Méid an Téacs

Éileamh ar éagsulacht i mbunscoileanna na tíre

Nollaig 12, 2012

Tá éileamh ar rogha pátrúnachta níos leithne i mbunscoileanna na tíre, dar leis an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD

tuarascáil nua ar shuirbhé a rinneadh ar thuismitheoirí i gcúig cheantar foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna inniu. Ghlac 1,788 tuismitheoir a raibh leanaí réamhscoile agus bunscoile acu páirt sna suirbhéanna i mí Dheireadh Fómhair.

Rinneadh suirbhéanna san Inbhear Mór, i gCaisleán an Bharraigh, i dTrá Mhór, i mBaile Átha Troim agus i bhFionnbhrú mar chuid de fhreagra den Aire Oideachais agus Scileanna ar an bhFóram um Pátrúnacht agus Iolrachas in earnáil na mBunscoileanna

Tá gaelscoil i ngach ceann de na cúig bhaile cheana féin, ar féidir léi freastal ar an éileamh ar scoil Ghaeilge a tháinig chun cinn sa suirbhé.

Léiríonn an tuarascáil go raibh idir 37% agus 50% de na tuismitheoirí sna cúig cheantar ag lorg rogha pátrúnachta níos leithne.

Ós a choinne sin, bhí idir 35% agus 44% de na tuismitheoirí sásta leis an rogha a bhí acu.

‘”Thug an suirbhé seo deis do thuismitheoirí an cineál scoile a theastaíonn uathu dá gcuid páistí a chur in iúl. Cé go bhfuil mórchuid daoine sásta leis na scoileanna atá ar fáil cheana féin ina gceantar, is léir go bhfuil daoine eile ag lorg rogha níos mó, ” a dúirt an tAire Oideachais.

Maidir leis an rogha idir scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge, roghnaigh idir 70% agus 80%, nach mór, scoil Bhéarla, agus idir 10% agus 21% scoil Ghaeilge.

I gcás na dtuismitheoirí sin a dteastaíonn rogha pátrúnachta níos leithne uathu, ba é Educate Together céad rogha idir 56% agus 76% de thuismitheoirí, ba é An Foras Pátrúnachta céad rogha idir 6% agus 26% de thuismitheoirí agus ba iad na Coistí Gairmoideachais céad rogha idir 10% agus 18% de thuismitheoirí.

Tá se fógartha chomh maith go reáchtálfar suirbhéanna eile i gceantair eile i mí Eanáir 2013.

Foilsithe ar Gaelport.com