Méid an Téacs

Comhdháil 2014

Ba é téama na Comhdhála i mbliana ná ‘Leanúntas Ionsparáideach an Oideachas Lán-Ghaeilge’, téama a dhíríonn ar thábhacht leis na leibhéil éagsúla oideachais lán-Ghaeilge ón naíonra chuig an mbunscoil chuig an iarbhunscoil. Bhí áthas orainn a fhógairt go raibh an Dr T. J. Ó Ceallaigh inár láthair mar aoichainteoir, tráth a roinn sé a chuid saineolais ón taighde atá déanta aige ar bealaí éifeachtach le gramadach a mhúineadh lasmuigh den rang Gaeilge agus ar bhonn neamhfhoirmiúil ag na leibhéil éagsúla.

Bhí an chomhdháil ar siúl ar an 21 agus 22 Samhain 2014 in Óstán an Johnstown House ar an mBóthar Buí, Co. na Mí. Bhí slua mór i láthair. Cuireadh clár iontach le cheile don dá lá. Thíos feicfear na hábhair ar fad a bhain leis na cainteanna agus na ceardlanna a reáchtáladh.

Tuarascáil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo: Tuarascáil 2014

Tá cóip clóite de Thuarascáil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. ar fáil ach ríomhphost a chur chugainn – oifig@gaelscoileanna.ie.

Nótaí Ceardlainne na Comhdhála:

Féinmheastóireacht scoile le Marina Ní Threasaigh agus Jacqueline Ní Fhearghusa

Dualgais scoileanna i leith cosaint sonraí le Aisling Cormican

Gnásanna frithbhulaíochta le Eileen Flynn