Méid an Téacs

Siollabas nua le plé

Bealtaine 20, 2010

Beidh cruinniú náisiúnta á thionól ar maidin inniu ag Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, in Órán Mór, i gCo. na Gaillimhe. Beidh sé ann chun moltaí agus tuairimí na múinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta maidir leis na dúshláin agus na himpleachtaí a bhaineann leis an siollabas nua Gaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta a bhailiú.  Reáchtálfar an cruinniú i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Tá Meitheal Ghaeilge Ardteistiméireacht Ardleibhéal (ATAL) bunaithe, idir ionadaithe ó Ghaelscoileanna Teoranta, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, COGG, agus ionadaithe aonair.  Deir Cathaoirleach na Meithle Gaeilge, Anna Ní Ghallachair, ó Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, go dteastaíonn ón Mheitheal Ghaeilge ATAL go ndéanfaí “freastal ceart san Ardteistiméireacht do dhaltaí ar ardchumas Gaeilge, bíodh siad sin sa Ghaeltacht nó lasmuigh di”.

Dar leis an Meitheal Ghaeilge ATAL nach bhfuil siollabas nua na Gaeilge san Ardteistiméireacht ag tabhairt aitheantais cuí do chainteoirí ó dhúchas, do dhaltaí na Gaelscolaíochta nó do dhaltaí cumasacha eile, ar mhian leo staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, ar leibhéal a thabharfaidh deis dóibh an teanga a shealbhú mar is ceart.
Ó Mheán Fómhair seo chugainn, beidh 40% de na marcanna i scrúdú Ardteistiméireachta na Gaeilge ag dul don bhéaltriail, agus 10% ag dul don triail chluastuisceana.  Is cúis imní don Mheitheal Ghaeilge ATAL nach bhfuil soiléiriú curtha ar fáil go fóill ón Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an gcóras measúnaithe a bheidh á chur i bhfeidhm don siollabas nua, agus don bhéaltriail ach go háirithe.  Dar leis an Mheitheal go mbeidh an-tionchar ag  an gcóras measúnaithe ar an mbealach a dhéanfar an teanga a theagasc sna scoileanna.
Tá tacaíocht faighte ag Meitheal Ghaeilge ATAL ó eagraíochtaí Gaeilge eile, Comhar na Múinteoirí Gaeilge ina measc dá éileamh ábhar nua, Saíocht agus Litríocht na Gaeilge, a chur ar fáil.
Deir Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Mheitheal na Gaeilge ATAL, gurb é ‘an rud is tábhachtaí ó thaobh an tsiollabais de, ná go mbeadh cúrsa Gaeilge ann a bheadh dúshlánach go leor do dhaltaí díograiseacha, chun an cúlra teanga ceart a thabhairt dóibh le go mbeidh siad in ann tabhairt faoi na hábhair eile trí Ghaeilge ag an dara leibhéal, feidhmiú go cumasach sa teanga, agus tabhairt fúithi mar ábhar acadúil ag an tríú leibhéal más é sin atá uathu’.

Foinse
19 Bealtaine 2010