Méid an Téacs

Buntáiste eacnamaíochta an oideachais dátheangaí aitheanta ag Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo.

Samhain 13, 2008

 

Déardaoin, 13 Samhain, 2008 – 1400

BUNTÁISTE EACNAMAÍOCHTA AN OIDEACHAIS DÁTHEANGAÍ AITHEANTA AG COMHDHÁIL BHLIANTÚIL GAELSCOILEANNA TEO.

Díríonn eochairchaint na Comhdhála ar thábhacht oideachais na dteangacha

 

Ní mór béim mhéadaithe a chur ar bhuntáistí a bhaineann le múnla láidir dátheangach laistigh de chóras oideachais na hÉireann.  Is é seo príomhthéama an eochairchaint ag Comhdháil Oideachais agus Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. a reáchtálfar i mBaile an Bhiataigh, Co na Mí maidin amárach (Dé hAoine, 14 Samhain) a thabharfaidh Colin Baker, Ollamh Oideachais agus Leas-Seansailéir in Ollscoil Bangor.

 

"Tá fianaise bailithe ag an mBanc Domhanda go bhfuil buntáistí eacnamaíochta ag baint le hoideachas dátheangach i bhfianaise go spreagann sé daoine chuig ard-ghnóthachtáil, go gcothaíonn sé líon lucht oibre oilte agus go laghdaíonn sé dífhostaíocht", dar leis an Ollamh Baker.  "Tá tuiscint níos fearr ar chultúir éagsúla, cumas níos fearr i bhfoghlaim teangacha eile agus buntáiste an mhargaidh domhanda a chuireann luach sa bhreis ar ilteangachas ag páistí a théann tríd an gcóras dátheangach, a bhfuil an múnla tumoideachais in Éirinn mar dhea-shampla de."

 

"Tá saincheisteanna ann faoin tacaíocht pholaitiúil agus eacnamaíochta a éilíonn an t-oideachas dátheangach ach de réir mar a ardaítear leibhéil gnóthachtála na ndaltaí, bainfear amach cost-éifeachtacht go fadtréimhseach.  Tá suntas nach beag aige seo in Éirinn, le foilsiú na tuairisce OECD an tseachtain seo ach go háirithe inar  chríochnaigh Éire ag bun thábla teangeolaíochta an OECD a nochtaigh cumas comhrá sa dara teanga."

 

"Is duine de phríomh-údaráis domhanda ar oideachas dátheangach é an tOllamh Baker", dar le hUachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin.  "Míneoidh sé cur chuige thíortha eile ar cheisteanna oideachais dátheangach i 2008 agus an comhaontú uilíoch ar luach an luath-thumoideachais mar mhúnla rathúil oideachais.  Láidreoidh a chuid saineolais ár gcás ar son an luath-thumoideachais mar rogha sna scoileanna agus cur i gcoinne an rialtais ina chuid iarrachtaí deireadh a chur leis seo sna scoileanna lán-Ghaeilge".

 

Tá ‘Ag Cothú Pobail le Gaeilge’ roghnaithe mar théama na Comhdhála.  I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil i mbliana, tá:

 

  • Scoilphobal labhartha Gaeilge a chothú lasmuigh den seomra ranga.

 

  • An tábhacht a bhaineann le teagmháil le cultúir éagsúla agus an

        t-oideachas dátheangach mar thagarmharc idirchultúrachais.

 

  • An cur chuige i leith múineadh pháistí le riachtanais speisialta ag an mbun agus ag an Iar-bhunleibhéil.  

 

Anuas air seo, foilseoidh GAELSCOILEANNA TEO. Plean Straitéiseach na heagraíochta don chéad trí bliana eile, cuid de chlár a bheartaíonn níos mó ná 20 bunscoil lán-Ghaeilge nua agus 10 scoil lán-Ghaeilge nua ag an iar-bhunleibhéal a bhunú thar an chéad cúig bliana eile. 

 

Is é an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’ Keeffe a osclóidh an Chomhdháil go hoifigiúil.

 

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin

 

Críoch

 

Le haghaidh eolais sa bhreis nó chun agallamh leis an Ollamh Colin Baker nó le Mícheál Ó Broin a shocrú, déan teagmháil le:

 

Rob Hartnett

Stiúrthóir, Hartnett McClure PR ag (086) 3851955, rob@hmpr.ie