Rogha Gaelscolaíochta le tairiscint do thuismitheoirí
Meán Fómhair 20, 2012
Tabharfar deis do thuismitheoirí in 44 ceantar ar leith oideachas bunleibhéil lánGhaeilge a roghnú dá bpáistí sna míonna amach romhainn.
Tá suirbhéanna beartaithe ag an Roinn Oideachais sna ceantair sin agus cuirfear tús leis an bpróiseas an mhí seo chugainn.
Beidh roinnt ceisteanna ar na suirbhéanna, ina measc, an bhfuil gaelscolaíocht ó na tuismitheoirí dá bpáistí. Cuirfear ceist eile faoin sainmheoin chreidimh atá uathu agus ceann eile faoin rogha eagraíocht pátrúnachta is fearr leo.
Bhain formhór na díospóireachta poiblí faoina bpróiseas leis an bhféidearthacht go bhféadfaí díshealbhú a dhéanamh ar scoileanna Caitliceacha, seachas ar an gceist teanga.
Déanfar suirbhéanna i gcúig cheantar an mhí seo chugainn, an tInbhear Mór i gCill Mhantáin, Baile Átha Troim i gContae na Mí, an Trá Mhór i bPort Láirge agus dhá cheantar i Maigh Eo agus Baile Átha Cliath nach bhfuil ainmnithe go fóill. Déanfar suirbhéanna sna ceantair eile i mí na Samhna. Cuirfear torthaí na suirbhéanna chuig an Eaglais Chaitliceach ansin.
Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Roinn agus na pátrúin plé an bhfuil gá an teanga teagaisc nó sainmheoin chreideamh na scoileanna sna ceantair a athrú. Beidh Educate Together ag lorg pátrúnachta in 39 ceantar, óir tá scoileanna acu sna cúig cheantar eile cheana féin. In ainneoin go bhfuil bunscoileanna lánGhaeilge in 33 ceantar faoi láthair, beidh an Foras Pátrúnachta ag iarraidh a bheith ina bpátrún ar scoileanna san 44 ceantar ar fad. Deir an eagraíocht go mbeidh dhá rogha ann sa chás go léirítear éileamh ollmhór don ghaelscolaíocht san 33 ceantar – d’fhéadfaí síneadh a chur leis na gaelscoileanna atá ann cheana féin nó d’fhéadfaí gaelscoil nua a oscailt. Dúirt Educate Together go bhfuil siad lánsásta a bheith ina bpátrún ar Ghaelscoil ilchreidmheach sa chás go léirítear tacaíocht don rogha sin i measc an phobail.
Idir an dá linn, ta imní léirithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus ag Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire, faoin scrúdú béil Gaeilge don Teastas Sóisearach. Tá méadú mór tagtha ar líon na ndaltaí atá ag déanamh na scrúdaithe, ó 512 in 2008 go dtí 4,276 in 2011 agus 7,388 i mbliana. Murab ionann agus an scrúdú béil don Ardteist, ní chuireann an Roinn Oideachais marcóirí ar fáil don scrúdú sin – fágtar an cúram sin faoi na múinteoirí iad féin.
De réir COGG agus an CMÉ, níl an córas reatha ‘caighdeánaithe’ mar atá an scrúdú béil éigeantach don Ardteist toisc go ndéanann múinteoirí an mharcáil.
www.gaelsceal.ie