Méid an Téacs

An Saol in Éirinn sa bhliain 1916: Scéalta ó Staitisticí

Samhain 16, 2016

Foilseachán a thugann léirmhíniú ar an saol mar a bhíodh 100 bliain ó shin trí fhíricí, cáipéisí stairiúla agus grianghraif na linne

Tá An Saol in Éirinn sa bhliain 1916: Scéalta ó Staitisticí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu, leagan Gaeilge dár bhfoilseachán arna chur i dtoll a chéile i mbliana mar chuid de chomóradh 1916.

Cnuasach é an foilseachán seo den iliomad eolas staitistice agus foinsí staire eile lena dtugtar léargas ar an saol mar a bhíodh céad bliain ó shin. Déantar comparáid, mar is ábhartha, idir saol na linne sin agus saol an lae inniu, ag léiriú na hathruithe ollmhóra sóisialta agus geilleagracha atá tagtha ar Éirinn le céad bliain anuas.

Daonáireamh, doiciméid agus páirtithe in Éirí Amach 1916

Tá aird tugtha san fhoilseachán ar eachtraí an Éirí Amach, le cáipéisí stairiúla ó Sheachtain Cásca atáirgthe ann agus achoimrí beathaisnéise tugtha maidir leis na páirtithe leasmhaire in Éirí Amach na Cásca – Padraig Mac Piarais, an Dr Kathleen Lynn agus Tomás Ó Cléirigh ina measc – bunaithe ar a dtuairisceáin tí ó Dhaonáirimh 1901 agus 1911 agus ar fhoinsí staire eile araon. (Féach Caibidil 5)

Daoine

I measc na príomhathruithe le 100 bliain anuas, tá cuma dhéimeagrafach thar a bheith difriúil anois ar an tír. Tháinig fás 46% ar dhaonra na hÉireann i rith an chéid bliain idir 1911 agus 2011, ag ardú ó 3.1 milliún go 4.6 milliún duine. Tá sciar níos lú daoine óga agus sciar níos mó daoine meánaosta anois ann ná mar a bhí in Éirinn na bliana 1911. Tá réimse ainmneacha i bhfad níos fairsinge anois ann do linbh nuabheirthe, idir buachaillí agus cailíní, i gcomparáid le cúrsaí 100 bliain ó shin. Tá ainmneacha le bunús Gaelach ar nós Aoife nó Oisín, a bhí thar a bheith annamh in 1911, anois i measc na n-ainmneacha is mó éilimh. (Féach Táblaí 1-3, Caibidil 1)

An tSochaí

Cathair de na huaisle agus na hísle ab ea Baile Átha Cliath in 1911, le 22% d’aonaid tithíochta ina dtithe móra (10 seomra nó os a chionn sin) agus 36% díobh ina dtionóntáin aon seomra. D’oibrigh beagnach leath d’oibrithe na tíre san earnáil talmhaíochta ag an am, i gcomparáid le díreach 5% sa lá inniu. In 1911, bhí oibrí as gach deichniúr i mbun seirbhíse tí ach cúpla míle duine a bhí san earnáil faoi 2011. (Féach Tábla 4, Caibidil 2)

Cathair de na huaisle agus na hísle ab ea Baile Átha Cliath in 1911, le 22% d’aonaid tithíochta ina dtithe móra (10 seomra nó os a chionn sin) agus 36% díobh ina dtionóntáin aon seomra. D’oibrigh beagnach leath d’oibrithe na tíre san earnáil talmhaíochta ag an am, i gcomparáid le díreach 5% sa lá inniu. In 1911, bhí oibrí as gach deichniúr i mbun seirbhíse tí. Faoi 2011, áfach, bhí díreach cúpla míle duine san earnáil. (Féach Tábla 4, Caibidil 2)

Breitheanna, Básanna agus Póstaí

I 1916, sheas an ráta báis naíonán ag 81.3 in Éirinn, sin é le rá do gach 1,000 leanbh a rugadh sa bhliain sin go bhfuair 81 díobh bás sula shroich siad 12 mí d’aois. I gCathair Bhaile Átha Cliath a bhí an ráta ab airde sa bhliain sin, ráta de 153.5, agus is i gcontae Ros Comáin a bhí an ráta ab ísle (34.6). Faoin mbliain 2014, ráta báis naíonán thar a bheith íseal a bhí ann in Éirinn, ráta de 3.7 i ngach 1,000 breith. (Féach Tábla 9)

Ba searmanais Chaitliceacha iad formhór mór (92%) na bpóstaí sa bhliain 1916, ach faoi 2014 bhí sciar na searmanais Chaitliceacha laghdaithe go suntasach, é díreach faoi 60%. Chonacthas laghdú chomh maith maidir le searmanais Eaglais na hÉireann agus Preispitéireacha le chéile. B’ionann na searmanais seo agus 7% de phóstaí in Éirinn céad bliain ó shin, ach bhí an sciar sin tite go 2% faoi 2014. Tháinig fás comhréire ar searmanais Sibhialta agus Eile le linn an tréimhse céanna, iad >1% agus 0•5% faoi seach den iomlán i 1916 agus méadaithe go 28% agus 10% faoin mbliain 2014. (Féach Tábla 10, Caibidil 3)

Bhí an broincíteas nó an niúmóine, curtha in áireamh lena chéile, ina gcúis bháis do thart ar duine as gach ochtar (6,708 duine) a cailleadh i 1916, agus thart faoin sciar céanna maraithe ag an eitinn [TB] (6,471 duine) sa bhliain céanna. Tá fás suntasach tagtha ar ionchas saoil i ngach aoisghrúpa ó 1911 i leith, an fás is mó tagtha i measc an aosa óig. Mar shampla, d’fheádfadh buachaill a rugadh in 2011 a bheith ag súil go mairfeadh sé beagnach 25 bliain ní b’fhaide ná buachaill rugtha i 1911 agus is 28.6 bliain breise a d’fhéadfadh a bheith ag cailín a rugadh i 2011 i gcomparáid le 1911. (Féach Táblaí 9 – 13, Caibidil 3)

Geilleagar

I 1916, bhí staid fioscach na hÉireann thar a bheith fabhrach do Rialtas na Breataine. Fad is a cruinníodh ioncam de bheagnach £24 milliún in Éirinn sa bhliain sin, níor caitheadh ach beagán le cois leath de seo (£12•6 milliún) sa tír, rud a d’fhág barrach de £11 milliún a cuireadh i dtreo an comhar cogaidh sa Bhreatain. (Féach Tábla 15, Caibidil 4)

Tháinig titim os cionn 60% ar líon na bhfeirmeacha sa tír idir 1915 agus 2010. Tháinig méadú faoi dhó ar an meánmhéid feirme le linn an tréimhse céanna – ó 14 heicteár i 1911 go 33 heicteár faoi 2010. (Féach Tábla 17, Caibidil 4)

Nóta d’eagarthóirí: Is féidir teacht ar leagan digiteach de An Saol in Éirinn sa bhliain 2016: Scéalta ó Staitisticí ar shuíomh

gréasáin na hOifige (www.cso.ie) mar aon le roinnt ábhar tánaisteach a bheadh úsáideach do mhúinteoirí, teagascóirí agus don phobal i gcoitinne.

Tá fáil ar an leagan clóite den leabhrán ach é a iarraidh ón Aonad Eolais sa Phríomh-Oifig Staidrimh ar ríomhphost chuig eolas@cso.ie nó glaoch a chur ar (021) 453 5017.

Tuilleadh eolais: Déan teagmháil le Emmet Ó Fatharta ar (teil) 021 – 453 5017 nó ar ríomhphost chuig eolas@cso.ie.

An Phríomh-Oifig Staidrimh 15 Samhain 2016

http://www.cso.ie/en/baile/staitistici/AnSaolinEirinn1916/