Seastáin agus Fógraí
Beidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG ar siúl in Óstán an Clayton, Gaillimh, ar an Aoine, an 16 Samhain 2018. Freastlaíonn ionadaithe ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre ar an ócáid bhliantúil seo. Táthar ag súil go mbeidh 300 toscaire i láthair ag Tionól Forbartha 2018.
Tugann an Tionól Forbartha deis uathúil d’eagraíochtaí agus comhlachtaí eolas maidir lena gcuid seirbhísí agus táirgí d’earnáil an oideachais lán-Ghaeilge a chur os comhair múinteoirí, príomhoidí, taighdeoirí agus daoine eile. Arís i mbliana, beidh rogha deiseanna maidir le fógraíocht:
Seastán a ghlacadh sa Taispeántas Seastán
nó/agus
Fógra a ghlacadh i gclár an Tionóil
Eolas:
Peigí Ní Chonghaile | peigi@gaeloideachas.ie | 087 9452452