Méid an Téacs

Cleas Act ar TG4

Samhain 7, 2016

Tá clár teilifíse siamsaíochta do chlainne “Cleas Act” á léiriú ag Tyrone Productions do TG4.

Is clár siamsaíochta spraoiúil, lán le fuinneamh é Cleas Act ina bhfuil páistí atá lán le talainn ó ghach taobh den tír ag ceol agus ag damhsa in éineacht le “Seo Linn”.

Tá talainn agus cultúr na hÉireann á chur i láthair agus is féidir a chinntiú gur taifead bríomhar, lán le spraoi a bheas ann. Tá an clár bunaithe i stiúideo agus beidh sé á taifead i stiúideo RTÉ, Domhnach Broc, B.Á.C 4.

Má tá suim agat freastal ar thaifead de chuid “Cleas Act” mar bhaill den lucht féachana sa stiúideo, tá ticéidí ar fáil saor in aisce agus beidh taifead ar siúl ar cheithre dáta i Mí na Samhna:

Dé Máirt 22ú Samhain   14.00-18.00
Déardaoin 24ú Samhain 09.00- 13.00            nó 14.00-18.00
Dé Luan 28ú Samhain   14.00-18.00
Dé Máirt 29ú Samhain   14.00-18.00

 

Má tá suim agat freastal ar thaifead is féidir ríomhphost a chur ag audience@tyrone-productions.ie

 Nó glaoch a chur ar 01 889 4975 leis an eolas seo a leanas:

  • Cén dáta agus am atá suim agat freastal ar
  • Cé mhéid ticéad atá de dhíth, agus ainmneacha na daoine a bheas ag freastal ar an taifead
  • Uimhir teagmhála
  • Cén eagraíocht/coláiste lena bhfuil tú bainteach (más bainteach)
  • Beidh ar an lucht féachana clárú 30 nóiméad roimh thus an taifead ar an lá.

(English) New school site is ‘too cramped’

Samhain 7, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) ‘Be safe and be seen’ as ESB visit two local schools

Samhain 7, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Moladh déanta ag Bord Fhoras na Gaeilge maidir le ceapadh Príomhfheidhmeannaigh

Samhain 4, 2016

Ag cruinniú Boird Fhoras na Gaeilge ar an 4 Samhain 2016 pléadh ceapachán Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. Agus an próiseas earcaíochta anois curtha i gcrích tá Leas-Phríomhfheidhmeannach / Stiúrthoir Seirbhísí Oideachais reatha Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, á mholadh ag Bord Fhoras na Gaeilge le teacht i gcomharbacht ar Fherdie Mac an Fhailigh mar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Ag labhairt dó inniu dúirt Seán Ó Coinn “Tá bród as cuimse orm as an mhuinín atá léirithe ag Bord Fhoras na Gaeilge ionam inniu. Is pribhléid mhór é a bheith ag teacht sna sála ar an bheirt Phríomhfheidhmeannach a tháinig romham, Ferdie Mac an Fhailigh agus Seosamh Mac Donncha”

Is as an Mullach Bán i gContae Ard Mhacha Seán Ó Coinn, áit a bhfuil sé ina chónaí anois lena bhean Áine. Tá céim onóracha sa Léann Ceilteach aige ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus dioplóma sa Bhainistíocht ó Ollscoil Uladh.

Tá tréimhsí caite ag Seán mar láithreoir ar BBC Raidió Uladh, ag teagasc Gaeilge ag an dara leibhéal, mar thaighdeoir in Ollscoil na Banríona Béal Feirste ar Scéim Logainmneacha Thuaisceart Éireann, ina bhainisteoir tionscadail ar an tionscadal forbartha cultúrtha Tí Chulainn ar an Mullach Bán, agus ina aistritheoir scrúduithe le Comhairle Curaclaim Scrúduithe agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann. Chaith sé tréimhse 10 mbliana mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras forbartha gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Naíscoil agus Bhunscoil Ard Mhacha. Ceapadh é ina Leas-Phríomhfheidhmeannach / Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2011.

Tá moladh an bhoird curtha faoi bhráid na Comh-Aireachta Thuaidh Theas.

(English) New Laois bilingual secondary school will provide diversity in Portlaoise said Irish language patron

Samhain 4, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) New Portlaoise secondary school will teach in Irish and English

Samhain 4, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Meánscoil ilchreidmheach nua fógartha do Phort Laoise

Samhain 4, 2016

Tá An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn, roghnaithe mar iontaobhaí ar mheánscoil nua i bPort Laoise i bpáirtnéireacht le Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fháilí. D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton TD an toradh inniu (03.11.16) ar an gcomhiarratas.

Osclóidh an scoil ilchreidmheach agus comhoideachasúil i 2017 agus beidh suas le 1,000 dalta ag freastal uirthi amach anseo. Beidh aonad lán-Ghaeilge mar chuid den scoil úr. Den chéad uair, tá sé beartaithe go bhfásfaidh an tAonad ina Ghaelcholáiste neamhspleách faoi chomhphátrúnacht an dá eagraíocht.

Agus é ag trácht ar an bhfógra inniu, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta: “Is cúis áthais dúinn go bhfuil An Foras ainmnithe mar iontaobhaí ar an meánscoil nua seo i bPort Laoise. Táimid ag súil le dul i mbun oibre le Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise Uíbh Fháilí, eagraíocht a bhfuil clú orthu as sároideachas a chur ar fáil sa cheantar seo.”

“Tá sé thar a bheith tábhachtach don Fhoras go raibh mianta na dtúismitheoirí san áireamh mar chuid den phróiseas iomaíoch seo le pátrún a roghnú. Táimid an-sásta go gcuirfidh an scoil nua i bPort Laoise rogha ar fáil mar gur scoil comhoideachasúil agus ilchreidmheach a bheidh inti.”

“Is í an aidhm atá againn ná oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do gach páiste ar mian leo é a fháil. Cuirfidh an tAonad éagsúlacht ar fáil ó thaobh an éitis teanga agus beimid ag úsáid ár saineolas leis an Aonad a fhás ina Ghaelcholáiste neamhspleách faoi chomhphátrúnacht an dá eagraíocht.”

www.foras.ie

Comhdháil 2016 ag teannadh linn – Cláraigh anois!

Samhain 4, 2016

Níl ach seachtain fágtha go Comhdháil 2016! Beidh reimse leathan cainteanna agus ceardlann ar siúl i mbliana:

Clár – Comhdháil Oideachais COGG & Gaeloideachas 2016

An bhfuil tú cláraithe? Tapaigh an deis le bheith linn:

http://www.gaelscoileanna.ie/comhdhail/

Ná dearmad go bhfuil ionadaíocht ar fáil i mbliana. Is féidir le suas le beirt mhúinteoirí ó gach scoil ionadaíocht a fháil tríd an gcóras OLCS, ach an CNCM a lua.

Tá COGG le hionadaíocht a íoc do phríomhoidí atá ag teagasc; plé go díreach le COGG (eolas@cogg.ie).

 

(English) Minister Bruton announces patronage of 9 new Post-Primary schools to be established in 2017 and 2018

Samhain 3, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) National award for Limerick pre-school

Samhain 3, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »