Méid an Téacs

Comórtas aistriúcháin an AE

Samhain 29, 2010

An 23 Samhain, rinne nach mór 3,300 déagóir ó ar fud an Aontais Eorpaigh a scileanna teanga a thriail i gcomórtas le haghaidh scoileanna atá á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach den cheathrú bliain i ndiaidh a chéile, is é sin Juvenes Translatores nó an Comórtas d’Aistritheoirí Óga. Reáchtáladh an comórtas ag an am céanna sna scoileanna ar fad, ó Kittilä i Laplainn na Fionlainne go Limassol na Cipire. Mhair an triail dhá uair an chloig, ón 10 a chlog ar maidin go dtí meán lae am na Bruiséile, agus ba iad na scoileanna féin a rinne maoirseacht uirthi.

“Is cúis mhór áthais dom a mhéid scoileanna atá ag iarraidh a bheith páirteach sa chomórtas. Tá méadú 13% tagtha ar líon na rannpháirtithe i gcomparáid leis an mbliain seo caite agus beidh 60 scoil sa bhreis, nach mór, páirteach an babhta seo,” a dúirt Androulla Vassiliou an Coimisinéir um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus Óige. “Is deis iontach é do dhaoine óga dul in iomaíocht leis na daltaí is fearr ó thíortha eile ó thaobh a scileanna teanga de. Léiríonn sé freisin a thiomanta atá údaráis oideachais agus múinteoirí d’fhoghlaim teangacha.”

Chuir breis is 1,600 scoil iarratas isteach ar an gcomórtas agus déanfaidh aistritheoirí gairmiúla ó Ard‑Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin na haistriúcháin a mheas agus a mharcáil. Roghnóidh giúiré an chomórtais an t-aistriúchán is fearr ó gach Ballstát agus fógrófar na buaiteoirí i mí Feabhra 2011.

Dála mar a rinneadh na blianta eile, tabharfar cuireadh do na buaiteoirí teacht chuig searmanas bronnta sa Bhruiséil chun a nduaiseanna a fháil ó Androulla Vassiliou, an Coimisinéir um Oideachas, Cultúr, Ilteangachas agus Óige, agus chun bualadh le haistritheoirí de chuid an AE.