Méid an Téacs

Díomá Léirithe ag Gaelscoileanna Teo. faoi Easpa Aitheantais do Ghaelscoileanna Nua i 2010

Feabhra 16, 2010

Tá an-díomá ar GAELSCOILEANNA TEO., eagraíocht ionadaíochta do 140 bhunscoil lán-Ghaeilge, leis an gcinneadh a d’fhógair An Roinn Oideachais agus Eolaíochta inniu i leith aitheantais do scoileanna nua i 2010. Bhí 9 gceantar sprioc-aitheanta faoin bplean Soláthar Bunoideachais ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun scoileanna a oscailt iontu Meán Fómhair 2010. D’fhógair an Roinn inniu gur 7 gceantar atá ceadaithe.  Ní bheidh aon ghaelscoil i measc an 7 scoil nua a mbunófar i 2010 in ainneoin go raibh iarratas láidir do 2010 faoi bhreithiúnas na Roinne ó choiste bunaithe Rath Eo. Níor tugadh aitheantas ach an oiread d’aon ceann den seacht ngaelscoil a rinne iarratas ar aitheantas do 2010 roimh gur fógraíodh an 9 gceantar de réir córais pleanála na Roinne.

Téann cinneadh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta glan i gcoinne cearta an tuismitheora oideachas oiriúnach a roghnú dá bpáistí, mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann, gan trácht ar iallach an stáit an Ghaeilge a chaomhnú agus úsáid na teanga a spreagadh.

An bhliain seo caite, chuir an tAire Oideachais deireadh leis an gcóras a bhí ann le scoileanna nua a bhunú go neamhspleách. Roimhe seo, bhí cead ag gaelscoileanna agus na scoileanna eile pátrún‑bhunaithe aitheantas sealadach a lorg nuair a bhí 17 ar an rolla acu agus aitheantas buan a lorg nuair atá 51 dalta cláraithe leo. D’aithin sé seo an tslí ina fhásann an scoil agus an ról tábhachtach atá aici sa chomhphobal ina fheidhmíonn sí. Níor dhún scoil lán-Ghaeilge riamh de bharr líon na ndaltaí ag ísliú, agus níor cuireadh tús le gaelscoil riamh gan feachtas láidir ón bpobal agus ó thuismitheoirí a bheith taobh thiar de. Anois tá scoileanna nua le bunú ag an Roinn nach bhfuil ag teacht leis an éileamh atá sna ceantair ina bhfuil siad á mbunú, agus is cosúil nach mbaineann rogha na dtuismitheoirí beag ná mór le plean na Roinne. Tá gaelscoileanna timpeall na tíre ag cur páistí ón doras toisc iad a bheith lán, agus cé go bhfuil éileamh cruthaithe don ghaelscolaíocht sna ceantair ina bhfuil an seacht gcoiste bunaithe gaelscoile ag feidhmiú, ní bheidh cead ag aon ceann acu scoil a bhunú i 2010.

Eascraíonn an t‑oideachas is fearr as an gcomhphobal agus as toilteanas na dtuismitheoirí páirt a ghlacadh sna próisis bunaithe, bainistíochta agus fealsúnachta agus caomhnaítear an tacaíocht seo trí chóras na bpatrún. Ní ceart go gceistófar an bealach is éifeachtúla le tionchar a imirt ar thodhchaí ár bpáistí ar bhonn eacnamaíochta. Bréagnaíonn cinneadh an Aire gan aon ghaelscoil nua a oscailt i 2010 gealltanas an Rialtais tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus é a chothú mar a leagadh síos i Straitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

Beidh GAELSCOILEANNA TEO.  ag lorg tuilleadh soiléirithe ón Roinn maidir leis na gcritéir a tugadh san áireamh agus an cinneadh seo á dhéanamh faoin bplean Soláthar Bunoideachais do 2010, agus leanfar leis an stocaireacht le gaelscolaíocht a chur ar fáil mar rogha do pháistí na tíre.

Críoch

Eolas sa bhreis:

Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.

01 4773155 nó 086 8050335

Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO.

0879467700