Méid an Téacs

Téarmaí agus coinníollacha: Fógraí

Tá  spás do 7 bhfógra ar díol i lámhleabhar an Tionóil mar seo a leanas:

  • spás leathanaigh  A5
  • i nGaeilge amháin agus léamh profaí déanta ag an bhfógróir féin
  • leagan portráide a bheidh iontu
  • lán-daite

Táillí:

  • Eagraíocht dheonach/neamhbhrabús: €150
  • Eagraíocht tráchtála: €300

Critéir Roghnúcháin:

  1. Tabharfar tús áite d’eagraíochtaí agus comhlachtaí a chuireann seirbhísí agus/nó táirgí Gaeilge ar fáil d’earnáil an oideachais lán-Ghaeilge. Beidh deis cur síos a dhéanamh sa bhfoirm iarratais ar an gcineál seirbhíse/táirge a chuireann do chomhlacht/eagraíocht ar fáil.
  2. Dáilfear spásanna bunaithe ar an gcritéir thuas bheith i bhfeidhm agus ar bhonn tús freastail de réir am agus dáta a bhfaightear an fhoirm iarratais idir 17ú Meán Fómhair ag a 12.00 meánlae agus 24ú Meán Fómhair ag 14.00 i.n.

Chun iarratas a dhéanamh:

  • Má tá suim agat fógra  a ghlacadh  i Lámhleabhar na Comhdhála, beidh an nasc beo ar bhun an leathanach seo ar 17 Meán Fómhair ag 12.00 meánlae go dtí 24 Meán Fómhair ag 14.00in.
  • Má éiríonn le d’iarratas cuirfear ar an eolas tú ar an Aoine 28 M.F. chomh maith le sonraí & spriocdháta íocaíochta. Cuirfear na comhlachtaí nár éirigh leo ar an eolas chomh maith.

Polasaí Cealaithe

Sa chás go dtarlaíonn rud éigin nach bhfuil tú ag súil leis agus nach féidir leat an fógra a chur ar fáil do Lámhleabhar an Tionóil, ní mór duit an fógra a chur ar ceal trí ríomhphost a scríobh chuig eolas@gaeloideachas.ie. Ní féidir seo a dhéanamh thar an bhfón.

Aisíocfaidh Gaeloideachas do tháille fógraíochta go hiomlán má fhaightear fógra i scríbhinn roimh an 19 Deireadh Fómhair 2018. Má fhaightear fógra i scríbhinn i ndiaidh an 19 Deireadh Fómhair, ní dhéanfar aon aisíocaíocht.

Forchoimeádann Gaeloideachas an ceart againn clár an Tionóil Forbartha a leasú de réir mar is gá ag brath ar chúinsí éagsúla nach mbeifear ag súil leo roimh na hócáide.

Eolas:

Peigí Ní Chonghaile | peigi@gaeloideachas.ie | 087 9452452