Méid an Téacs

Comhdháil 2013

Póstaer mar JPGComhdháil Bhliantúil 2013 agus Ceiliúradh 40 bliain na hEagraíochta!

Bhí deis mhór cheiliúrtha againn i mbliana ag an gComhdháil Bhliantúil ós rud é go bhfuil Gaelscoileanna Teo. 40 bliain d’aois. Tá áthas orainn a rá go raibh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, inár dteannta.

Bhí an chomhdháil ar siúl ar an 22 agus 23 Samhain 2013 in Óstán an Johnstown House ar an mBóthar Buí, Co. na Mí. Bhí slua mór i láthair. ‘Ó Fhianaise go Barr Feabhais’ a bhí mar téama againn i mbliana.

Tuarascáil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo.: leagan téacs amháin

Tá cóip clóite de Thuarascáil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. ar fáil ach ríomhphost a chur chugainn – oifig@gaelscoileanna.ie.

Nótaí Ceardlainne na Comhdhála: