Oifigeach Margaíochta/Riarthóir Feidhmiúcháin (Saoire Mháithreachais)
Samhain 21, 2016
Oifigeach Margaíochta/Riarthóir Feidhmiúcháin (Saoire Mháithreachais) – Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh
Tá ról ag an Aonad maidir le cur chun cinn na Gaeilge san ollscoil agus sa cheantar máguaird.
Tá eolas faoin bpost ar fáil ar http://ulsites.ul.ie/aonadnagaeilge/node/64251?lang=ga
An sprioc d’iarratais ná Déardaoin 24 Samhain 2016 @ meánlae.
Féadfar fiosrúcháin neamhfhoirmiúla faoin bpost seo a dhéanamh leis An Dr Deirdre Ní Loingsigh, Stiúrthóir Aonad na Gaeilge ar an r-phost: deirdre.niloingsigh@ul.ie
nó tríd an nguthán: 061-213463
(English) Haka Gaelach strikes fear into All Blacks
Samhain 17, 2016
(English) Legal bid to relocate Irish language primary school from 115-year-old west Belfast building clears first stage
Samhain 17, 2016
(English) Over 200 delegates attend all Irish schools conference in Kilkenny city
Samhain 17, 2016
Folúntas i Naíonra Chrónáin
Samhain 16, 2016
Oideoir sna Luathbhlianta – Cúntóir Naíonra
Iarratais á lorg do Cúntóir Naíonra ag Naíonra Chrónáin, Áras Chrónáin Ionad Cultúir,
Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22
An Naíonra:
Is Naíonra lán Ghaeilge é Naíonra Chrónáin.
Is naíonra gnóthach é, ag rith seisiúin ar maidin agus sa tráthnóna. Tá aidhm lucht cheannais an Naíonra dírithe ar chúram agus oideachas d’ard chaighdeán a thabhairt do na páistí a fhreastalaíonn ar an seirbhís. Tá dúil ár n-anamacha sa spraoi lasmuigh agus sa spraoi riosca agus creideann muid i gcónaí i bheith suas chun dáta le taighde nua chun a chinntiú go bhfuil muid i gcónaí ag soláthair an chúraim agus an oideachais den chaighdeán is airde gur féidir a sholáthair.
Cáilíochtaí:
Ar a laghad Teastas FETAC Leibhéal 5 (Mórdhámhachtain), cáilíocht choibhéiseach, nó níos airde i gcúram leanaí, le taithí, chomh maith le líofacht i nGaeilge labhartha.
An Ghaeilge:
Muna bhfuil líofacht iomlán agat i labhairt agus scríobh sa Ghaeilge ach go bhfuil caighdeán na hArdteiste agat i nGaeilge beidh muid in ann cúnamh a thabhairt duit do chuid Gaeilge labhartha a fheabhsú más gá.
Freagrachtaí:
Feidhmiú i suíomh réamhscolaíochta le fuinneamh agus le spraoi taobh istigh is lasmuigh. Bheith páirteach i gcúrsaí a phleanáil, sonrú agus tuairisc a choinneáil. Ba chóir go mbeadh dúil ag an duine a roghnaítear i seirbhís den chéad scoth, le scileanna idirphearsanta agus inphearsanta láidir, bheith in ann feidhmiú mar bhall foirne agus ar an am céanna bheith ábalta feidhmiú as a stuaim féin.
Post: Post Lánaimseartha atá i gceist
Tuarastal: Pá iomaíoch ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí
Litir Iarratais agus CV chuig:
An Cathaoirleach, Muintir Chrónáin Teo,
Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22. (eolas@araschronain.ie / 01-4574847)
Dáta Deireadh Iontrála: Déardaoin 09/12/2016 roimh 1.00i.n.
Oiliúint riachtanach do bhoird bainistíochta i mí na Samhna
Samhain 16, 2016
Cuirfidh Gaeloideachas agus An Foras Pátrúnachta modúl oiliúna ar airgeadais ar fáil do na boird bainistíochta i mí na Samhna, 2016.
Iarraimid ar ionadaithe ó bhord bainistíochta na scoileanna clárú le freastal ar http://www.gaelscoileanna.ie/forbairt-ghairmiuil-leanunach/.
Seo thíos eolas maidir le dátaí agus ionaid:
Ionad Oideachais Chill Chainnigh, 28/11/2016 ó 7.30-9pm
Radisson, Leitir Ceanainn, Dún na nGall, 28/11/2016 ó 7.30-9pm
Óstán Peacockes, An Teach Dóite, Gaillimh 29/11/2016 ó 7.30-9pm
Ionad Oideachais Chorcaí, 29/11/2016 ó 7.30-9pm
Ionad Oideachais BÁC Thiar, 30/11/2016 ó 7.30-9pm
Tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie má tá aon cheist agat ina leith.
An Saol in Éirinn sa bhliain 1916: Scéalta ó Staitisticí
Samhain 16, 2016
Foilseachán a thugann léirmhíniú ar an saol mar a bhíodh 100 bliain ó shin trí fhíricí, cáipéisí stairiúla agus grianghraif na linne
Tá An Saol in Éirinn sa bhliain 1916: Scéalta ó Staitisticí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu, leagan Gaeilge dár bhfoilseachán arna chur i dtoll a chéile i mbliana mar chuid de chomóradh 1916.
Cnuasach é an foilseachán seo den iliomad eolas staitistice agus foinsí staire eile lena dtugtar léargas ar an saol mar a bhíodh céad bliain ó shin. Déantar comparáid, mar is ábhartha, idir saol na linne sin agus saol an lae inniu, ag léiriú na hathruithe ollmhóra sóisialta agus geilleagracha atá tagtha ar Éirinn le céad bliain anuas.
Daonáireamh, doiciméid agus páirtithe in Éirí Amach 1916
Tá aird tugtha san fhoilseachán ar eachtraí an Éirí Amach, le cáipéisí stairiúla ó Sheachtain Cásca atáirgthe ann agus achoimrí beathaisnéise tugtha maidir leis na páirtithe leasmhaire in Éirí Amach na Cásca – Padraig Mac Piarais, an Dr Kathleen Lynn agus Tomás Ó Cléirigh ina measc – bunaithe ar a dtuairisceáin tí ó Dhaonáirimh 1901 agus 1911 agus ar fhoinsí staire eile araon. (Féach Caibidil 5)
Daoine
I measc na príomhathruithe le 100 bliain anuas, tá cuma dhéimeagrafach thar a bheith difriúil anois ar an tír. Tháinig fás 46% ar dhaonra na hÉireann i rith an chéid bliain idir 1911 agus 2011, ag ardú ó 3.1 milliún go 4.6 milliún duine. Tá sciar níos lú daoine óga agus sciar níos mó daoine meánaosta anois ann ná mar a bhí in Éirinn na bliana 1911. Tá réimse ainmneacha i bhfad níos fairsinge anois ann do linbh nuabheirthe, idir buachaillí agus cailíní, i gcomparáid le cúrsaí 100 bliain ó shin. Tá ainmneacha le bunús Gaelach ar nós Aoife nó Oisín, a bhí thar a bheith annamh in 1911, anois i measc na n-ainmneacha is mó éilimh. (Féach Táblaí 1-3, Caibidil 1)
An tSochaí
Cathair de na huaisle agus na hísle ab ea Baile Átha Cliath in 1911, le 22% d’aonaid tithíochta ina dtithe móra (10 seomra nó os a chionn sin) agus 36% díobh ina dtionóntáin aon seomra. D’oibrigh beagnach leath d’oibrithe na tíre san earnáil talmhaíochta ag an am, i gcomparáid le díreach 5% sa lá inniu. In 1911, bhí oibrí as gach deichniúr i mbun seirbhíse tí ach cúpla míle duine a bhí san earnáil faoi 2011. (Féach Tábla 4, Caibidil 2)
Cathair de na huaisle agus na hísle ab ea Baile Átha Cliath in 1911, le 22% d’aonaid tithíochta ina dtithe móra (10 seomra nó os a chionn sin) agus 36% díobh ina dtionóntáin aon seomra. D’oibrigh beagnach leath d’oibrithe na tíre san earnáil talmhaíochta ag an am, i gcomparáid le díreach 5% sa lá inniu. In 1911, bhí oibrí as gach deichniúr i mbun seirbhíse tí. Faoi 2011, áfach, bhí díreach cúpla míle duine san earnáil. (Féach Tábla 4, Caibidil 2)
Breitheanna, Básanna agus Póstaí
I 1916, sheas an ráta báis naíonán ag 81.3 in Éirinn, sin é le rá do gach 1,000 leanbh a rugadh sa bhliain sin go bhfuair 81 díobh bás sula shroich siad 12 mí d’aois. I gCathair Bhaile Átha Cliath a bhí an ráta ab airde sa bhliain sin, ráta de 153.5, agus is i gcontae Ros Comáin a bhí an ráta ab ísle (34.6). Faoin mbliain 2014, ráta báis naíonán thar a bheith íseal a bhí ann in Éirinn, ráta de 3.7 i ngach 1,000 breith. (Féach Tábla 9)
Ba searmanais Chaitliceacha iad formhór mór (92%) na bpóstaí sa bhliain 1916, ach faoi 2014 bhí sciar na searmanais Chaitliceacha laghdaithe go suntasach, é díreach faoi 60%. Chonacthas laghdú chomh maith maidir le searmanais Eaglais na hÉireann agus Preispitéireacha le chéile. B’ionann na searmanais seo agus 7% de phóstaí in Éirinn céad bliain ó shin, ach bhí an sciar sin tite go 2% faoi 2014. Tháinig fás comhréire ar searmanais Sibhialta agus Eile le linn an tréimhse céanna, iad >1% agus 0•5% faoi seach den iomlán i 1916 agus méadaithe go 28% agus 10% faoin mbliain 2014. (Féach Tábla 10, Caibidil 3)
Bhí an broincíteas nó an niúmóine, curtha in áireamh lena chéile, ina gcúis bháis do thart ar duine as gach ochtar (6,708 duine) a cailleadh i 1916, agus thart faoin sciar céanna maraithe ag an eitinn [TB] (6,471 duine) sa bhliain céanna. Tá fás suntasach tagtha ar ionchas saoil i ngach aoisghrúpa ó 1911 i leith, an fás is mó tagtha i measc an aosa óig. Mar shampla, d’fheádfadh buachaill a rugadh in 2011 a bheith ag súil go mairfeadh sé beagnach 25 bliain ní b’fhaide ná buachaill rugtha i 1911 agus is 28.6 bliain breise a d’fhéadfadh a bheith ag cailín a rugadh i 2011 i gcomparáid le 1911. (Féach Táblaí 9 – 13, Caibidil 3)
Geilleagar
I 1916, bhí staid fioscach na hÉireann thar a bheith fabhrach do Rialtas na Breataine. Fad is a cruinníodh ioncam de bheagnach £24 milliún in Éirinn sa bhliain sin, níor caitheadh ach beagán le cois leath de seo (£12•6 milliún) sa tír, rud a d’fhág barrach de £11 milliún a cuireadh i dtreo an comhar cogaidh sa Bhreatain. (Féach Tábla 15, Caibidil 4)
Tháinig titim os cionn 60% ar líon na bhfeirmeacha sa tír idir 1915 agus 2010. Tháinig méadú faoi dhó ar an meánmhéid feirme le linn an tréimhse céanna – ó 14 heicteár i 1911 go 33 heicteár faoi 2010. (Féach Tábla 17, Caibidil 4)
Nóta d’eagarthóirí: Is féidir teacht ar leagan digiteach de An Saol in Éirinn sa bhliain 2016: Scéalta ó Staitisticí ar shuíomh
gréasáin na hOifige (www.cso.ie) mar aon le roinnt ábhar tánaisteach a bheadh úsáideach do mhúinteoirí, teagascóirí agus don phobal i gcoitinne.
Tá fáil ar an leagan clóite den leabhrán ach é a iarraidh ón Aonad Eolais sa Phríomh-Oifig Staidrimh ar ríomhphost chuig eolas@cso.ie nó glaoch a chur ar (021) 453 5017.
Tuilleadh eolais: Déan teagmháil le Emmet Ó Fatharta ar (teil) 021 – 453 5017 nó ar ríomhphost chuig eolas@cso.ie.
An Phríomh-Oifig Staidrimh 15 Samhain 2016
http://www.cso.ie/en/baile/staitistici/AnSaolinEirinn1916/
(English) A school in Lucan welcomed the New Zealand rugby team with a special Haka as Gaeilge
Samhain 16, 2016
Príomhchigire na Roinne, an Dr. Harold Hislop, ag tréaslú le hearnáil an oideachais lán-Ghaeilge ag an gComhdháil Náisiúnta Oideachais ‘Ag Fíorú na Físe’ i gCill Chainnigh
Samhain 15, 2016
D’oscail an Dr. Harold Hislop, Príomhchigire na Roinne Oideachais & Scileanna, Comhdháil Oideachais Gaeloideachas & COGG i Cill Chainnigh Dé hAoine seo caite. Ina chur i láthair spreagúil tráthúil, thréaslaigh Príomhchigure na Roinne Oideachais & Scileanna pobal na scoileanna lán-Ghaeilge, Gaeltachta agus a bpáirtithe leasmhara as na dea-thorthaí atá foilsithe agus á léiriú tríd an gcóras tumoideachais. Thug sé aitheantas do thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge agus d’obair na múinteoirí, a chinntíonn go mbíonn ard-inniúlacht sa Ghaeilge ag foghlaimeoirí. D’aithin Hislop éileamh suntasach an phobail ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag gach leibhéal agus thréaslaigh sé Gaeloideachas as a bheith ceannródaíoch san obair seo ag spreagadh tuismitheoirí, ag poibliú buntáistí an dátheangachais agus ag tacú le soláthar ar ardchaighdeán.
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022
Rinneadh an chéad chur i láthair poiblí ar an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ó seoladh é ar an 28 Deireadh Fómhair. Cur i láthair an-spreagúil a bhí ann, le slua mór ina láthair chuige. Labhair sé faoin bpróiseas cinnteoireachta a bheidh ag gach pobal scoile anois mar a bhaineann le stádas a bheith acu mar scoil Ghaeltachta. Beidh tábhacht ar leith, a deir sé le caighdeán oideachais na scoile Gaeltachta, seachas líon na bpáistí a fhreastalóidh uirthi. Ní mór cosaint a thabhairt don mhionlach bídeach de chainteoirí dúchais a bhaineann riachtanais ar leith acu. Déanfar scrúdú ar na socruithe is éifeachtaí chun múinteoirí don chóras oideachais lán-Ghaeilge a earcú. Níos mó ná riamh, beidh tábhacht le cumasú ceannairí scoile chun go mbeidh siad 1) tuisceanach ar an tumoideachas, 2) tuisceanach ar an bPleanáil Teanga, agus 3) Tuisceanach ar conas tacú le tógáil clainne le Gaeilge.
Malartú dea-chleachtais agus saineolas idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht
D’fhreastail níos mó ná 250 rannpháirtithe ar an gComhdháil i mbliana, le freastal an-ard ó na scoileanna Gaeltachta. B’iontach an rud é saibhreas na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bheith á malartú go fial flaithiúil. Cuireadh clár siamsaíochta breá ar fáil ar an Aoine le ceol den scoth ón ngrúpa iomráiteach Na Casaidigh.
Taighde Nua na hEarnála
Seoladh dhá phíosa taighde an-tábhachtach le linn na Comhdhála – ceann amháin ar dhea-chleachtais i dteagasc trí Ghaeilge in Éirinn agus ceann eile ar an leanúnachas ón mbunleibhéal chuig an iarbhunleibhéal lán-Ghaeilge agus na fachtóirí a théann i bhfeidhm ar sin. Tá an taighde ar an leanúnchas ar fáil anois ar www.gaelscoileanna.ie agus crochfar an píosa eile taighde gan mhoill.
Réimse leathan Ceardlann
Bhí réimse an-leathan léachtaí agus ceardlann ar siúl do na rannpháirtithe le linn na comhdhála ag díriú ar, ar a n-áirítear príomhschileanna digiteacha don seomra ranga, TeachMeet don Iarbhunleibhéal lán-Ghaeilge & forbairt na scríbhneoireachta i measc daltaí bunscoile sa Ghaeltacht. Tá na cur i láthair á gcur ar an suíomh faoi láthair.
Buíochas
Gabhann Gaeloideachas buíochas ó chroí leis an Dr. Hislop as teacht i láthair na Comhdhála Oideachais. B’iontach an t-aitheantas a thug Harold Hislop don dá eagraíocht agus don earnáil i gcoitinne trí bheith inár láthair agus trí ábhar spreagúil, dearfach agus mórtasach a thabhairt dúinn uile. Gabhann muid buíochas le Foras na Gaeilge as an maoiniú don chomhdháil seo, mar aon le COGG as an gcomhpháirtíocht i reáchtáil an imeachta. Táimid thar a bheith buíoch de gach cainteoir agus gach duine a d’fhreastail agus a chuir go mór le rath Chomhdháil Oideachais 2016.
Tuilleadh eolais, grianghraif agus cur i láthair: http://www.gaelscoileanna.ie/comhdhail/
An Saol in Éirinn sa bhliain 1916: Scéalta ó staitisticí
Samhain 15, 2016
Tá An Saol in Éirinn sa bhliain 1916: Scéalta ó staitisticí, foilseachán de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh, seolta inniu ar www.cso.ie
Tugtar léargas san fhoilseachán seo ar an saol mar a bhíodh céad bliain ó shin, le meascán de staitisticí, scéalta daoine aonair agus grianghraif na linne sin.
Is féidir teacht ar an bhfoilseachán féin chomh maith le hábhair tánaisteacha (a bheadh úsáideach do mhúinteoirí agus do theagascóirí) anseo: http://www.cso.ie/en/baile/staitistici/AnSaolinEirinn1916/
Tá fáil chomh maith ar an leagan clóite den fhoilseachán seo ach é a iarraidh ón Aonad Eolais sa Phríomh-Oifig Staidrimh ar ríomhphost chuig eolas@cso.ie nó glaoch a chur ar (021) 453 5017.