Seachtain na Gaeilge le Gaelscoil Bhun Cranncha
Samhain 15, 2016
Griangraif de na himeachtaí a reachtáil an scoil ina dhiaidh cur isteach ar ár scéim Le Chéile Trí Ghaeilge.
(English) €3333.33 presented to Clon Gaelscoil ASD classes
Samhain 15, 2016
(English) Patronage awarded for new school in Dublin 15
Samhain 14, 2016
(English) Department’s Irish language proficiency criticised
Samhain 14, 2016
(English) DUP-led Department of Education ends use of Irish on official logo
Samhain 14, 2016
(English) DUP Irish language decision ‘motivated by hate’, says McGuinness
Samhain 14, 2016
Acmhainn nua foghlamtha Gaeilge do pháistí
Samhain 14, 2016
Tá suíomh nua YouTube do pháistí agus an cainéal go léir trí Ghaeilge. Tá sé bunaithe ag Jane Farley agus Macalla Teoranta le maoiniú ó COGG.
Seo an nasc:
https://www.youtube.com/channel/UC5lZ-HW0s_QMwBeMPukNRBw
Ó Pheann an Phiarsaigh ar camchuairt i dtuaisceart na tíre
Samhain 14, 2016
Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir
An dráma
Sa léiriú pearsanta corraitheach seo ar shaol agus ar shaothar duine de mhórphearsana agus de mhórlaochra na hÉireann, cuirtear bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916) agus cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil. Is léiriú paiseanta macánta neamhbhalbh é seo ar an Phiarsach ina nochtar clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana agus ina ndéantar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre.
Seo liosta na n-ionad ina mbeidh muid ag léiriú an dráma ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ an tseachtain seo chugainn:
Coláiste Mhuire, Béal Feirste – Dé Máirt, 15 Samhain @ 2 i.n.
An Chultúrlann, Béal Feirste – Dé Máirt, 15 Samhain @ 8 i.n. (beidh ceol ann i ndiaidh an imeachta seo fosta)
Coláiste Feirste (beidh an léiriú ar siúl sa Chultúrlann) – Dé Céadaoin, 16 Samhain @ 11 r.n
Tí Chulainn, An Mullach Bán, Co. Ard Mhacha – Dé Céadaoin, 16 Samhain @ 8 i.n. (beidh ceol ann i ndiaidh an imeachta seo fosta)
Amharclann An Gharáiste (The Garage), Muineachán – Déardaoin, 17 Samhain @ 1.45 i.n.
Teach an Mhargaidh, Baile Mhuineacháin – Déardaoin, 17 Samhain @ 8 i.n
Amharclann na Mainistreach, Béal Átha Seanaidh, Tír Chonaill – Dé hAoine, 18 Samhain @ 8 i.n
Oiléan an Ghuail, Co. Thír Eoghain – Dé Sathairn, 19 Samhain @ 8 i.n. (beidh ceol ann i ndiaidh an imeachta seo fosta)
Má bhíonn eolas breise ar bith uaibh maidir leis na léirithe seo, déan teagmháil le Séan (087 6484855 nó eiresean@hotmail.com)
(English) New Laois Bilingual secondary school gets green light in Portlaoise
Samhain 10, 2016
FORNOCHT DO CHONAC / NAKED I SAW YOU
Samhain 8, 2016
FORNOCHT DO CHONAC / NAKED I SAW YOU
Le Eoghan Ó Tuairisc
Stiúrtha ag Eoin Mac Diarmada
Amharclann na Mainistreach
9 – 12 Samhain
Dráma a cheistíonn oidhreacht Phádraig Mhic Phiarais, duine de cheannairí réabhlóideacha 1916.
Déanann dealbhóir ciniciúil, Pearse, atá i bhfolach mar gheall ar chóir foréigin a rinne sé, oidhreacht Phádraig Mhic Phiarais a cheistiú. An maith nó olc í?
Tugann an dráma seo, a léiríodh ar dtús i 1979, léargas feanntach ar shochaí na hÉireann, léargas atá fós suntasach inniu.