Méid an Téacs

Ealaín Sráide ag Paráid Fhéile Ealaíon Chathair na Mart

Meán Fómhair 25, 2015

Beidh failte roimh chách go Paráid Fhéile Ealaíon Chathair na Mart Dé Domhnaigh 4.10.15 le breathnú ar obair ealaíne sráide de chuid Stát Neamshpleách Sonais ag obair taobh le Buachail Mór Mhacnas is le páistí bhunscoileanna uile an cheantair.

Tuilleadh eolais maidir leis an imeacht ag an nasc thíos:

http://westportartsfestival.com/?portfolio=macnas-parade

Tá an Stát Neamshpleách Sonais ag obair chomh maith ar thionscadal ollmhór dátheangach Gàidhlig le píosaí ealaíne is dráma sráide a fhorbairt le thart 46 aisteoirí, damhsóirí is stiltealaíontóírí óga ó thrí chompántas ealaíne óige, le haghaidh Paráid Oíche Samhna a bheidh ar siúl ó 6pm, Dé hAoine,31ú Deireadh Fómhair i bPáislig, díreach 10 nóiméad sa charr ó Aerfort Ghlaschu na hAlban. Le cois iompróirí na lóchran atáthar ag cruthú freisin, beidh thart faoi 116 duine ag glacadh páirte sa pharáid seo agus ag obair go díreach lena n-ábhar, is 46 culaith éagsúla lámhdhéanta dá gcuid.

Stàit Neo-Eisimeileach Sonais & PACE Youth Theatre Halloween Stilters