Méid an Téacs

Comhdháil 2008

Bhi Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais 2008 ar siúl ar an 14 agus 15 Samhain i mBaile an Bhiataigh. D’oscail an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe an Chomhdháil go hoifigiúil, áit ar labhair sé faoi ardchaighdeán an chorais gaelscolaíochta. Lean an tOllamh Colin Baker, aoíchainteoir na Comhdhála, le caint fíor-spéisiul ar bhuntáistí an chórais. Reachtáileadh roinnt mhaith ceardlanna a dhírigh ar cheisteanna praiticiúla do scoileanna ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal.

Seoladh Plean Straitéiseach na hEagraíochta 2008 – 2011 ag an gComhdháil Bhliantúil freisin. Bealach chun cinn atá sa Phlean Straitéiseach i dtreo soláthair beartaithe do bhreis agus 20 bunscoil agus 10 n-iar-bhunscoil lán-Ghaeilge faoi 2013. Chun cóip dó seo a fháil, is féidir glaoch ar an oifig nó é a íoslódáil trí cliceáil anseo: Plean Straitéiseach

Léacht na Comhdhála:

An tOllamh Colin Baker:

Buntáistí an dátheangachais agus na dea-chleachtais idirnáisiúnta.

Léachtanna Bunscolaíochta & Iar-bhunscolaíochta:

An Dr. Seán Mac Corraidh, Comhairle Áitiúil don Ghaelscolaíocht, Bord Oideachais agus Leabharlainne Bhéal Feirste:

Comhtháthú fhoghlaim na Gaeilge trí réimsí éagsúla an churaclaim.

Kevin de Barra, Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge:

Margaíocht na scoile lán-Ghaeilge: An tIdirchultúrachas agus an dátheangachas mar uirlisí margaíochta.

Léacht Iarbhunscolaíochta:

Fíona Uí Uiginn, Coláiste Íosagáin:

Caighdeán na Gaeilge i nGaelcholáistí (Níl an cur i láthair seo ar fáil go fóill).

Ceardlanna:

Ag Cothú pobail Gaeilge lasmuigh den seomra ranga: Straitéisí Praicticiúla.

Ceardlanna Bunscolaíochta:

Damhnait Uí Ruairc, Príomhoide, Gaelscoil Eiscir Riada:

Ag cothú dea-chleachtais tumoideachais sa scoil lan-Ghaeilge

Máire Uí Dhufaigh, Comhordaitheoir Séideán Sí:

Séideán Sí do rang 4 (Níl an cur i láthair seo ar fáil go fóill).

Niamh Ní Fhoighil, Máistreacht in Oideachas Speisialta, Coláiste Phádraig, Baile Átha Cliath 2008:

Riachtanais Speisialta sa scoil lán-Ghaeilge

Ceardlann Iar-bhunscolaíochta:

Matthias Maunsell, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath:

Riachtanais Speisialta sa scoil lán-Ghaeilge