Méid an Téacs

Príomhchigire na Roinne, an Dr. Harold Hislop, ag tréaslú le hearnáil an oideachais lán-Ghaeilge ag an gComhdháil Náisiúnta Oideachais ‘Ag Fíorú na Físe’ i gCill Chainnigh

Samhain 15, 2016

 

D’oscail an Dr. Harold Hislop, Príomhchigire na Roinne Oideachais & Scileanna, Comhdháil Oideachais Gaeloideachas & COGG i Cill Chainnigh Dé hAoine seo caite.  Ina chur i láthair spreagúil tráthúil, thréaslaigh Príomhchigure na Roinne Oideachais & Scileanna pobal na scoileanna lán-Ghaeilge, Gaeltachta agus a bpáirtithe leasmhara as na dea-thorthaí atá foilsithe agus á léiriú tríd an gcóras tumoideachais. Thug sé aitheantas do thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge agus d’obair na múinteoirí, a chinntíonn go mbíonn ard-inniúlacht sa Ghaeilge ag foghlaimeoirí. D’aithin Hislop éileamh suntasach an phobail ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag gach leibhéal agus thréaslaigh sé Gaeloideachas as a bheith ceannródaíoch san obair seo ag spreagadh tuismitheoirí, ag poibliú buntáistí an dátheangachais agus ag tacú le soláthar ar ardchaighdeán.

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022

Rinneadh an chéad chur i láthair poiblí ar an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ó seoladh é ar an 28 Deireadh Fómhair. Cur i láthair an-spreagúil a bhí ann, le slua mór ina láthair chuige. Labhair sé faoin bpróiseas cinnteoireachta a bheidh ag gach pobal scoile anois mar a bhaineann le stádas a bheith acu mar scoil Ghaeltachta. Beidh tábhacht ar leith, a deir sé le caighdeán oideachais na scoile Gaeltachta, seachas líon na bpáistí a fhreastalóidh uirthi. Ní mór cosaint a thabhairt don mhionlach bídeach de chainteoirí dúchais a bhaineann riachtanais ar leith acu. Déanfar scrúdú ar na socruithe is éifeachtaí chun múinteoirí don chóras oideachais lán-Ghaeilge a earcú. Níos mó ná riamh, beidh tábhacht le cumasú ceannairí scoile chun go mbeidh siad 1) tuisceanach ar an tumoideachas, 2) tuisceanach ar an bPleanáil Teanga, agus 3) Tuisceanach ar conas tacú le tógáil clainne le Gaeilge.

Malartú dea-chleachtais agus saineolas idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht

D’fhreastail níos mó ná 250 rannpháirtithe ar an gComhdháil i mbliana, le freastal an-ard ó na scoileanna Gaeltachta. B’iontach an rud é saibhreas na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bheith á malartú go fial flaithiúil. Cuireadh clár siamsaíochta breá ar fáil ar an Aoine le ceol den scoth ón ngrúpa iomráiteach Na Casaidigh.

Taighde Nua na hEarnála

Seoladh dhá phíosa taighde an-tábhachtach le linn na Comhdhála – ceann amháin ar dhea-chleachtais i dteagasc trí Ghaeilge in Éirinn agus ceann eile ar an leanúnachas ón mbunleibhéal chuig an iarbhunleibhéal lán-Ghaeilge agus na fachtóirí a théann i bhfeidhm ar sin. Tá an taighde ar an leanúnchas ar fáil anois ar www.gaelscoileanna.ie agus crochfar an píosa eile taighde gan mhoill.

Réimse leathan Ceardlann

Bhí réimse an-leathan léachtaí agus ceardlann ar siúl do na rannpháirtithe le linn na comhdhála ag díriú ar, ar a n-áirítear príomhschileanna digiteacha don seomra ranga, TeachMeet don Iarbhunleibhéal lán-Ghaeilge & forbairt na scríbhneoireachta i measc daltaí bunscoile sa Ghaeltacht. Tá na cur i láthair á gcur ar an suíomh faoi láthair.

Buíochas

Gabhann Gaeloideachas buíochas ó chroí leis an Dr. Hislop as teacht i láthair na Comhdhála Oideachais. B’iontach an t-aitheantas a thug Harold Hislop don dá eagraíocht agus don earnáil i gcoitinne trí bheith inár láthair agus trí ábhar spreagúil, dearfach agus mórtasach a thabhairt dúinn uile. Gabhann muid buíochas le Foras na Gaeilge as an maoiniú don chomhdháil seo, mar aon le COGG as an gcomhpháirtíocht i reáchtáil an imeachta. Táimid thar a bheith buíoch de gach cainteoir agus gach duine a d’fhreastail agus a chuir go mór le rath Chomhdháil Oideachais 2016.

Tuilleadh eolais, grianghraif agus cur i láthair: http://www.gaelscoileanna.ie/comhdhail/