gCúntóirí Teanga, scéim de chuid na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta a thacaíonn le páistí i scoileanna Gaeltachta chun a gcuid Gaeilge a shaibhriú nó a shealbhú.
Beidh Comdháil Náisiúnta na Gaeilge ag áitiú ar an Roinn go gcuirfear oiliúint agus tacaíocht ar fáil gan mhoill do na cúntóirí teanga, mar atá geallta chun rathúlacht na scéime seo ag leibhéal an phobail a chinntiú. D’fhógair an tAire Mac Fhionnlaoich freisin inné go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.
Faoin mBille Gaeltachta 2012 atá le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais níos déanaí i mbliana, déanfar teorainneacha na Gaeltachta a shainmhíniú ar bhonn teangeolaíoch in áit ar bhonn tíreolaíoch mar atá faoi láthair.
Faoin bpróiseas nua a fógraíodh inné, roinnfear an Ghaeltacht i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith, agus beidh plean teanga uathúil le dréachtú do gach ceantar acu sin. Tá molta gur trí na comharchumainn agus na heagrais phobalbhunaithe, a thagann faoi scáth Údarás na Gaeltachta, a chuirfear na pleananna teanga seo i bhfeidhm.
Dar le Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, nach bhfuil sé soiléir cén réasúnaíocht a bhain le ceantair phleanála teanga chomh fairsing a roghnú. Ar cheann de na ceantair seo, tá Cois Fharraige i gConamara, ceantar mór ina n-áirítear achar fada ó Na Forbacha chomh fada siar le Ros an Mhíl, le hoiread éagsúlachta teanga ann, idir Catagóirí A agus Catagóirí C de réir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Thug an tAire Stáit le fios go gcuirfear oiliúint sa phleanáil teanga ar fáil d’eagrais phobalbhunaithe i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Beidh gá le tuilleadh acmhainní agus tacaíochta, go háirithe acmhainní foirne a chur ar fáil do na heagrais seo a bhfuil cláir oibre dhúshlánacha rompu cheana féin, dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ionas go mbainfí spriocanna pleanála teanga.
Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Comórtais Gael Linn
Aibreán 17, 2012
Bhí bua na cainte ag daltaí scoile thuaidh agus theas a ghlac páirt i gcomórtais dhíospóireachta Gael Linn le déanaí.
Agus dar le Niamh De Búrca ó Ghael Linn tá na hóráidithe óga réidh le teacht i gcomharba ar Pharnell, Dhónal Ó Conaill agus ar Barack Obama fiú, tar éis a mbua ag
Craobh na hÉireann de Chomórtas an Phiarsaigh Gael Linn 2012 le déanaí.
Ghlac breis agus 150 foireann ó scoileanna fud fad na tíre páirt i gcomórtas díospóireachta na bliana seo agus cuireann sé leis an sprioc atá ag Gael Linn an teanga labhartha a chur chun cinn ar fud na tíre.
Bhuaigh foireann Iar-bhunscoil Mhá Nuad, Co. Chill Dara an chraobh shinsearach ag an gcraobh ceannais náisiúnta a reáchtáladh i bPort Laoise ar an Déardaoin, 29 Márta 2012.
Bhuaigh siad leis an gcás láidir a chruthaigh siad faoin rún, ‘Tá an teideal ‘Oileán na Naomh agus na nOllamh’ tuillte go fóill ag Éirinn!’
Chroch foireann Mheánscoil na Trócaire, Trá Lí, an Corn Sóisearach. Ba iad Liam Mac an Mhaoir, Matt Ó Donnchadha, Aingeal Ní Chonghaola, Máirín Uí Mhuirí agus Féilim Mac Donncha a bhí ag déanamh moltóireachta sa dá chomórtas.
Bhronn Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh.
Reáchtáiltear comórtas óráidíochta poiblí sna scoileanna i gCúige Uladh chomh maith. Abair is teideal don chomórtas seo a fhreastalaíonn ar scoileanna dara leibhéal.
Reáchtáladh an chraobh i gceannáras an C.L.G. in Ard Mhacha ag Páirc Lúthchleasa Uí Mhuireagáin. Bhí Dónall Mac Giolla Chóill, Seán Ó Maoilsté agus Michelle Nic Pháidín ag moltóireacht.
I gCraobh Abair i bPáirc Lúthcleasaíochta Uí Mhuireagáin in Ard Mhaca, bronnadh an chéad áit ar an gcraobh iomlán ar Roibéard Mac Pharthaláin ó Scoil Mhuire, Machaire Fíolta, Contae Dhoire. Ba í An Ultais a bhí á plé aige ar an oíche. Mol an Óige!
GAELPORT
Scoileanna Gaeltachta ag ullmhú don agóid i nGaillimh
Aibreán 10, 2012
Dé Sathairn, 14 Aibreán beidh cathair na Gaillimhe mar cheannscríbe do lucht na tuaithe a rachaidh i mbun agóide in aghaidh ciorruithe a dhéanfaidh dochar mór do shaol na tuaithe dar leo.
Beidh lucht tacaíochta na scoileanna Gaeltachta lárnach sa léirsiú sa chathair. Tá bagairt do na scoileanna Gaeltachta fós i mbéal an phobail tar éis gur moladh sa cháinaisnéis go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann.
Tá ciorclán eisithe ag an Roinn Oideachais mar gheall ar an athrú agus tá lucht na scoileanna Gaeltachta ag súil go ndéanfar eisceacht do scoileanna Gaeltachta agus go dtabharfaí aitheantas do thábhacht na scoileanna i gceantair Ghaeltachta.
Buailfidh an slua le chéile ag an Ard-Eaglais sa chathair ag 1 in agus, máirseálfar as sin go dtí an Ollscoil, áit a mbeidh teacht le chéile chun a chinntiú go gcloisfidh baill an pháirtí míshástacht scoileanna agus mhuintir na Gaeltachta.
An tseachtain seo caite, thacaigh na peileadóirí sinsearacha Noel O Leary agus Tomás Ó Sé le feachtas na scoileanna Gaeltachta.
Anuas air sin beidh roinnt eagrais tuaithe agus eagrais oideachais ag súil go tabharfaidh baill pháirtí an lucht oibre cluais dóibh.
Beidh eagraíochtaí atá in aghaidh na dtáillí séarachais i mbun agóide i gcathair na dtreabh Dé Sathairn chomh maith le múinteoirí gairmthreoracha .
Tá molta ag an Roinn Oideachais go mbeadh gearradh siar ar an líon uaireanta scoile a chuirfear ar fáil do ranganna gairmthreoracha agus go mbeadh ar mhúinteoirí gairmthreoracha filleadh ar ais ar an seomra rang le hábhair scoile eile a mhúineadh.
Foilsithe ar Gaelport.com
Pátrúnacht agus bunscoileanna lán-Ghaeilge
Aibreán 10, 2012
Foilsíodh tuarascáil an ghrúpa comhairligh don fhóram faoi phátrúnacht agus Iolrachas in earnáil an bhunoideachais inniu. Tá molta ann go dtabharfaí aird ar an éileamh ar an ngaeloideachas má ghlactar le moltaí maidir le pátrúnacht a dhífheistiú céim ar chéim.
Bunaíodh an fóram faoi phátrúnacht agus iolrachas i mí an Mhárta 2011 d’fhonn moltaí a chur chun cinn ar cheist na pátrúnachta.
Tugtar aird sa tuarascáil go bhfuil éileamh níos mó ar fhoirmeacha nua scolaíochta ilchreidmhí agus neamh-shainchreidmhí, chomh maith le héileamh níos mó ar scolaíocht trí Ghaeilge.
Éagsúlacht Pátrúnachta
Moltar sa tuarascáil éagsúlacht pátrúnachta a bhaint amach trí an stoc scoileanna atá cheana féin i limistéir ina bhfuil an daonra seasmhach a úsáid.
I gcás ina bhfuil cnuasach scoileanna sainchreidmheacha ann ach go bhfuil tuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh pátrúnacht mhalartach scoile ar fáil, moltar sa tuarascáil go ndéanfaí aistriú pátrúnachta le cúnamh ón Roinn.
Ach seachnaítear sa tuarascáil cur chuige ‘an bhuille mhóir’ agus moltar gur chóir athrú pátrúnachta a dhéanamh i gcéimeanna, trí chur chuige bunaithe ar scoilcheantair a ghlacadh, ag glacadh rogha na dtuismitheoirí san áireamh.
Moltar sa tuarascáil go mbainfeadh céim a haon den obair seo le pátrúnacht scoile a scrúdú in 43 baile agus i 4 limistéar i mBaile Átha Cliath. Beidh 18 ndeoise i gceist leis sin agus grinnscrúdú ar thart ar 250 scoil, agus féadfar thart ar 50 díobh sin a dhífheistiú.
Moltar próiseas trí chéim, áit a mbaileodh an Roinn Oideachais agus Scileanna faisnéis maidir leis an éileamh atá ar an dífheistiú trí shuirbhéanna a dhéanamh ar thuismitheoirí.
Ina dhiaidh sin thiocfadh tuarascáil maidir leis na roghanna pátrúnachta agus ar deireadh bheadh ar phátrúin freagra a thabhairt taobh istigh de thréimhse ama faoi leith.
Scoileanna lán-Ghaeilge
Tá molta ag an ngrúpa comhairleach gur cheart anailís a dhéanamh ar an mbealach a thagann bunscoileanna Gaeilge chun cinn agus gur cheart machnamh a dhéanamh ar an gcoincheap maidir le scoil ‘satailíte’ a bheadh ceangailte le ‘máthairscoil’ Ghaeilge atá dea-bhunaithe.
Tá formhór na scoileanna lán-Ghaeilge faoi phátrúnacht na nEaspag Caitliceach nó faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta. Tagraítear sa tuarascáil don mhéadú atá tagtha ar an éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta in ainneoin gur tháinig laghdú ar líon na scoileanna lán-Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta ó 153 sa bhliain 1975/1976 go dtí 106 sa bhliain 2010/2011.
Luaitear go bhfuil 30,000 dalta ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh don Ghaeltacht anois agus gur cheart eolas mar gheall ar an ngaeloideachas a scaipeadh i measc na dtuismitheoirí a bheidh ag glacadh páirte i gcéim a haon don phróiseas.
Bheadh éileamh na dtuismitheoirí ar scoileanna Gaeilge mar chuid den treoir thionscadal maidir le 47 limistéar a dhífheistiú.
Deirtear freisin gur cheart go leanfar agus go gcuirfear leis na socruithe taistil atá do scoláirí ar mhian leo freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge.
Chuir an tAire Ruairí Quinn TD fáilte roimh an tuarascáil agus dúirt sé gur cheart gurb é rogha na dtuismitheoirí an t-ábhar imní is mó a bheadh againn ar fad.
“Le roinnt mhaith blianta anois, tá athrú mór polaitiúil, sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha, déimeagrafach agus oideachasúil le feiceáil ar shochaí na hÉireann. Caithfear léiriú a thabhairt ar an tsochaí athraithe sin sa soláthar bunscoile agus caithfear freastal ar éagsúlacht mhéadaithe”, a dúirt sé.
Fógrófar cinneadh na Roinne Oideachais mar gheall ar mholtaí na tuarascála i mí na Bealtaine.
Foilsithe ar Gaelport.com
Lámh chúnta do dhaltaí na hArdteiste le fáil i gclár úr TG4
Aibreán 3, 2012
Cuirfidh an t-aisteoir Marcus Lamb comhairle a leasa ar dhaltaí scoile atá ag ullmhú do bhéaltriail úr na hArdteistiméireachta sa chlár teilifíse ‘Cuireadh Chun Cainte’ atá le craoladh ar TG4 11 Aibreán ag 11am.
Is í seo an chéad bhliain do shiollabas nua Gaeilge agus don bhéaltriail ag leibhéal na hArdteistiméireachta.
Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40% de mharcanna sa scrúdú iomlán ag brath ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh thart ar 15 nóiméad.
Mar sin tá sé tráthúil go bhfuil comhairle ó shaineolaithe oideachais curtha i dtoll a chéile don chlár a tabharfaidh leideanna do dhaltaí agus a chuirfidh ar a suaimhneas iad sula dtabharfaidh siad faoin bhéaltriail.
Ba iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge a léirigh an clár. Tugtar léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí faoi cad le bheith ag súil leis sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air.
Sa chlár míníonn an t-aisteoir Marcus Lamb (Ros na Rún, Corp agus Anam) leagan amach an scrúdaithe agus déanann sé tráchtaireacht ar bhréagscrúdú atá ar siúl os a chomhair. Chomh maith leis sin, tá na míreanna nua sa bhéaltriail á bplé agus á gcur i láthair aige.
Tá ceithre mhír sa bhéaltriail nua: Fáiltiú, Léamh na Filíochta, Cur síos ar Shraith Pictiúr agus Comhrá. Tabharfaidh an clár eolas ar gach mír den bhéaltriail chomónta do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal.
Tá an clár seo oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir.
Tá cuid den chlár dírithe ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu le cuidiú leo cur lena líofacht, lena stór focal agus lena scileanna cumarsáide roimh an scrúdú.
Tá ábhar breise ar fáil ar an suíomh Gréasáin http://www.gaelport.com/cuireadhchuncainte a bheidh ina chabhair do dhaltaí chomh maith. Tá na dánta go léir atá riachtanach don bhéaltriail le cloisteáil ann, chomh maith le lámhleabhar áisiúil do dhaltaí scoile.
GAELPORT
40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh i bplean tógála an Rialtais
Márta 13, 2012
Tá fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn T.D go bhfuil 275 tionscadal tógála scoile ceadaithe inniu mar chuid de phlean nua cúig bliana do chóiríocht scoile. Tá 40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh sa phlean tógála.
Caithfear €1.5 billiún mar chuid den chlár infheistíochta agus mar chuid den tionscadal beidh 106 foirgneamh bunscoile le tógáil agus cuirfear síntí le 65 bunscoil agus le 43 meánscoil.
Ceaptar go gcuirfear go mór le líon na ndaltaí a bheidh ag freastal ar scoileanna idir seo agus 2018 mar gheall ar an méadú ar an ráta-beireatais sa tír le tamall de bhlianta anuas. Beidh 70,000 dalta breise ag freastal ar scoileanna idir seo agus 2018.
Cruthófar 100,000 áit scoile mar chuid den tionscadal tógála agus beidh an tionscadal á riaradh i gcomhpháirt le coistí gairmoideachais, comhairlí contae agus Oifig na nOibreacha Poiblí.
Chuir GAELSCOILEANNA TEO fáilte roimh an ráiteas ach dúirt an eagraíocht áfach go mbeadh díomá ar scoileanna eile atá ag fanacht le fada ar cóiríocht chuí ach nár tugadh san áireamh iad ar liostaí na Roinne Oideachais agus Scileanna don tréimhse 2012-2015.
Tá 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht buan nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht sealadach faoi láthair – sin gan trácht a dhéanamh ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht sealadach do chuid den scoil.
Beidh 22 bhunscoil faoi an Foras Pátrúnachta ag fáil scoil iomlán nua agus beidh síneadh á chur le 2 bhunscoil eile faoin bpátrún. Chuir Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta fáilte roimh an ráiteas. “Tá An Foras Pátrúnachta ríméadach faoin bhfógra ar an bplean cúig bliana. Tá formhór de na scoileanna againn ag fanacht le fada leis an dea-scéal seo ón Roinn Oideachais. Cuirfidh na foirgnimh nua agus na forbairtí go mór le timpeallacht na scoile agus le leas mhuintir na scoile”, a dúirt sé.
I dtaca le Gaelscoileanna, léirigh an eagraíocht díomá nach bhfuil scoileanna ar an liosta cé go bhfuil siad ag fanacht le fada an lá le cóiríocht bhuan. Thug siad le fios inné go ndéanfar teagmháil leis an Roinn Oideachais chun an cheist a fhiosrú agus a gcás a chur chun cinn.
Scoileanna lán-Ghaeilge a bheidh san áireamh sa tionscadal tógála:
2012: Obair tógála ar bun
Gaelscoil Uí Fhiach, Cill Dara
Gaelcholáiste Oiriall, Muineacháin
Gaelscoil Ultain, Muineacháin
Gaelscoil Uí Riordán, Corcaigh
Gaelscoil Chloich na Coillte, Corcaigh
Gaelscoil Adamhnáin, Dún na nGall
Gaelscoil Eiscir Riada, BÁC
Gaelscoil na Deise, Port Láirge
Coláiste Áiligh, Dún na nGall
2013: Obair tógála le tosú
Gaelscoil An Ghort Álainn, Corcaigh
Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Gaelscoil Chaladh an Treoigh, Luimneach
Gaelscoil Na Mí, An Mhí
Gaelscoil Éadan Doire, Uíbh Fháilí
Gaelscoil Inis Córthaidh, Loch Garman
Gaelscoil Moshíológ, Loch Garman
Gaelscoil an tInbhir Mhóir, Cill Mhantain
Gaelscoil na gCloch Liath, Cill Mhantáin
2014: Obair tógála le tosú
Gaelscoil Mainistir na Corann, Corcaigh
Gaelscoil & Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh
Gaelscoil nua, an tSeanbhábhún, BÁC
Gaelscoil Bharra, BÁC
Gaelscoil Bhaile Munna, BÁC
Bunscoil Coláiste Mhuire, BÁC
Gaelscoil nua, Cnoc na Cathrach, Gaillimh
Gaelscoil Riada, Gaillimh
Gaelscoil an Ráithín, Luimneach
2015:Obair tógála le tosú
Gaelscoil de hÍde, Corcaigh
Gaelscoil nua, An Chéim, BÁC
Gaelscoil an Chuilinn, BÁC
Gaelscoil Ros Eo, BÁC
Scoil Lorcáin, BÁC
Gaelscoil Iarfhlatha, Gaillimh
Gaelscoil Riabhach, Gaillimh
Coláiste an Eachréidh, Gaillimh
Gaelscoil de hÍde, Gaillimh
Gaelscoil Liatroma, Liatrom
Gaelscoil an Longfoirt, Longfort
Gaelscoil an Bhradáin Feasa, An Mhí
Gaelscoil Chill Mhantain, Cill Mhantain
Achainí ar chás na nGaelscoileanna
Márta 1, 2012
Tá Gaelscoileanna Teoranta ag iarraidh ar dhaoine a gcuid tacaíochta a léiriú do na gaelscoileanna beaga trí achainí a shíniú ar líne i gcoinne cinneadh an Rialtais maidir le cóimheas múinteoirí le daltaí i ngaelscoileanna.
Cuireadh an achainí ar bun le dul i gcoinne na gciorruithe a beartaíodh maidir leis na scoileanna beaga sa Bhuiséid ag deireadh 2011.
De réir na cáinaisnéise, ardóidh líon na ngasúr ar gá do scoil le ceithre múinteoir a bheith acu ó 81 go dtí 83.
Ardóidh líon na ngasúr i scoileanna Gaeltachta ó 76 go 86 faoin mbliain 2014, rud a chiallaíonn go mbeadh ardú de deich bpáiste ag teastáil chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.
Áitítear mar chuid den achainí go gcaillfeadh múinteoir amháin ó 31 gaelscoileanna má chuirfear na ciorruithe sa chóimheas múinteoirí le daltaí i bhfeidhm.
Is é tuismitheoir a thosaigh an achainí seo agus is í an chéad chéim eile i bhfeachtas dian atá á stiúradh faoi láthair ag tuistí, foirne agus páistí na scoileanna beaga.
Thit agóidí amach ar fud na tíre ag an deireadh seachtaine agus ba léir míshástacht an phobail i measc na sluaite a bhí i láthair. Ba iad an Feachtas Save Our Small Schools agus Cumann Múinteoirí Éireann a bhí ina mbun agus is cinnte go mbeidh tuilleadh gníomhaithe ar siúl maidir leis na ciorruithe sna míonna amach romhainn.
Is féidir an achainí a shíniú ag http://www.ipetitions.com/petition/gaelscoileanna-cuts-protest/
Agóid náisiúnta ar chás na scoileanna beaga
Feabhra 21, 2012
Beidh na mílte ag bailiú le chéile ar fud na tíre an tseachtain seo in aghaidh na gciorruithe a beartaíodh maidir leis na scoileanna beaga sa Bhuiséid ag deireadh 2012.
Tá dhá lá ágóide náisiúnta eagraithe ag na heagraíochtaí scoileanna éagsúla don tseachtain seo.
Baileoidh muintir na scoileanna DEIS le chéile taobh amuigh den Dáil ag 3.30pm ar an Déardaoin, 23 Feabhra. Táthar ag súil le slua mór sa phríomhchathair ar an lá céanna a dtiocfaidh grúpaí eile le chéile ar son na cúise in áiteanna eile ar fud na tíre ina bhfuil scoileanna DEIS.
Titfidh an dara lá agóide amach ar an Satharn, 25 Feabhra agus is iad an feachtas Save Our Small Schools agus craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann a bheidh ina bhun. Bunaíodh craobhacha Save Our Small Schools ar fud na tíre le déanaí agus beifear ag siúl le chéile ar an Satharn i gCiarraí, sa Chlár, i bPort Láirge, i nDún na nGall agus i nGaillimh. Táthar ag súil le 150 scoil agus 3000 duine i gCaisleán an Bharraigh ar an lá, áit a siúlfaidh an slua chuig oifig Dáilcheantar an Taoisigh lena míshásacht a léiriú.
Beidh craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann ag mórshiúl ar an 25 Feabhra agus Craobh an Earagail, Gaoth Dobhair ina measc. Tiocfaidh siad le chéile ar an Screabán (oifig Roinn na Gaeltachta) ag 12pm agus iarrtar ar phobal na scoile uile – an Bord Bainistíochta, tuismitheoirí agus an fhoireann – tacú leo ar an lá.
De réir na cáinaisnéise a fógraíodh mí na Nollag seo caite, ardóidh líon na ngasúr is gá do scoil le ceithre mhúinteoir a bheith acu ó 81 go dtí 83. Ardóidh líon na ngasúr i scoileanna Gaeltachta ó 76 go 86 faoin mbliain 2014, rud a chiallaíonn go mbeadh ardú de deich bpáiste ag teastáil chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.
GAELPORT
Eagraíochtaí Gaeilge slán go dtí Meitheamh 2013
Feabhra 15, 2012
In Inis Ceithleann inniu thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas treoir do Fhoras na Gaeilge go leanfaí ag cur maoiniú eatramhach ar fáil do na heagrais bunmhaoininthe Gaeilge suas go dtí an 30 Meitheamh 2013.
D’fhreastail Carál Ní Chuilín, MLA, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Aire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as Gnóthaí Gaeltachta agus Jonathan Bell, MLA, Aire Sóisearach, ag an gcruinniú.
Sa chomhráiteas a eisíodh tráthnóna inniu, nótáil na hAirí an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge i dtaca le forbairt samhail nua iomaíoch mhaoinithe.
Níor moladh áfach go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcomhairliúcháin poiblí, gníomh á bhí á lorg ag na heagrais le tamall anuas.
Athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagras
Faoi láthair, tá comhairliúchán poiblí ar bun ag Foras na Gaeilge maidir leis an Samhail nua mhaoinithe mar atá molta acu do na 19 eagrais Ghaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge.
I Mí Mheán Fomhair, thug an CATT treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i mbun comhphlé leis an earnáil dheonach maidir le struchtúr úr maoinithe do na heagrais bunmhaoinithe.Iarradh ar an bhForas cás gnó mionsonraithe a ullmhú chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna a bhí beartaithe mar chuid den struchtúr maoinithe úr agus plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, a thabharfaidh aird ar chur i gcrích an phróisis.
Faoin tSamhail Nua Mhaoinithe déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh d’ocht scéim. I measc na scéimeanna siúd beidh: scéim abhcóideachta, scéim áiseanna foghlamtha, scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Scéim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail.
Mar a tuairiscíodh ar Gaelport.com roimhe seo, ta na heagrais bhunmhaoinithe den tuairim go bhfuil sé beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth, gan dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú chun teacht ar mhodhanna nua oibre. Tá sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú
I Mí na Nollag, d’eisigh na heagrais comhráiteas ag léiriú a mbuartha, inar mhol siad d’Fhoras na Gaeilge “meicníocht idirbheartaíochta” a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.
Tuarascálacha Bliantúla an Fhorais
Tuairiscíodh inniu go mbeidh Tuarascáil Bhliantúil an Fhorais Teanga don bhliain 2008 le cur faoi bhráid an Oireachtais san Earrach.
Chomh maith leis sin beidh athbhreithniú a dhéanamh ar dílarú Fhoras na Gaeilge i bhfianaise cinneadh an rialtais cealú an chláir dhíláraithe, de bharr na ndeacrachtaí reatha eacnamaíochta, agus cealú roinnt tionscadal, cuid acu fágtha mar atá agus athbhreithniú á dhéanamh ar chuid eile acu. Breathnóidh an dá Roinn ar na himpleachtaí a eascróidh as an cinneadh sin don Fhoras Teanga.
©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Feabhra 2012
Tuairisc ar an nGaelscolaíocht
Feabhra 7, 2012
Caitheann páistí Gaelscoile níos mó ama ag léamh mar chaitheamh aimsire agus ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí cultúrtha ná páistí i scoileanna Béarla.
Foilsíodh tuairisc nua de chuid na hInstidiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) agus Coláiste na Tríonóide, Growing Up In Ireland ar 26 Eanáir.
Bunaíodh torthaí na tuairisce ar shuirbhé, a raibh páistí 9 mbliana d’aois timpeall na tíre páirteach ann, a mheas na gníomhaíochtaí oideachais agus caitheamh aimsire a bhí acu.
Dar le torthaí an tsuirbhé, bíonn páistí Gaelscoile páirteach i gcaitheamh aimsire cultúrtha seachas bheith in ionad spóirt amháin nó ag amharc ar an teilifís, níos mó ná grúpa ar bith eile.
Dúradh go bhfuil páistí Gaelscoile, go háirithe cailíní, níos dearfaí faoin léamh agus caitheann siad níos mó ama ag léamh mar chaitheamh aimsire ná páistí i scoileanna Béarla agus i scoileanna Gaeltachta.
Léirigh an tuairisc go bhfuil curaclam níos leithne á chur ar fáil i nGaelscoileanna, áit a bhfuil níos mó béime ar ábhair éagsúla ar nós na Drámaíochta, an Cheoil agus an Chorpoideachais. Tuairiscíodh leis an toradh sin go n-úsáidtear na hábhair seo níos minice i nGaelscoileanna mar mhodhanna do mhúineadh na Gaeilge.
Anuas ar sin, tá páistí Gaelscoile níos dearfaí faoin nGaeilge. Deir 45% de pháistí Gaelscoile agus beagnach 40% de pháistí i scoileanna Gaeltachta go dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘i gcónaí’. Ach dar leis an tuairisc, níl ach 20% de pháistí i scoileanna Béarla a dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘i gcónaí’ agus deir 30% nach dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘riamh’.
GAELPORT



