Comhdháil Bhliantúil
Tá ábhar na gceardlann ó na comhdhálacha a bhí againn go dtí seo ar fáil thíos:
Eagraíonn GAELSCOILEANNA TEO. Comhdháil Bhliantúil uair in aghaidh na bliana. Bíonn an chomhdháil dírithe ar gach éinne bainteach leis an scolaíocht lán-Ghaeilge, múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna ag an mbun- agus iar-bhunleibhéal ach go háirithe. Eagraítear cruinniú cinn bliana na heagraíochta le linn na comhdhála.
I mbliana, beidh an Chomhdháil á reáchtáil in Óstán an Ardilaun, An Bóthar Ard, Gaillimh ar an 23ú Samhain.
Déantar gach iarracht i gcónaí clár a chur le chéile a spreagfaidh neart ábhair machnaimh agus tacaíocht phraiticiúil do phobail uile na scoileanna. Cuirtear béim ar ionchur na mball agus úinéireach sa comhdháil, go háirithe i dtaobh rúin na comhdhála.
Bíonn sé mar aidhm ag GAELSCOILEANNA TEO.
- Clár suimiúil, fiúntach agus fairsing a chur ar fáil le h-aoíchainteoir clúiteach agus saineolaithe dúchasacha.
- Béim a chur ar ionchur áitiúil ó scoileanna agus ó phobail uile an sprioccheantair, rud a chuireann go mór le poiblíocht ar an ngaelscolaíocht sa sprioccheantair.
- Forbairt ghairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí, phríomhoidí agus boird bainistíochta trí oiliúint a chur ar fáil i raon leathan saincheisteanna agus ábhair.
- Gréasánú a chothú agus fóram plé a chothú do chleachtóirí agus taighdeoirí.
- Malartú saineolais a éascú.
- Fóram díospóireachta ar mhórcheisteanna na gaelscolaíochta a chur chun cinn.
Más mian leat aiseolas a thabhairt ar na comhdhálacha a bhí ann cheana nó moladh a dhéanamh maidir leis an gcomhdháil don bhliain seo, fáilteoimis roimhe ach ríomhphost a sheoladh chuig nora@gaelscoileanna.ie.




