Méid an Téacs

Gairmscoil Chú Uladh – Bliots Cispheile

Bealtaine 25, 2010

Bhí tri scoil san iomlán páirteach sa chomórtas, Pobalscoil Gaoth Dobhair, Gairmscoil Srath an Urláir agus muid fhéin, Gairmscoil Chú Uladh. B’ iad na príomh spriocanna den la na deis a thabhairt do na girseacha fheabhas a cur ar a gcuid scileanna cispheile ina dteannta lena gcuid Gaeilge. Cuireadh béim ar leith, Gaeilge a úsáid mar mheán cumarsáide le linn an lae. Bhain na girseacha uilig tairbhe as an imeacht o thaobh an Gaeilge de. Fiú amháin na girseacha on scoil bhéarla in san dóigh is nach raibh faitíos orthu an Gaeilge a úsáid. San iomlán bhí atmaisféir spreagúil agus dearfach le feiceáil sna cluichí iomaíoch, spórtúil agus siamsúil.

Meánscoil Gharman – Díospóireacht

Bealtaine 25, 2010

Thug an Dara Bliain ó Ghaelcholáiste Chill Dara cuairt ar Mheánscoil Gharman in Inis Cóirthidh i Loch Garman. Bhí cúpla imeacht eagraithe don lá ach an chéad cheann a bhí ann ná an dá scoil ag dul i gcoinne a chéile i ndá dhíospóireacht. Tar éis am lóin bhí Dáta Daill ar siúl. Bhí ár Cilla Black féin againn don lá, Séamus ó GCCD. Chuir sé na cailíní is na buachaillí in iúl don lucht féachana is chuir sé iad ar a suaimhneas! Ag deireadh an lae fuair na buaiteoirí ón díospóireacht comhraimh agus fuair na daltaí a ghlac páirt bosca seacláide. Bhí sé soiléir ag deireadh an lae go raibh an-lá ag gach duine agus b’fhiú an imeacht. Tá an nasc idir an dá scoil níos láidre agus tá súil ag gach éinne go leanfaidh sé ar aghaidh sa todhchaí.

Gaelscoil Adhamhnáin – Cuairt Scoile

Bealtaine 25, 2010

D’imir siad cluichí boird istigh sa seomra ranga agus cluichí spóirt sa halla. Tar éis am sosa bhí tráth na gceist sa halla againn. Bhí beirt pháiste ó Bhunscoil Cholmcille agus beirt ó Ghaelscoil Adhamhnáin ar gach fhoireann. Ní raibh muid amuigh mar gheall ar an drochaimsir ach tar éis am lón bhí cluiche bingo sa rang agus féasta beag, chomh maith le bronnadh na nduaiseanna. Bhain idir daltaí agus múinteoirí an-sult as an lá, agus tá sé ar intinn againn bheith i dteagmháil trí ríomhphost amach anseo.

An Mhodhscoil – Bliots Liathróid Láimhe

Bealtaine 25, 2010

Bain na daltaí ar fad an-sult as agus bhí deis acu bualadh lena chéile agus Gaeilge a labhairt lena chéile i suíomh spraíúil. Bhí seans ag cuid de na daltaí sa lucht féachana cluichí a imirt in aghaidh a chéile chomh maith. Bhí lá iontach againn le chéile agus tá sé beartaithe againn é a dhéanamh arís sa téarma earraigh.

Scoil Lorcáin agus Gaelscoil Thaobh na Coille – Lá idirscoile

Bealtaine 25, 2010

Tháinig 90 páiste as Scoil Lorcáin agus Gaelscoil Taobh na Coille le chéile chun aithne a chur ar chéile trí cheardlanna ealaíne a dhéanamh. Lá gan téacsleabhair agus cóipleabhair – bhíodar ar bís! Roinneadh suas na páistí i dtrí chuid idir bhuachaillí agus chailíní. Bhí orthu eolas a bhailiú faoina chéile agus rún éigin fúthu féin a roinnt – caitheamh aimsire srl. Ansin lean siad orthu ag cur aithne ar a chéile i rith an lae; sna ceardlanna, ag spraoi sa chlós agus ag ithe bunóga agus criospaí! Rinneadar ceardlann drámaíochta le Marc as Branar, ceardlann damhsa agus ceoil le Clodagh Nic Gabhann agus ceardlann ealaíne leis an ealaíontóir clúiteach Carol Cronin.

Gaelscoil Riabhach – Lá Scátála

Bealtaine 25, 2010

Le maoiniú ó Ghaelscoileanna Teo. d’eagraigh Gaelscoil Riabhach agus Gaelscoil Riada lá scátála i gcathair na Gaillimhe ar an 17ú Mí na Nollag. Bhí sceitimíní ar na páistí go léir, mar nach raibh éinne acu i ndiaidh a bheith ag scátáil oighir ariamh. Nach iontach é go raibh scoil Ghaeltachta ag dul scátáil ag an am céanna. Ní raibh Béarla ar bith le cloisteáil ar an oighear-rinc! Canadh agus ceol nollag a bhí le cloisteáil ar an mbus abhaile, agus an t-aon cheist ag bhí ag na páistí uilig ná “An bhfuil cead againn dul arís!”.

Coláiste an Phiarsaigh – Comórtas Caide agus Cispheile

Bealtaine 25, 2010

Comórtas caide is cispheile a bhí sa tsiúl againn is do ghlac idir chailíní is bhuachaillí ó mheánscoileanna lán -Ghaelainne páirt sna comórtaisí. Bhí an aimsir go haoibhinn is do chabhraigh sé sin go mór le imeachtaí an lae. B’iontach an céiliúradh é is tá súil agam go leanfaidh an fraidisiún ar aghaidh ia ar aghaidh.

Siollabas nua le plé

Bealtaine 20, 2010

Beidh cruinniú náisiúnta á thionól ar maidin inniu ag Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, in Órán Mór, i gCo. na Gaillimhe. Beidh sé ann chun moltaí agus tuairimí na múinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta maidir leis na dúshláin agus na himpleachtaí a bhaineann leis an siollabas nua Gaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta a bhailiú.  Reáchtálfar an cruinniú i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Tá Meitheal Ghaeilge Ardteistiméireacht Ardleibhéal (ATAL) bunaithe, idir ionadaithe ó Ghaelscoileanna Teoranta, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, COGG, agus ionadaithe aonair.  Deir Cathaoirleach na Meithle Gaeilge, Anna Ní Ghallachair, ó Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, go dteastaíonn ón Mheitheal Ghaeilge ATAL go ndéanfaí “freastal ceart san Ardteistiméireacht do dhaltaí ar ardchumas Gaeilge, bíodh siad sin sa Ghaeltacht nó lasmuigh di”.

Dar leis an Meitheal Ghaeilge ATAL nach bhfuil siollabas nua na Gaeilge san Ardteistiméireacht ag tabhairt aitheantais cuí do chainteoirí ó dhúchas, do dhaltaí na Gaelscolaíochta nó do dhaltaí cumasacha eile, ar mhian leo staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, ar leibhéal a thabharfaidh deis dóibh an teanga a shealbhú mar is ceart.
Ó Mheán Fómhair seo chugainn, beidh 40% de na marcanna i scrúdú Ardteistiméireachta na Gaeilge ag dul don bhéaltriail, agus 10% ag dul don triail chluastuisceana.  Is cúis imní don Mheitheal Ghaeilge ATAL nach bhfuil soiléiriú curtha ar fáil go fóill ón Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an gcóras measúnaithe a bheidh á chur i bhfeidhm don siollabas nua, agus don bhéaltriail ach go háirithe.  Dar leis an Mheitheal go mbeidh an-tionchar ag  an gcóras measúnaithe ar an mbealach a dhéanfar an teanga a theagasc sna scoileanna.
Tá tacaíocht faighte ag Meitheal Ghaeilge ATAL ó eagraíochtaí Gaeilge eile, Comhar na Múinteoirí Gaeilge ina measc dá éileamh ábhar nua, Saíocht agus Litríocht na Gaeilge, a chur ar fáil.
Deir Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Mheitheal na Gaeilge ATAL, gurb é ‘an rud is tábhachtaí ó thaobh an tsiollabais de, ná go mbeadh cúrsa Gaeilge ann a bheadh dúshlánach go leor do dhaltaí díograiseacha, chun an cúlra teanga ceart a thabhairt dóibh le go mbeidh siad in ann tabhairt faoi na hábhair eile trí Ghaeilge ag an dara leibhéal, feidhmiú go cumasach sa teanga, agus tabhairt fúithi mar ábhar acadúil ag an tríú leibhéal más é sin atá uathu’.

Foinse
19 Bealtaine 2010

Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

Bealtaine 13, 2010

Tá áthas ar COGG a fhógairt go bhfuil dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile Gaeltachta agus lán-Ghaeilge á eagrú arís i mbliana. Tá an cúrsa a reáchtáil i gcompháirtíocht le Gaelchultúr Tta. Níl aon táille le híoc ar an gcúrsa.

Ionad:     Coláiste de hÍde, Bóthar Thigh Motháin, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24.
Dátaí:      16-20 Lúnasa 2010 ( Luan-Aoine)
Am:         9.30am- 3.30pm

Ábhar an chúrsa:
Dianchúrsa Gaeilge leis na múinteoirí a ullmhú d’fheidhmiú trí Ghaeilge sa scoil- i seomra na foirne, le daltaí timpeall na scoile, le tuismitheoirí.
Scríobh na Gaeilge maidir le litreacha/nótaí/fógraí.
Gaeilge ábhar bunaithe don teagasc- téarmaíocht, cur i láthair ceachtanna, nótaí teagaisc agus eile.

Tá foirm chláraithe iniata leis seo agus bheinn buíoch díot ach cóipeanna de a scaipeadh i measc na foirne. Is féidir é a sheoladh ar ais chuig COGG, 22 Plás Mhic Liam, BÁC 2 nó ar facs chuig 01 634 1002 nó is féidir an fhoirm a íoslódáil ó www.cogg.ie agus a sheoladh ar ríomhphost chuig eolas@cogg.ie

Feachtas le hábhar nua Gaeilge a chur ar fáil don Ardteist

Bealtaine 12, 2010

TUARASCÁIL: TÁ FEACHTAS láidir ar bun chun tabhairt ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ábhar nua, Litríocht agus Saíocht na Gaeilge, a chur ar fáil don Ardteistiméireacht.

Chun a míshástacht leis an “chéim síos” don litríocht san Ardchúrsa Gaeilge a chur in iúl don Aire Oideachais chomh maith le polaiteoirí eile, oideachasóirí, lucht tríú leibhéal agus daoine eile ar spéis leo todhchaí na teanga, bunaíodh Meitheal Ghaeilge ATAL, ar a bhfuil ionadaithe ó Ghaelscoileanna, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Comhairle Oideachais Gaeilge agus Ghaeltachta.

Ba mhian le Meitheal go ndéanfadh freastal ceart ar dhaltaí na Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge agus ar scoláirí ar mian leo staidéar ceart a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá 95 faoin gcéad de na múinteoirí Gaeilge sna coláistí lán-Ghaeilge ag tacú leis an éileamh.

Is í Áine Ní Ghallchóir ó Ionad na dTeangacha Nua in Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad atá ina cathaoirleach ar Mheitheal. Dar leis an ghrúpa “ní aithníonn an siollabas nua Gaeilge go bhfuil cainteoirí ó dhúchas, daltaí na Gaelscolaíochta ná daltaí cumasacha agus díograiseacha eile ann ar féidir leo agus ar mian leo caighdeán ard maidir le teanga agus saíocht na Gaeilge a bhaint amach ag deireadh an dara leibhéal oideachais”.

Tá siad den tuairim go ndéanfaidh sé “dochar don Ghaeilge, mar theanga phobail, mar ábhar scoile agus mar ábhar acadúil muna gcuirtear clár níos téagartha ar fáil go comhuaineach leis an siollabas seo”.

Tá Meitheal ag éileamh ar an Roinn Oideachais imlitir 20/2010 a tharraingt siar nó ábhar nua – Saíocht agus Litríocht na Gaeilge – a chur ar fáil agus an ceart ag gach dalta an t-ábhar breise seo a dhéanamh in éineacht leis an nGaeilge agus 200 pointe a bheith ar fail dó.

I litir a chuir Meitheal amach chuig na scoileanna iarbhunleibhéil lán-Ghaeilge iarradh ar na múinteoirí Gaeilge aiseolas a thabhairt faoi leasuithe an Roinn Oideachais ar an siollabas agus a dtuairimí faoin chúrsa nua, atá á éileamh ag Meitheal, a chur in iúl. Tá 90 faoin gcéad acu den tuairim nach bhfuil dóthain dúshláin ag baint leis an chúrsa nua. Tá os cionn 90 faoin gcéad míshásta le gach gné den chúrsa agus deir 95 faoin gcéad acu gur mhaith leo ábhar nua.

Ó d’eisigh an Roinn Oideachais an siollabas leasaithe do scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta i lár mhí an Mhárta tá míshásamh léirithe ag eagraíochtaí éagsúla agus ag daoine aonair, an tAire Gaeltachta Pat Carey ina measc, faoin laghdú suntasach ar an litríocht sa chúrsa, go mórmhór sa chúrsa ardleibhéil.

Sa siollabas nua, a bheidh i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn, agus a ndéanfar scrúdú air i 2012, beidh 40 faoin gcéad de na marcanna ag dul don bhéaltriail agus 10 faoin gcéad eile don triail chluastuisceana. Tá an cúrsa litríochta gearrtha siar do shleachta gearra as saothair phróis agus roinnt dánta agus gan ach 16 faoin gcéad de na marcanna ag dul dó.

Tá laghdú ar líon na bhfocal atá le scríobh san aiste ó 600 focal go 400 focal agus deireadh le Stair na Gaeilge. Ciallaíonn na hathruithe seo go bhféadfadh duine pas, nó fiú Grad C, a fháil san Ardchúrsa Gaeilge ar chumas cainte agus tuisceana amháin.

Agus daltaí ar thóir pointí do chúrsaí tríú léibhéal is beag spreagadh atá sa chúrsa chun forbairt a dhéanamh ar scríobh agus léamh na teanga agus tuiscint cheart a fháil ar oidhreacht liteartha na Gaeilge.

IS í Fíona Uí Uiginn, múinteoir Gaeilge i gColáiste Íosagáin agus ball de Bhord Stiúrtha Ghaelscoileanna, rúnaí Mheitheal agus tá taithí 30 bliain aici ag múineadh Gaeilge i scoileanna éagsúla.

“Ní fheileann an cúrsa litríochta atá sa siollabas leasaithe do dhaltaí na Gaeltachta ná na nGaelcholáistí toisc nach bhfuil dóthain litríochta ann ná aon dúshlán ag baint leis an méid atá ann,” a dúirt sí le Tuarascáil. “Ar an drochuair, níor thapaigh an Roinn Oideachais an deis leasú a dhéanamh ar an siollabas litríochta áit a raibh géarghá leis. Tá an méid céanna litríochta le clúdach ag na daltaí seo fós ach tá laghdú suntasach ar an méid atá le déanamh ag an dalta ardleibhéil.

“De bharr na n-athraithe seo fágfaidh na scoláirí an scoil gan aon tuiscint acu ar an saibhreas liteartha atá sa Ghaeilge ná aon tuiscint ar oidhreacht liteartha agus chultúrtha na teanga. Cruthóidh sé sin fadhb mhór dóibh siúd gur mian leo leanacht leis an nGaeilge ag an tríú leibhéal.

“Ní bheidh na scileanna i léamh agus scríobh na teanga acu a mbeifí ag súil leo ag leibhéal na hollscoile. Níos measa ná sin ní bheidh na scileanna teanga ag na scoláirí sna scoileanna Gaeltachta nó sna Gaelcholáistí le tabhairt faoi ábhair mar Stair, Eacnamaíocht, Tíreolas, Gnó ag leibhéal na hArdteistiméireachta. Ní chreidim gur féidir linn na scileanna sin a thabhairt dóibh leis an siollabas seo.”

Is trí Bhéarla a dhéantar an teagasc in 85 faoin gcéad de na scoileanna iarbhunleibhéil sa Stát agus, ag cruinniú a d’eagraigh Comhar na Múinteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath le déanaí, thug formhór na múinteoirí a bhí i láthair le fios go raibh siad sásta leis an siollabas nua. Bhí ionadaithe ón eagras ar an ghrúpa a dhréachtaigh an siollabas nua.

Dúirt Anna Davitt, príomhfheidhmeannach Chomhar na Múinteoirí Gaeilge go raibh a lán de na múinteoirí den tuairim go raibh an iomarca litríochta ar an chúrsa roimhe seo. Ag an am céanna tuigeann an t-eagras go bhfuil gá le cúrsa a mbeadh níos mó téagair ann do dhaltaí a bhfuil ardleibhéal Gaeilge acu agus tacaíonn an eagraíocht le héileamh Mheitheal ábhar nua, Saíocht agus Litríocht na Gaeilge, a chur ar fáil.

Tugann Mícheál Ó Ruairc cúrsaí do mhúinteoirí ar fud an Stáit ar son Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus deir sé gurb í tuairim thromlach na múinteoirí a fhreastlaíonn ar na cúrsaí go bhfuil an siollabas nua níos fearr ná an an ceann a bhí ann.

Chuir an méid a bhí le scríobh faoin litríocht agus san aiste a lán daltaí ó dhoras, a dúirt sé agus is é an toradh a bhí air gur roghnaigh siad an t-ardchúrsa a dhéanamh in ábhar eile.

B’údar imní dóibh, áfach, a laghad ama (15 nóiméad) atá leagtha síos don bhéaltriail agus 40 faoin gcéad de na marcanna ag dul dó.

Cé go bhfáiltíonn Meitheal roimh an bhéim ar an teanga bheo sa siollabas nua is údar imní dóibh nach léir, go dtí seo, cén córas monatóireachta a bheidh i bhfeidhm chun cumas cainte na ndaltaí a mheas sa bhéaltriail. Go dtí seo níl aon treoir tagtha ón Roinn Oideachais faoi sin.

Faoi láthair, déanann daltaí idirbhliana i roinnt scoileanna an scrúdú cainte, a eagraíonn Ionad na dTeangacha Nua i Maigh Nuad ar a dtugtar Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG).

Tá córais mheasúnachta TEG ceangailte leis an bhfráma comónta Eorpach a mhol Coimisiún na hEorpa i 2001 chun gur féidir cumas cainte an fhoghlaimeora i dteanga Eorpach amháin a chur i gcomparáid lena chumas i dteanga Eorpach eile.

Irish Times – MÁIRÉAD NÍ CHINNÉIDE

« Previous PageNext Page »