Méid an Téacs

Comhdháil Theagasc trí Ghaeilge

Feabhra 15, 2010

CLIL agus an Teagasc Trí Ghaeilge

Comhdháil lae in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an Satharn 27 Feabhra

Eagraithe ag Scoil an Oideachais, OÉ, Gaillimh, i gcomhpháirt le Gaelscoileanna Teo

Cén bealach is fearr le hábhar a mhúineadh trí Ghaeilge ionas go bhfuil tú ag freastal ar riachtanais an ábhair agus ar riachtanais na teanga in éindí?

Le 40% de mharcanna na hArdteiste le dul ar chumas labhartha na teanga ón bhliain 2012 ar aghaidh, tá tábhacht thar na beartaibh anois le teacht ar mhodhanna nua, spreagúla chun an Ghaeilge a mhúineadh, agus chun foghlaimeoirí a chur ag caint!

Cad é CLIL? Content and Language Integrated Learning. An teanga agus an t-ábhar á dteagasc in éindí. Modh pan-eorpach atá anseo chun ábhar agus teanga a mhúineadh as lámha a chéile. Tá an modh seo in úsáid go rathúil ar fud na hEorpa, agus tá féidearthachtaí iontacha ann do scoileanna na hÉireann agus do theagasc na Gaeilge.

Bíonn foghlaimeoirí ag labhairt na teanga i ngan fhios dóibh féin leis an modh seo!

Beidh aoichainteoirí idirnáisiúnta agus Éireannacha ag labhairt ag an gComhdháil seo. Ina measc beidh David Marsh, Ollscoil Jyvaskyla, An Fhionlann, a dhíreoidh ar ‘Fás agus Forbairt CLIL san Eoraip’, Do Coyle, Ollscoil Nottingham, a bhfuil taithí na mblianta aici ar thraenáil múinteoirí i modhanna CLIL, Muiris Ó Laoire, IT Trá Lí, saineolaí ar shealbhú teanga, a bheidh ag caint mar gheall ar CLIL i gcomhthéacs na hÉireann, Áine Furlong, IT Phort Láirge, a thaispeánfaidh modhanna chun áiseanna agus ábhar CLIL a chruthú don cheacht ranga, Yolanda Ruiz de Zarobe, Ollscoil Thír na mBascach, a bheidh ag labhairt mar gheall ar CLIL a chur i bhfeidhm mar mhionteanga i dTír na mBascach, Carmel Mary Coonan, Universita Ca’Foscari di Venezia, an Iodáil, a bheidh ag labhairt mar gheall ar CLIL sa seomra ranga, agus Olive Ní Chonghaile, Clochar na Trócaire, Tuam a dhéanfaidh cur síos ar an taithí a bhí aici ag cur clár CLIL ar bun ina scoil féin.

An bhféadfá cuid den dara ábhar atá agat a mhúineadh trí Ghaeilge?

Faigh amach cén chaoi  len é a dhéanamh ag an gComhdháil seo!

Beidh deis ag an gComhdháil seo nasc a chruthú le múinteoirí eile ar fud na tíre atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge, straitéisí nua a fhoghlaim, smaointe nua agus cur chuige difriúla a thriail.

Tá an Chomhdháil seo dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge i meánscoileanna ar fud na tíre, go háirithe iad siúd leis an dara ábhar teagaisc, ach beidh díol spéise ann freisin, do aon duine ar spéis leo an Ghaeilge agus modhanna teagaisc na teanga.

€55 an costas atá ar an lá, sólaistí agus lón san áireamh. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhdháil agus áit a chur in áirithint ar líne ach féachaint ar www.conference.ie nó glaoigh ar Sinéad ag 091 492861 nó Nora ag 01 8535191