Méid an Téacs

Folúntas i Naíonra Chrónáin

Samhain 16, 2016

capture

Oideoir sna Luathbhlianta – Cúntóir Naíonra

Iarratais á lorg do Cúntóir Naíonra ag Naíonra Chrónáin, Áras Chrónáin Ionad Cultúir,

Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22

An Naíonra:

Is Naíonra lán Ghaeilge é Naíonra Chrónáin.

Is naíonra gnóthach é, ag rith seisiúin ar maidin agus sa tráthnóna. Tá aidhm lucht cheannais an Naíonra dírithe ar chúram agus oideachas d’ard chaighdeán a thabhairt do na páistí a fhreastalaíonn ar an seirbhís. Tá dúil ár n-anamacha sa spraoi lasmuigh agus sa spraoi riosca agus creideann muid i gcónaí i bheith suas chun dáta le taighde nua chun a chinntiú go bhfuil muid i gcónaí ag soláthair an chúraim agus an oideachais den chaighdeán is airde gur féidir a sholáthair.

Cáilíochtaí:

Ar a laghad Teastas FETAC Leibhéal 5 (Mórdhámhachtain), cáilíocht choibhéiseach, nó níos airde i gcúram leanaí, le taithí, chomh maith le líofacht i nGaeilge labhartha.

An Ghaeilge:

Muna bhfuil líofacht iomlán agat i labhairt agus scríobh sa Ghaeilge ach go bhfuil caighdeán na hArdteiste agat i nGaeilge beidh muid in ann cúnamh a thabhairt duit do chuid Gaeilge labhartha a fheabhsú más gá.

Freagrachtaí:

Feidhmiú i suíomh réamhscolaíochta le fuinneamh agus le spraoi taobh istigh is lasmuigh. Bheith páirteach i gcúrsaí a phleanáil, sonrú agus tuairisc a choinneáil. Ba chóir go mbeadh dúil ag an duine a roghnaítear i seirbhís den chéad scoth, le scileanna idirphearsanta agus inphearsanta láidir, bheith in ann feidhmiú mar bhall foirne agus ar an am céanna bheith ábalta feidhmiú as a stuaim féin.

Post:  Post Lánaimseartha atá i gceist

Tuarastal:  Pá iomaíoch ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí

Litir Iarratais agus CV chuig:

An Cathaoirleach, Muintir Chrónáin Teo,

Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22. (eolas@araschronain.ie / 01-4574847)

Dáta Deireadh Iontrála: Déardaoin 09/12/2016 roimh 1.00i.n.