Méid an Téacs

Comhdháil 2011

‘Ag Saibhriú Saol Páistí’

Óstán Tullamore Court, An Tulach Mhór,  Co. Uíbh Fháilí

Bhí an-rath ar Chomhdháil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. 2011 a reáchtáladh sa Tulach Mhór ar an 25 agus 26 Samhain 2011. Deis iontach a bhí sa chomhdháil seo múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí, eagraíochtaí Gaeilge agus pobal na háite a tharraingt le chéile. Pléadh mórcheisteanna na hearnála agus ceiliúradh an córas gaeloideachais.

D’fháilteoimis go mór roimh aiseolas i leith na Comhdhála. Is féidir na foirmeacha aiseolais a scaipeadh ag an gComhdháil a sheoladh chugainn sa phost (GAELSCOILEANNA TEO., Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9) nó is féidir an fhoirm a líonadh amach ar líne: Foirm Aiseolais

Seo thíos lámhleabhar na Comhdhála agus ábhar ó na ceardlanna (cuirfear leis an ábhar de réir a chéile):

Lámhleabhar: Lámhleabhar agus Tuaraisc Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. 2011

Preasráiteas na Comhdhála: Preasráiteas GAELSCOILEANNA TEO.

Cé a bhí ann? Comhlachtaí, eagraíochtaí agus scoileanna a d’fhreastal ar an gComhdháil i 2011.

Griangraifeanna: Gailearaí na Comhdhála

Seisiún 1

  • Léacht na Comhdhála: Léargas ar thorthaí na Measúnachtaí Náisiúnta ar Léitheoireacht Bhéarla agus ar Mhatamaitic i mBunscoileanna a bhíonn ag Teagasc trí Mheán na Gaeilge (2010): Dúshláin don earnáil? (An Dr Gerry Shiel, taighdeoir sa bhForas Taighde ar Oideachas) Achoimre Tuarascála (leagan Gaeilge) Summary Report (leagan Béarla)

Seisiún 2

  • An trasnáil idir an bunscoil agus an iar-bhunscoil i leith na huimhearthachta agus na litearthachta (Niamh Uí Chroidheáin & Paula Uí Mhurchú, Scoil Lorcáin)
  • Acmhainní trí Ghaeilge atá ar fáil ar an idirlíon (Caoimhe Ní Choinn, An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge)
  • Léargas ar thrialacha caighdeánaithe nua sa Ghaeilge don ghaelscoil agus do scoileanna Gaeltachta (Fiona Nic Fhionnlaoich, Coláiste Froebel) Tástálacha Gaeilge
  • Saibhriú agus spreagadh na teanga labhartha neamh-fhoirmeálta trí úsáid an phacáiste ‘Spreag an Ghaeilge le Spraoi’ (Concubhair Ó Laoire, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí) Spreag an Ghaeilge le Spraoi, Rann ghníomhartha & Pacáiste ‘Spreag an Ghaeilge le Spraoi’ ó COGG

Seisiún 3

  • Leanúntas Oideachais Múinteoirí ag an dá leibhéal (Áine Lawlor, An Chomhairle Mhúinteoireachta)
  • Léargas ar Thionscadal Mata (Bernie Ní Dhonnchú, foireann Tionscadail Mata)
  • Aistear – creat churaclam do na luathbhlianta: cur chuige i ranganna na naíonán (Niamh Uí Chadhla & Sibéal Breathnach, Gaelscoil Chill Dara) Aistear
  • Measúnú Scoile Uile i mbunscoileanna lán-Ghaeilge (Marina Ní Threasaigh, Cigire na Roinne Oideachais & Scileanna)
  • Nintendo DS mar áis teagaisc sa seomra ranga (Robbie O’Leary, príomhoide, Sacred Heart Senior National School)

Seisiún 4

  • Cur chuige úsáid na teicneolaíochta (Moodle, Edmodo, eportal srl.) in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge: féidearthachtaí agus dúshláin (Tomás Ó Searcaigh, An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge & Liam Ó Laighin, Coláiste an Phiarsaigh)
  • Teacht le chéile Mhúinteoirí i bhFeighil na nAonad lán-Ghaeilge
  • Áiseanna nua ar fáil trí Ghaeilge (Muireann Ní Mhóráin, COGG; Méabh Ní Loingsigh, An Gúm; Ciarán Ó Pronntaigh, An tÁisaonad  & Seán Mac Nia, CCEA)
  • Tacaíocht foghlama i gcomhthéacs na litearthachta agus na huimhearthachta (Déirdre Ní Dhorchaí, Gaelscoil Mhichíl Cíosóg) Múinteoir Tacaíochta Foghlama
  • Léiriú ar an tacaíocht agus ar an bhforbairt ghairmiúil atá ar fáil ón Seirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta ar an litearthacht agus an uimhearthacht (Karen Brogan, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí)
  • Scoileanna lán-Ghaeilge DEIS (Bairbre Ní Ghoill, Príomhoide Scoil Chaitlín Maude & Carol Lannin, An Bord Náisiúnta Leasa Oideachais)
  • Teacht le chéile do na bpríomhoidí nua (Éascaitheoir: Sinéad Ní Nualláin, príomhoide Gaelscoil Átha Í & Anita Nic Amhlaoibh, Gaelscoil Nás na Ríogh) Lámhleabhar do Phríomhoidí Nua
  • Niall Mac Uidhilin – Réamhléiriú ar chainéal COGG ar iTunes U (plean foghlamtha forbartha ag Máire Uí Dhufaigh agus Bairbre Ní Thuairisc)

Satharn, 26 Samhain